Léargas stuama agus truacánta ar thragóid a bhain le Hairicín Katrina

Léiriú ar theip na n-údarás agus an tsáinn in raibh na daoine a bhí fágtha ar a gconlán féin

Léargas stuama agus truacánta ar thragóid a bhain le Hairicín Katrina

Tá muintir Florida agus Mhurascaill Mheicsiceo taithíoch ar hairicíní; sé nádúr an tsaoil é sa cheantar san. Ina dhiaidh sin féin ní raibh aon choinne ag muintir New Orleans leis an scrios agus an t-uafás a lean Hairicín Katrina in 2005. Nuair a chlis ar leibhéanna cosanta na cathrach fágadh an chathair faoi uisce agus sin é an rud is mó a dhein díobháil. Fágadh córais chumarsáide, leictreachais is iompair na cathrach in aimhréidh.

Mar bharr ar an donas ní raibh práinnfhreagairt na n-eagraíochtaí stáit agus feidearálacha thar mholadh beirte. Fágadh muintir na cathrach in umar na haimléise. Is cuimhin le mórán an fiántas a bhí sa Superdome, áit a dteith na mílte duine ar thóir tearmainn.

Díríonn an tsraith ocht gclár Five Days at Memorial (Apple TV) ar an tragóid a tharla in Ospidéal Memorial sa gcathair. I dtosach an chéad ghála címid daoine gléasta i gcultacha hazmat ag déanamh a slí isteach san ospidéal ar an 11 Meán Fómhair, trí lá dhéag i ndiaidh na tubaiste. Tagann siad ar 45 corp agus ní nach ionadh cuirtear fiosrúchán sa tsiúl. Séard atá sa chuid eile den tsraith ná iardhearcadh ar na laethanta roimhe sin fite fuaite le fianaise na gcarachtar éagsúil.

Sí an dochtúir Anna Pou (Vera Farmiga) agus an t-altra Susan Mulderick (Cherry Jones) na príomhcharachtair. Tá Pou imeallach go maith sa chéad chúpla gála atá scaoilte chugainn go dtí seo ach is de réir a chéile a léireofar a páirt thruacánta féin sa scéal. Go dtí seo is carachtar aontoiseach go maith í; í cráite ach ag iarraidh a dícheall a dhéanamh dá hothair. Aisteoir iontach í Farmiga agus ní féidir a taispeántas a lochtú. 

Seanfhondúir cumasach eile í Jones agus is trí shúile a carachtair siúd is mó a chímid an tubaiste ag tarlú ar dtús. I dtosach tá daoine ábhairín buartha ach éadromchroíoch; níl anseo ach hairicín amháin eile. Is de réir a chéile a chítear rudaí ag dul in olcas agus a léirítear cé chomh heasnamhach is atá na hullmhúcháin. Insítear dúinn nach bhfuil aon phlean aslonnaithe éigeandála ag an ospidéal i gcás tuilte; dearmad do-mhaite i gcás ospidéil atá faoi bhun leibhéal an uisce.

Tosnaíonn rudaí ag dul in olcas go tapa ach is de réir a chéile a thuigeann Susan is a comhghleacaithe go bhfuilid ar a gconlán féin. Teip mhaorlathach eile nach bhfuil aon cheangal nó cumarsáid le dealramh ag Memorial leis an ospidéal príobháideach atá in airde staighre uathu sa bhfoirgneamh céanna. Gné shuimiúil den scéal a cíoradh ná an tslí go raibh ráflaí agus scéalta gan bhunús á scaipeadh faoi na huafáis agus nárbh fheadar do Susan cad a bhí fíor agus cad nach raibh. 

Léargas stuama agus truacánta ar thragóid agus ar theip na n-údarás.  

Fág freagra ar 'Léargas stuama agus truacánta ar thragóid a bhain le Hairicín Katrina'

  • JP

    Fógraíodh ar an raidió san áit go raibh mé an uair sin go mbeadh tíophóin (stádas dearg) chugainn an lá dár gcionn. Is ansin a tuigeadh brí an tseanfhocail dom:
    Cothú na doininne sa tsoineann.
    Scanrúil.