LÉIRMHEAS: B’fhiú do na Deaideonna lácha uilig an leabhar seo a léamh do na gasúir bheaga

Caint nádúrtha atá in ‘An Nollaig Abú’ agus tá pictiúir áille spleodracha ann

LÉIRMHEAS: B’fhiú do na Deaideonna lácha uilig an leabhar seo a léamh do na gasúir bheaga

An Nollaig Abú
Brian Ó Baoill agus Colm Ó hEartáin
Foilsithe ag Coiscéim

Is iomaí sin scéal agus scannán againn i dteangacha eile faoi dhaoine cróga a shábháil an Nollaig agus nach iad páistí an domhain a bhí buíoch díobh.

Bhuel má tá aon duine ag fanacht le Daidí na Nollag i do theachsa féadfaidh tú iad a mhealladh a chodladh agus an scéal seo a léamh dóibh.

Bhí na síofraí dána santach agus iad tuirseach ag sclábhaíocht i monarcha na mbréagán ag an Mol Thuaidh agus shocraigh siad Saintí a sháinniú istigh ina cheardlann agus é a phréachadh ansin agus ní bheadh aon bhronntanais ag gasúir an domhain agus bheidís uilig ag an triúr bligeard iad féin.

Ach fág faoin tsióigín chliste Titimín agus an buachaillín mánla Lughaidh é mar bhailíodar leo ina gcurach go dtí an Mol Thuaidh le húdar na géarchéime a aimsiú.  Agus ar ndóigh tháinig Daidí na Nollag an oíche sin, mar a thiocfaidh i mbliana má bhí sibh deas múinte le bliain. Ná bíodh aon imní oraibh faoi na dailtíní dána – tá siad go muineál in aoileach agus ag píceáil caca i scioból na bhfianna.

Deaideo agus a gharmhac a scríobh an leabhar seo agus b’fhiú do na Deaideonna lácha uilig atá thart é a léamh do na gasúir bheaga.  Caint nádúrtha atá ann agus bheadh gasúir ocht nó naoi de bhlianta in ann é a léamh as a stuaim féin. Pictiúir áille spleodracha sa leabhar a rinne Dómhnall Ó Bric.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: B’fhiú do na Deaideonna lácha uilig an leabhar seo a léamh do na gasúir bheaga'