Léas beag dóchais faoin bprótacal ach cinntí tromchúiseacha le déanamh go luath

Údar faoisimh dá lán an comhráiteas ó Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine agus ionadaí na Bruiséile, an chéad fhógra dearfach le fada san aighneas faoin bprótacal iarBhreatimeachta

Léas beag dóchais faoin bprótacal ach cinntí tromchúiseacha le déanamh go luath

Beidh dea-scéala ag Chris Heaton-Harris, Státrúnaí Thuaisceart Éireann do pháirtithe an Tionóil maidin inniu, Dé Céadaoin, nuair a bhuailfidh siad leis chun sáinn Stormont a phlé. Seachtain ón lá amárach an spriocdháta chun toghchán Tionóil nua a ordú mura mbeifear in ann Feidhmeannas a athbhunú.

Ba chosúil gur ghríos cóngaracht na sprice sin an lucht idirbheartaíochta faoin bprótacal iarBhreatimeachta chun túschéim réitigh a fhógairt tar éis a gcruinnithe i Londain ar an Luan.

Údar faoisimh don a lán i dTuaisceart Éireann ab ea an comhráiteas ó Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, James Cleverly, agus ionadaí na Bruiséile, Maroš Šefčovič. Ní hamháin gurb é an chéad fhógra dearfach é le fada san aighneas ach bhain sé le ceist bhunúsach faoi fheidhmiú an phrótacail.

Dá réir sin, beidh fáil ag an Aontas Eorpach ar chóras teicneolaíochta na Ríochta Aontaithe a thaispeánfaidh gluaiseacht earraí ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann ‘i bhfíor-am’- sé sin nuair atá an ghluaiseacht ag tarlú.

‘Sé an prótacal an socrú conspóideach a aontaíodh idir rialtas Boris Johnson agus an tAE mar chuid de chonradh an Bhreatimeachta. Ba é a aidhm teorainn chrua in Éirinn a sheachaint. Chuige sin, d’fhanfadh Tuaisceart Éireann i margadh aonair an AE ach níor mhór earraí ón mBreatain Mhór a sheiceáil ag calafoirt an Tuaiscirt lena chinntiú nach seolfaí earraí neamhcheadaithe thar teorainn ó dheas, isteach sa mhargadh Eorpach.

Chothaigh feidhmiú an phrótacail fadhbanna praiticiúla go háirithe i dtaca le hearraí a bhí á seoladh ón mBreatain Mhór chuig miondíoltóirí agus ollmhargaí. Mhaígh rialtas Boris Johnson go raibh an prótacal neamh-infheidhmithe agus dhréacht siad bille chun é a chur ar ceal mura ngéillfeadh an tAE dá gcuid éileamh. Ba léir go mbeadh sé riachtanach socruithe a dhéanamh chun cuid de na deacrachtaí a sheachaint; ghlac an tAE, páirtithe frithBhreatimeachta abhus agus rialtas na hÉireann leis sin.

Réiteoidh an socrú faoin gcóras teicneolaíocht faisnéise cuid de na fadhbanna. Cuirfidh sé ar chumas na n-oifigeach custaim idirdhealú a dhéanamh idir earraí a fhanfaidh abhus agus iad sin a bheidh á seoladh thar teorainn ó dheas go dtí an tAE. Ní bheidh gá ansin le diansrianta custaim ar earraí gur le haghaidh úsáide abhus iad.

Bhí rochtain ar an gcóras teicneolaíocht faisnéise sin á héileamh ag an AE ón tús ach ní aontódh rialtas Boris Johnson. Céim chothaithe muiníne is ea a roinnt anois agus táthar ag súil go n-éascóidh sé an obair atá fós le déanamh.

Treiseofar ar na cainteanna teicniúla as seo amach agus buailfidh Maroš Šefčovič agus James Cleverly le chéile arís Dé Luain seo chugainn, trí lá roimh an spriocdháta atá leagtha síos sa reachtaíocht le cinneadh a dhéanamh faoi phairilis Stormont.

Cé go dtugann an prótacal an buntáiste leithleach do Thuaisceart Éireann a bheith i margadh na Ríochta Aontaithe agus i margadh an AE tugann aontachtaithe an t-eiteachas dó. Deir siad go mbaineann sé an bonn de ról Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe toisc go gcuireann sé teorainn i Muir Éireann. Tá baghcat á dhéanamh ag an DUP ar Stormont le bliain beagnach mar agóid in aghaidh an phrótacail.

Tá teipthe ar iarrachtaí rialtas na Breataine go dtí seo an DUP a mhealladh nó iallach a chur orthu filleadh ar Stormont. Bhí súil ag Jeffrey Donaldson go rithfeadh rialtas na Breataine an Bille a bhain na putóga as an bprótacal ach meastar gur chruthúnas é an margadh a fógraíodh Dé Luain gur comhréiteach a theastaíonn ón rialtas reatha faoi cheannas Rishi Sunak. Ceist eile ar fad é an bhfuil an tacaíocht ag Sunak ina pháirtí Caomhach féin chun margadh a dhéanamh a éilíonn solúbthacht ón DUP agus óna gcairde san ERG, an brúghrúpa sna Caomhaigh a d’éiligh Breatimeacht crua.

Díol suntais ab ea é go raibh Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Heaton-Harris i láthair ag an gcruinniú idir Cleverly agus Šefčovič. Iarchathaoirleach ar an ERG é Heaton-Harris agus beifear ag faire go géar féachaint an leanfaidh sé an grúpa sin nó an gcuirfidh se leas Thuaisceart Éireann chun tosaigh.

Léirigh freastal Heaton-Harris ar na cainteanna Dé Luain gur aithin an dá thaobh an phráinn a bhain le scaoileadh na laincise atá ag an bhfeachtas in aghaidh an phrótacail ar Stormont. Maítear gur mhaith leis an dá thaobh Stormont a bheith athbhunaithe faoin 10 Aibreán, cothrom an lae 25 bliain ó rinneadh Comhaontú Aoine an Chéasta. Maítear áfach nach mbeidh bailchríoch ar mhargadh faoin bprótacal faoin am sin cé go bhfuil súil le creatlach nó imlíne réitigh.

Beidh súil ag an Státrúnaí nach mbeidh air cinneadh a dhéanamh faoi thoghchán a ghlaoch nó é a chur ar athlá den dara huair. Chuige sin chaithfeadh an DUP a bheith toilteanach éirí as an mbaghcat ar Stormont, ach ní raibh cosúlacht ar bith ar an scéal go mbeadh Jeffrey Donaldson ná a pháirtí toilteanach é sin a dhéanamh.

Tá cinntí tromchúiseacha le déanamh go luath. Déantar talamh slán de go mbeidh prótacal (leasaithe go trom) dosheachanta. An nglacfaidh Jeffrey Donaldson leis? Má ghlacann, an mbeidh sé in ann é a dhíol lena lucht tacaíochta nó an bhfaighidh sé an íde chéanna a fuair David Trimble, Brian Faulkner agus Terence O’Neill? Má dhiúltaíonn sé dó an mbeidh deireadh le Stormont agus an déabhlóid – an mbeidh Comhaontú Aoine an Chéasta ar lár?

Fág freagra ar 'Léas beag dóchais faoin bprótacal ach cinntí tromchúiseacha le déanamh go luath'

  • Bertie Ó hAinmhire

    Léargas den scoth mar is gnách!