Léargas ar chaighdeán na hiománaíochta sa Ghaillimh i láthair na huaire

Cé go bhfuil Craobh Iomána na hÉireann buaite trí huaire déag ag cumainn ón nGaillimh, tá an chuma ar an scéal go bhfuil caighdeán na himeartha tite sa chontae le blianta beaga anuas

Léargas ar chaighdeán na hiománaíochta sa Ghaillimh i láthair na huaire

Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Tá sé dhá scór bliain ó bhuaigh club ón nGaillimh comórtas sinsir na hÉireann den chéad uair. An Caisleán Gearr, club na gConnollys, a thug leo corn Tommy Moore ar an ócáid stairiúil sin.

Ó shin i leith tá trí chraobh déag buaite ag clubanna ón nGaillimh, ach thóg sé níos mó ná deich mbliana eile ar chlub ón gcontae an gaisce a dhéanamh arís. Is iad Cill Tormóir a rinne an beart an uair sin, séasúr 1991/92. Idir sin agus 2013/14 bhuaigh clubanna éagsúla ón gcontae an comórtas dosaen eile uair.

Chailleadar cúig chraobh san achar ama sin freisin.

Ach tá siad fágtha dealbh ó shin cé go raibh Cumann Naomh Tomás sa chluiche ceannais i gcoinne Bhaile Héil dhá bhliain ó shin.

Dar ndóigh is iad Baile Héil ríthe an chomórtais agus ocht gcraobh buaite acu óna gcéad cheann i 1981. Bhíos féin ag imirt sa chluiche sin agus Cumann Barra Naofa ag iarraidh an dá chraobh club a thabhairt leo an bhliain chéanna.

Sa dara háit ar liosta na mbuaiteoirí, tá Biorra agus Port Omna le ceithre chraobh agus ina ndiaidh-san tá Baile Átha an Rí agus an Charraig Dhubh i gCorcaigh le trí cinn. Tá péire buaite ag na Sáirséalaigh agus ceann an club ag an gCaisleán Gearr, Droichead an Chláirín, Gort Inse Guaire, Baile Locha Riach agus Cumann Naomh Tomás.

Faraor ní bheidh aon chraobh chúige nó craobh na hÉireann againn i mbliana ach, mar a bhíonn gach bliain, beidh an-mheas i mbliana ar chraobh an chontae agus suim ag gach aon imreoir atá ag imirt ag an leibhéal sin bonn an chontae a bheith acu. Bhí tráth ann nuair nach raibh an meas sin ag daoine ar chraobh na hÉireann na gclubanna. Nuair a cuireadh tús leis an gcomórtas i 1970/71 ní raibh aon dáta buan aige ar an bhféilire.

Bhí comórtas an Bhóthair Iarainn fós ar siúl ar Lá le Pádraig cé go raibh an tsuim a bhí ag daoine ann ag laghdú. Luaigh mé cheana anseo gur imir mo club cluiche leathcheannais Domhnach Cásca 1978 agus cluiche ceannais lá arna mhárach, Luan Cásca. Ní bhíodh mórán ómóis do na himreoirí an uair sin.

Mheasas féin nach gcaití mórán airgid ar na boinn féin a bhronntaí ar na buaiteoirí na laethanta sin. N’fheadar an bhfuil sé sin athraithe ó shin? Níl aon dabht ach gur fhás an tsuim a bhí ag daoine sa chomórtas nuair a socraíodh Lá le Pádraig mar dháta buan dó.

Ach dar ndóigh tá athrú tagtha air sin arís agus Cumann Lúthchleas Gael ag iarraidh na comórtais go léir a chríochnú taobh istigh de bhliain.

Feicfimid conas mar atá caighdeán na hiománaíochta sa Ghaillimh i láthair na huaire agus dhá chlub thar a bheith láidir san iomaíocht i gcraobh an chontae an deireadh seachtaine seo. Na Sáirséalaigh agus Port Omna a bheidh le feiscint iarbheo amárach ar TG4. Dar ndóigh tá sé bliana is fiche caite ó bhuaigh na Sáirséalaigh a gcraobh dheireanach agus tá cúig bliana caite ó bhuadar craobh an chontae. In 2013 a thug Port Omna craobhacha an chontae agus na tíre leo. Mar bhónas, beidh seans againn freisin súil a chaitheamh ar Joe Canning.

Beidh roinnt cluichí eile á gcraoladh ag TG4 an deireadh seachtaine seo chomh maith.

Fág freagra ar 'Léargas ar chaighdeán na hiománaíochta sa Ghaillimh i láthair na huaire'

  • Seán Fennell

    Loch gCaol, Aontroim, buaiteoirí Chraobh na hÉireann faoi dhó!
    Cúige eile ar fad, tuigim, ach éacht amach is amach do na hUltaigh.

    Sleacht Néil…..go dóchasach, an chéad iarraidh eile, muna mbeidh Baile Heil sa bhealach!