Léiriú cás Jim Gavin go bhfuil smacht caillte ag gnáthbhaill Fhianna Fáil ar an bpáirtí – Ó Cuív

Deir an t-iar-aire rialtais agus iar-leascheannaire ar Fhianna Fáil go bhfuil ‘fadhb’ sa pháirtí le blianta fada toisc go bhfuil ‘an chumhacht ar fad sa lár’

Léiriú cás Jim Gavin go bhfuil smacht caillte ag gnáthbhaill Fhianna Fáil ar an bpáirtí – Ó Cuív

Taispeánann cinneadh Jim Gavin éirí as toghchán na huachtaránachta “cé chomh lochtach is a bhí an próiseas roghnúcháin”, dar le hiar-leascheannaire de chuid Fhianna Fáil.

Dúirt an t-iar-aire rialtais Éamon Ó Cuív gur fágadh an próiseas roghnúcháin “ródheireanach” agus go mba cheart go mbeadh “próiseas oscailte” ann mar a bhíodh ag Fianna Fáil roimhe seo.

“Thaispeáin sé cé chomh lochtach is a bhí an próiseas. Bhí mé ag rá i gcaitheamh an tsamhraidh gur cheart go mbeadh próiseas oscailte ann agus fágadh ródheireanach é. Nuair a bhí a n-iarrthóir roghnaithe ag Fine Gael sa samhradh agus ansin nuair a d’éirigh sí as bhí an deis acu duine eile a chur chun cinn – ní raibh an deis sin againn,” a dúirt an t-iar-aire Gaeltachta le Tuairisc.

Dúirt sé go bhfuil “fadhb” taobh istigh den pháirtí le blianta fada toisc go bhfuil “an chumhacht ar fad sa lár” agus nach bhfuil smacht ag gnáthbhaill an pháirtí ar an méid a thiteann amach níos mó.

“Ceann de na fadhbanna i bhFianna Fáil le blianta fada ná go bhfuil an chumhacht ar fad i lár an pháirtí. Níl an chumhacht a bhí ag na baill fadó fanta acu níos mó,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Cuív go bhfuil “an-trua” aige do Jim Gavin cé nach bhfuil aithne dá laghad aige ar an iar-iarrthóir toghcháin. Dúirt sé go bhfuil aithne aige ar dheartháir Gavin, Brian Ó Gaibhín, atá ina stiúrthóir ar Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin, agus gur “fear uasal ó theaghlach uasal” a bhí ann.

“Is dóigh go gcaithfidh cruinniú a bheith ag an bpáirtí parlaiminte anois, ach caithfidh an dream atá i gceannas i ndáiríre, an ard-chomhairle, teacht le chéile agus féachaint an bhfuil na próisis atá ag an bpáirtí ag obair.

“Nuair a bhíodh na coinbhinsiúin ann fadó le hiarrthóirí toghcháin a roghnú, bhí torthaí i bhfad níos fearr sna toghcháin uachtaránachta,” a dúirt Ó Cuív.

Anois agus fógartha ag Jim Gavin nach mbeidh sé ag seasamh don toghchán níos mó, dúirt Ó Cuív gur cheart go bhfágfaí vóta ghnáthbhaill Fhianna Fáil “fúthu féin” agus nach mbeadh sé ag súil le treoir ó cheannasaíocht an pháirtí.

“Ní athróidh sé mórán sa rás, ón méid a bhí le feiceáil sa phobalbhreith ag an deireadh seachtaine. Ní dóigh liom go mbeidh an-tionchar aige, ach ní chuideoidh sé le Heather [Humphreys] mura dtiocfaidh lucht Fhianna Fáil amach.

“Má staonann daoine ó bheith ag vótáil, seans go mbeadh tionchar aige, ach mholfainnse do chuile dhuine vóta a chaitheamh agus d’fhágfainn fúthu féin é cén bealach a vótálfaidh siad,” a dúirt sé.

D’fhógair Jim Gavin oíche Dé Domhnaigh go raibh sé ag tarraingt siar ó thoghchán na huachtaránachta tar éis dó “machnamh fada crua” a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag an bhfeachtas “ar fholláine a theaghlaigh agus a chairde”.

Tháinig an cinneadh sna sála ar an scéal nár chúitigh sé le hiarthionónta dá chuid ró-íocaíocht €3,300 a bhí ag dul dó.

Tuairiscíodh ar The Irish Independent gur sheol an tionónta litreacha ó dhlíodóirí chuig an t-árasán a bhí ar cíos aige ó Jim Gavin, chuig Aeradróm Mhic Easmainn mar a raibh Gavin ag obair, agus chuig teach thuismitheoirí Gavin ach nár freagraíodh na litreacha.

Dúirt an Feisire Eorpach Billy Kelleher, a tháinig sa dara háit sa toghchán inmheánach a reáchtáil Fianna Fáil le hiarrthóir uachtaránachta a roghnú, ar an gclár Morning Ireland inniu gur “teip i ndiaidh teipe” a bhí i gceist sa phróiseas roghnúcháin. Dúirt sé nár fheidhmigh an páirtí “gach dícheall cuí” agus Gavin á mholadh mar iarrthóir. Dúirt sé go ndearna Fianna Fáil “míléamh” ar chúrsaí agus gur bhain “go leor tráma” do Gavin agus a mhuintir dá bharr.

Dúirt John Connolly, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar, go raibh an próiseas roghnúcháin lochtach freisin agus gur fhág an próiseas sin Fianna Fáil sa riocht ina bhfuil an páirtí anois.

“Luaigh mé easpa taithí Jim Gavin nuair a labhair mé leis an Taoiseach. Dúirt sé liom gur fear breá a bhí ann agus go raibh obair mhaith déanta aige.

Dúirt mé leis nach raibh a fhios againn cén chaoi a n-éireodh leis i saol na polaitíochta agus dhearbhaigh sé go mbeadh sé in ann aige.

Luaigh sé Máire Mhic Giolla Íosa in 1997,” a dúirt Connolly, atá ina Theachta Dála don toghcheantar céanna leis an iarrthóir neamhspleách uachtaránachta Catherine Connolly.

Fág freagra ar 'Léiriú cás Jim Gavin go bhfuil smacht caillte ag gnáthbhaill Fhianna Fáil ar an bpáirtí – Ó Cuív'