LÉIRMHEAS: Ag tuile agus ag trá a bhí ‘Taoide’ ar TG4

Tá treoraí maith againn ar ‘Taoide’ ach ina ainneoin sin agus na seatanna áille, téann cúrsaí chun leadráin uaireanta

LÉIRMHEAS: Ag tuile agus ag trá a bhí ‘Taoide’ ar TG4

Bhí an dara gála den tsraith Taoide againn ar TG4 Déardaoin. Is comhghuaillíocht idirnáisiúnta de TG4, BBC Alba, BBC Thuaisceart Éireann S4C agus an comhlacht Síneach LIC a mhaoinigh an tsraith trí chlár seo.

I dtosach an chláir fógraíonn an láithreoir, Macdara Ó Cuaig, go húdarásach go bhfuil tuairim is leath de dhaonra an domhain buailte fúthu cois cósta. Dá réir sin tá tionchar nach beag ag imeacht agus teacht na taoide, ní hamháin ar mhúnlú an tírdhreacha, ach ar shaol cultúrtha agus eacnamaíoch na bpobal éagsúil.

Maíonn Macdara go mbeimid “ag foghlaim faoi na scéalta agus an eolaíocht a bhaineann le ceann de na fórsaí is rúndiamhaire agus is ársa ar chlár na cruinne”. Muireolaí agus cainteoir dúchais Gaeilge é Ó Cuaig agus léiríonn a reacaireacht dheisbhéalach go bhfuil tuiscint dhomhain aige ar chúrsaí farraige agus go bhfuil a chroí san ábhar. Déanann sé sinn a stiúradh go heolgaiseach trí na míreanna éagsúla ón tSín, Ceanada, An Bhreatain Bheag, An Ísiltír agus Éire.

Sa ghála seo dírítear orthu siúd ar a n-imríonn an taoide tionchar ar a slí bheatha agus a gcaitheamh aimsire. Tugtar léargas ar an dobharshaothrú sa tSín, obair bhád farantóireachta i gCaol Reithe in Alban, an mhuirchosaint san Ísiltír agus iascaireacht i mBá Fuindí i gCeanada.

D’fhéadfaí clár ann féin a dhéanamh ar Fhínis, oileán amach ó chósta Chonamara ar féidir siúl chuige nuair bhíonn sé ina lag trá. Ba iad teaghlach Sheáin Uí Chonghaile an dream deireanach a thréig an t-oileáin i 1983 agus labhair sé siúd, agus Marcus Ó hIarnáin, go maoithneach faoin saol ar an oileán nuair a bhí sé i mbarr a réime. Tá iníon le Seán buailte fúithi ar an oileán anois, rud a chuireann gliondar air. Bhaineas súp as caint Mharcuis is é ag caint ar na hoíchteanta go mbíodh ‘time’ acu; ’sé sin oícheanta cuileachta, ceoil agus óil.

Bhainfeadh na seatanna aeir áille den oileán agus den uisce gorm turcaide d’anáil díot. Meabhraítear áilleacht thírdhreach na tíre seo dúinn i rith an ama agus ós rud é go mbeidh an tsraith á craoladh in go leor tíortha  thar lear is uirlis chumhachtach mhargaíochta a bheadh inti do thionscal na turasóireachta.

Tugtar turas chomh maith ar Oileán Iomaí, oileán eile a nochtar conair chuige i lag trá. Uair sa bhliain bíonn rásaíocht chapall ar an trá. Arís eile tá seatanna cuidsúlacha de thírdhreach an cheantair fad is atá Joe Cosgrove ag cur síos ar an imeacht bliantúil seo. 

I gclár eipeasóideach den saghas seo, ar léir gur comhfhiontar idir craoltóirí é, ní haon ionadh go mbeadh codanna áirithe níos fearr ná a chéile. Go deimhin d’imigh cúpla mír chun leadráin orm. Ní haon ionadh ach an oiread gur mó de bhlas a bheadh ag an Éireannach ar na míreanna ó chósta an oileáin seo.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Ag tuile agus ag trá a bhí ‘Taoide’ ar TG4'