Léargas domhain ar an gcoimhlint ó thuaidh ag Gaeilgeoir a bhí i lár na troda

B’fhiú d’aon duine atá ag iarraidh stair na tíre seo a thuiscint Ón Taobh Istigh le Jake Mac Siacais a léamh

Léargas domhain ar an gcoimhlint ó thuaidh ag Gaeilgeoir a bhí i lár na troda

Ní ionadh ar bith é go bhfuil aird an phobail ó dheas dírithe ar aimhréidh an rialtais, ar an dóchas beag a bhaineann anois le scéal an Covid-19 agus le síorscáth an Bhreatimeachta.

Níl aon phlé á dhéanamh faoin Tuaisceart, ach amháin ag páirtithe an rialtais atá ag iarraidh leas a bhaint as eachtraí thréimhse an fhoréigin le Sinn Féin a lagú – cé nach léir go mbíonn aon toradh ar na hiarrachtaí sin.

Fiú má bhíonn aon chaint faoin scéal in aon chor sa Deisceart, déantar dearmad iomlán nach mór ar náisiúnaithe an Tuaiscirt, orthu siúd a thugann vótaí do Shinn Féin, agus go háirithe orthu siúd a ghlac páirt i bhfeachtas an IRA.

Tá sé níos éasca daoine a dhamnú gan comhthéacs na coimhlinte a scrúdú.

Tá sé tráthúil mar sin go bhfuil deis againn machnamh ar an scéal ó dhearcadh duine de na saighdiúirí Poblachtánacha a bhí ina chime nuair a bhí na stailceanna ocrais ar siúl, fear a bhí ina dhíograiseoir ar son na Gaeilge, ach fear freisin a thuig go raibh ré an fhoréigin thart cé nach raibh ar a chompord le gnéithe den phróiseas síochána de réir mar a tháinig forbairt air.

Ina leabhar cuimsitheach Ón Taobh Istigh (foilsithe i mbliana ag Coiscéim ag €10) tugann Jake Mac Siacais coimriú ar an gcomhthéacs sin: an chos ar bolg a imríodh (agus a imrítear fós?) ar an bpobal náisiúnach, a ról féin sa choimhlint, na díospóireachtaí taobh istigh den Ghluaiseacht Shealadach faoin streachailt armtha agus faoin bpróiseas síochána.

Ní leithscéal faoinar tharla atá sa leabhar, is níl sé ag iarraidh go mbeadh na léitheoirí ar aon tuairim leis-sean maidir leis na gníomhaíochtaí sin. Ach ráiteas lom ionraic atá ann ar ar tharla, ar dhearcadh na ndaoine a bhí páirteach sa troid agus faoinar theastaigh uathu a bhaint amach.

Sin bua an leabhair, mar tugann sé léargas dúinn ar dhream daoine machnamhacha, den chuid ba mhó, a bhí tiomanta ní hamháin d’athaontú na hÉireann ach do chothrom na Féinne a bhaint amach do chách i bhfíorPhoblacht.

Níl seicteachas ag baint leis an gcur síos seo, cé nach léir go bhfuil tuiscint iomlán aige ar an bpobal Protastúnach. Mar sin féin is tráthúil dúinn cuimhneamh nach iad na Protastúnaigh a d’fhulaing an leatrom, an chos ar bolg agus an easpa measa ach na náisiúnaithe.

Tugann Jake cuntas freisin ar an mbrúidiúlacht a cleachtadh i gcoinne na gcimí, agus ar ndóigh i gcoinne an phobail náisiúnaigh freisin – cé nach luaitear sna meáin abhus ach ar éigean ainmneacha na ndaoine a mharaigh arm na Breataine nó a gcuid giollaí sna buíonta armtha dílseoirí.

Tá cur síos spéisiúil ann ar an nGaeilge ó thuaidh, i mBéal Feirste go háirithe, agus is fiú an leabhar seo a léamh ar a shon sin amháin.

Ach is dócha gur mó an spéis a chuirfear sa chuntas atá aige ar na díospóireachtaí – sa phríosún agus i measc an phobail – a bhí mar chúlra ag an bpróiseas síochána.

Arís is léir gur daoine machnamhacha iad na saighdiúirí Poblachtacha seo, gur chíor siad na moltaí bunaithe ar a ndearcadh féin i leith na saoirse. Míníonn Jake go raibh trí mhórghrúpa ann: iad siúd nár theastaigh uathu glacadh leis go raibh ré an fhoréigin thart; iad siúd a ghlac leis go raibh sé riachtanach go ndéanfaí an comhghéilleadh a rinneadh maidir le harmlón, póilíneacht is eile; agus iad siúd a thuig go raibh ré na coimhlinte thart ach nach raibh sásta leis an gcaoi a raibh an próiseas síochána ag dul.

Bhí Jake féin sa tríú grúpa seo. Agus tá ceist aige: an mó dul chun cinn atá déanta ag an bpobal náisiúnach maidir le cothrom na Féinne, maidir le comh-mheas agus maidir le feabhas a chur ar an saol in iarthar Bhéal Feirste, an áit is boichte sna sé chontae.

Tá sé ceart go leor ag Micheál Martin a bheith ag caint bladair is ag gaotaireacht faoi Oileán Roinnte le Chéile, ach ní thugann sé aghaidh ar bith ar na buncheisteanna seo, agus aird á díriú i gcónaí aige ar íogaireacht na nAontachtóirí.

Ní sheachnaíonn Jake na ceisteanna seo, is ní sheachnaíonn sé ach an oiread an dubh pearsanta a tháinig air go minic.

Molaim go hard an leabhar seo d’éinne atá ag iarraidh meon na bPoblachtach ó thuaidh a thuiscint agus d’éinne atá ag lorg eolais faoin gcaoi ar cuireadh an próiseas síochána chun cinn. Tabharfaidh sé tuiscint duit freisin ar uaisleacht – sea, uaisleacht – na ndaoine a bhain leis an ngluaiseacht seo. Agus bainfidh aon duine atá ag iarraidh polaitíocht is táir na tíre seo a thuiscint tairbhe as.

Fág freagra ar 'Léargas domhain ar an gcoimhlint ó thuaidh ag Gaeilgeoir a bhí i lár na troda'