Léiriú ar shaol nach bhfuil imithe uainn rófhada tugtha in dhá scannán nua

Tugann ‘Small Things Like These’ agus ‘Housewife of the Year’ léargas ar an taobh duairc, dorcha sin den saol a bhíodh ag mná in Éirinn 

Léiriú ar shaol nach bhfuil imithe uainn rófhada tugtha in dhá scannán nua

Chuaigh mé ag dhá scannán i rith na seachtaine a thug siar mé go dtí ré eile in Éirinn – ré na hEaglaise Caitlicí mar údarás ar chuile shórt, ré an bhochtanais, ré na cruálachta, ré ina raibh an chumhacht ar fad ag na fir.

An rud is minice a chloisfidh tú faoin scannán Small Things Like These ná gur deacair a chreidiúint gur tharla a leithéid sna hochtóidí. Agus mar bharr ar an donas, déarfaidh siad, níor dúnadh an ceann deireanach de na Neachtlanna Magdalene go dtí lár na nóchaidí.

Thug mé faoi deara ar an nglúin óg a d’fhreastail ar an scannán eile, Housewife of the Year gur chuir an comórtas féin iontas an domhain orthu agus gur dheacair leo a thuiscint cén fáth ar coinníodh ag imeacht é suas go dtí 1995.

I lár na n-ochtóidí atá scéal Small Things Like These suite. Tá clochar a bhfuil neachtlann Magdalene bainteach leis i lár an bhaile. Ní thugann éinne aon aird ar a bhfuil ag titim amach ann go dtí go ndéanann Bill Furlong beart.

Bhí leithéidí Bill Furlong (Cillian Murphy) ina gcónaí i mbailte ar fud na tíre. Ach bhí Bill Furlong eisceachtúil sa mhéid is go ndearna sé rud éicint nach raibh éinne eile sásta a dhéanamh. Sheas sé suas dá phrionsabail féin, cé go raibh an chontúirt ann go mbainfí díoltas amach air féin agus ar a chlann iníonacha dá bharr.

I gceann de na radharcanna ba mhó a chuaigh i gcion orm, feiceann muid máthair ag tarraingt a hiníne isteach sa gclochar, in aghaidh a tola. Tá an iníon ag scréachaíl agus ag tarraingt na gcos go tréan ach níl aon mhaith di ann.

Chuaigh sé i bhfeidhm orm toisc nach minic a chuirtear aon mhilleán ar thuismitheoirí ná ar mhuintir na gcailíní faoinar tharla dóibh. Ba mhinic gur cuireadh tréimhse ‘príosúnachta’ orthu de bharr go raibh faitíos ar an gclann roimh an eaglais agus gur measadh gur ‘coir’ dho-mhaite a bhí sa mbreith taobh amuigh den phósadh. Chuala muid ar fad na scéalta faoin dream a thugadh ar ais aon duine a bhí ag iarraidh éalú – bhí an pobal trí chéile ag comhoibriú go fonnmhar leis an dream a bhí i mbun na neachtlann.

Shílfeá ar an gcéad amharc nach raibh baint ar bith ag saol spleodrach Housewife of the Year leis an taobh duairc, dorcha sin de shaol na mban in Éirinn.

Sna míreanna poiblíochta a fheicfidh tú ar an scáileán (beidh an scannán le feiceáil go forleathan ón deireadh seachtaine seo), tá caint ar chócaireacht, ar pháistí, ar fhir chéile  agus ar mhórán eile atá tarraingteach, dearfach faoin ré sin.

Thosaigh an comórtas i 1968 agus lean sé ar aghaidh go dtí lár na nóchaidí. Ansin ina lár, sa tsraith teilifíse, feicimid an craoltóir Gay Byrne agus é breá sásta leis féin ag cur agallamh ar na mná faoina saol, faoina gcuid páistí, faoina gcuid scileanna baile. Glacann na mná páirt ann go fonnmhar – nach bhfuil seic £300 agus sorn gáis nua glan as an bpíosa le gnóthachtáil ag buaiteoir an chomórtais?

Bhí duine de na mná a ghlac páirt sa chomórtas ‘Housewife of the Year’ ina suí le mo thaobh sa phictiúrlann. Ba ‘premiere’ é seo don lucht féachana i mBaile Átha Cliath. D’fhiafraigh mé di an mbeadh sí féin le feiceáil sa scannán. ‘Níor ghlac mé páirt ann, cé gur iarradh orm,’ a dúirt sí.

‘Bhí tráma orm ar feadh fiche bliain tar éis an chomórtais,’ arsa sise. Ní raibh sí sásta a inseacht dom cén sórt tráma a bhí ann. Ach chuir a scéal ag smaoineamh mé ar na scéalta éagsúla a bhí ceilte ag cuid de na mná a ghlac páirt ann.

Bhí 11 páiste ag duine de na hiomaitheoirí in imeacht 10 mbliana. Ba chúplaí go leor acu, chomh fada agus a bhí mé in ann a dhéanamh amach. Ar ndóigh nuair a cuireadh tús leis an gcomórtas seo, bhí sé in aghaidh an dlí aon chineál frithghiniúna a úsáid. Taispeánadh clipeanna as cláracha teilifíse san scannán seo, a léiríonn cén sórt saoil a bhí ag daoine ag an am.

I gceann amháin díobh, tá lánúin McStay ag déanamh cás i gcomhair frithghiniúna ar an Late Late Show. Ach trasna uathu tá sagart den seandéanamh, agus a éide sagairt air, ag argóint ina gcoinne.

Is í Ann McStay an bhean chéanna a raibh 11 páiste aici ag an am (bhí beirt eile aici ina dhiaidh sin). Ghnóthaigh sí an comórtas i 1969. Ba ghéar a theastaigh an duais airgid uaithi. Thaitin an t-ól lena fear chéile. Dá mhéad páistí a bhí aici is ea is mó a d’éalaigh seisean amach go dtí an teach tábhairne. In agallamh a rinne sí don scannán seo insíonn sí faoin gcaoi go mbíodh uirthi dul chuig carthanacht áitiúil le béile a bhailiú.

B’éigean do dhaoine a gcuid sáspan a chrochadh leo go dtí an áit sin agus é a thabhairt abhaile ar an mbus, lán le stobhach nó a leithéid. ‘Ar ndóigh bhí boladh an dinnéir ag scaipeadh tríd an mbus, agus bheadh a fhios ag an domhan mór go raibh tú ag brath ar an déirc.’

Insíodh scéal eile, a d’fhéadfadh a bheith tógtha as Small Things Like These. Bhí bean óg amháin an-chairdiúil le scata leads óga óna baile féin. Gan chead, chuadar amach le chéile i gcarr ar thuras lae. Ghlac sí roinnt pictiúr lena ceamara féin agus mar ba ghnách, d’fhág ag an bpoitigéir iad le próiseáil.

Nuair a bhíodar réidh, d’oscail an poitigéir an paicéad grianghraf agus chuir a raibh ann alltacht air. Agus an gceapann tú gur thuairisc sé an ‘scannal’ seo do na tuismitheoirí? Beag an baol. Chuaigh sé go dtí an t-údarás ab airde ar an mbaile, an sagart paróiste.

Cuireadh an bhean óg caol díreach isteach sa neachtlann Magdalene.

Cuireadh deireadh leis an gcomórtas thart ar an am céanna ar thosaigh mná a raibh oideachas orthu ag cur isteach air. Ghnóthaigh bean a raibh céimeanna ardoideachais agus gairm bheatha i saol an airgeadais aici an comórtas agus ní mó ná sásta a bhí an dream a bhí ag streachailt le saol crua gan mórán de mhaoin an tsaoil.

Labhair mé le duine nó beirt de na mná tar éis an léirithe. D’inis bean amháin dom go raibh cúigear clainne aici, duine i ndiaidh duine eile toisc gur dhúirt an sagart paróiste léi go gcasfaí na páistí nach raibh aici uirthi ag geataí na bhFlaitheas. Chuir sin sceon inti.

Labhair mé le duine eile de na buaiteoirí a raibh muirín mhór uirthi. Nuair a bhí na páistí tógtha, chuaigh sí ar ais ag an scoil agus ansin ag an gcoláiste agus tá sí ag obair ó shin mar oifigeach parúil sa chóras príosúin. Tá sí ag obair léi agus í imithe thar aois an phinsin. Tá a chead sin aici toisc go bhfuair sí an post ar dháta áirithe. ‘Taitníonn an obair liom,’ a dúirt sí. ‘Tá mé tuisceanach ach tá mé díreach le gach duine. Tá saol caite agam agus tuiscint agam ar an saol.’

Agus céard faoi mo chailín nár glac páirt sa scannán? Cad atá ar siúl aici? Caitheann sí féin agus a fear céile leath na bliana ag obair ar pháirc saoire gar do Bharcelona. Cónaíonn siad i dteach soghluaiste ansin. Ach níl aon chuimhní sona aici faoin gcomórtas mór spleodrach sin a ‘cheiliúir’ ról na mná tí.

Fág freagra ar 'Léiriú ar shaol nach bhfuil imithe uainn rófhada tugtha in dhá scannán nua'