Leascheannaire Fhianna Fáil Dara Calleary ceaptha ina urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta

Ábhar díomá a bheidh ann don Teachta Dála Aindrias Ó Muineacháin nach bhfuair sé an post ar shíl go leor gurbh é an duine ab oiriúnaí chuige

Leascheannaire Fhianna Fáil Dara Calleary ceaptha ina urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta

Dara Calleary. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá leascheannaire Fhianna Fáil Dara Calleary ceaptha ina urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta ag Fianna Fáil.

Beidh Calleary ina urlabhraí gnóthaí pobail agus tuaithe chomh maith.

Bhíothas ag súil le fógra le tamall faoi cé a thiocfadh i gcomharbacht ar Éamon Ó Cuív mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí.

Bhí rogha an pháirtí teoranta go háirithe mar gheall ar an easpa Gaeilgeoirí líofa atá acu sa Dáil faoi láthair.

Seachas Ó Cuív féin, ar díbríodh ón mbinse tosaigh é mar gheall gur fhreastail sé ar ócáid toghcháin neamhúdaraithe ó thuaidh, is é Aindrias Ó Muineacháin, an Teachta Dála do Chorcaigh Thuaidh-Thiar, is gníomhaí faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i measc Theachtaí Dála Fhianna Fáil. 

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, áfach, bhí cúrsaí tíreolaíochta ina mbac i gcás an iarbhaill ar Bhord Údarás na Gaeltachta. 

Dá mbeadh ardú céime faighte inniu ag Ó Muineacháin, bheadh seisear den seachtar Teachtaí Dála atá ag Fianna Fáil as Corcaigh ar an mbinse tosaigh. 

Mar sin féin, údar díomá a bheidh ann d’Ó Muineacháin nach bhfuair sé an post ar shíl go leor gurbh é an duine ab oiriúnaí chuige.

Fógraíodh chomh maith tráthnóna go raibh an Teachta Dála John Curran ceaptha ina urlabhraí ar an bPolasaí Náisiúnta Drugaí agus Gnóthaí Uirbeacha.

Fág freagra ar 'Leascheannaire Fhianna Fáil Dara Calleary ceaptha ina urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta'

  • Iorras Domhnain

    I gCeathrú Thadhg agus i gCill Ghallagáin atá an Ghaeilge. Sin an ceantar is mó atá buailte ag an imirce agus an ceantar is lú infheistíochta ón Údaráis.