‘Leanbh tabhartha’ Bill Gates agus Peig Sayers agus ‘The State Papers of a Forgotten and Neglected People’

Ní haon ionadh gur cuireadh Cnuasach Bhéaloideas Éireann le Clár Cuimhne an Domhain UNESCO anuraidh, a deir ár gcolúnaí a bhfuil cos amháin aige i saol na nua-theicneolaíochta, agus cos eile sa tseana-shaol

‘Leanbh tabhartha’ Bill Gates agus Peig Sayers agus ‘The State Papers of a Forgotten and Neglected People’

Cuirtear im’ leith ar uairibh gur saghas leanbh tabhartha a bheadh ag Bill Gates le Peig Sayers mé, ó tá cos amháin agam i saol na nua-theicneolaíochta, agus cos eile sa tseana-shaol. Mac beirt tuismitheoirí mé; an Samsung Galaxy i nglaic amháin agam, agus Seanchas ón Oileán Tiar sa cheann eile.

Agus mé ag treabhadh agus ag fuirseadh i réimse an bhéaloidis agus na heitneolaíochta, is breá liom ar fad an earraíocht atá á baint le déanaí as an nua-theicneolaíocht chun saibhreas an Chnuasaigh Bhéaloidis atá againn in Éirinn a chur os comhair an tsaoil. I gCnuasach Bhéaloideas Éireann, atá i gcoimeád ar champas Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath i Belfield, tá timpeall dhá mhilliún leathanach lámhscríbhinní, ocht míle grianghraf, dhá mhíle dhéag uair a’ chloig de thaifid fuaime, agus an t-iliomad ábhair inspéise eile. Tá ar an mbailiúchán is saibhre, agus is tábhachtaí ar domhan, maidir le saol na cosmhuintire le céad go leith bliain anuas.

Bhíodh sé de nós coitianta tamall maith de bhlianta ó shin le cnuasaigh agus bailiúcháin mar seo, agus ag scoláirí áirithe, a bheith caomhnaitheach nó sprionlaithe fiú, leis an ábhar a bhí bailithe. Bhí an baol aon go bhfágfaí an saibhreas sin ar sheilfeanna, ag bailiú smúite, agus gan aon léas ag an gcosmhuintir chéanna ónar bailíodh an t-ábhar ar an tseanchas a bailíodh óna sinsear. Ach ní hamhlaidh a bhí leis na Stiúrthóirí agus an fhoireann i Lárionad Uí Dhuilearga do Bhéaloideas na hÉireann agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann, aon uair a gheibheas chucu, agus ní hamhlaidh atá anois, agus scata tograí ar siúl chun an t-ábhar a scaipeadh i measc na ndaoine.

Tá an suíomh idirlín www.duchas.ie ina sheod ar fad sa réimse seo, mar is eol do léitheoirí Tuairisc.ie. Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), i gcomhar le Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), atá i mbun na hoibre seo, agus maoiniú á fháil acu ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta), ó UCD agus ó Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann. Cuireadh tús leis an suíomh cúpla bliain ó shin, agus ábhar digitithe ó Bhailiúchán na Scol (1937-39) curtha ar fáil ann. Ina theannta san, cuireadh meitheal i mbun oibre chun tras-scríobh a dhéanamh ar na lámhscríbhinní, rud a dhéanfaidh é i bhfad níos éasca do dhaoine teacht ar ábhar sa bhailiúchán. Tá os cionn ceathrú milliún cuntas difriúil ar fáil ar an suíomh- scéalta, seanchas, orthaí, paidreacha, oidis, amhráin, dánta, agus scata eile nach iad. Chaithfeá do shaol ar fad á léamh, agus ní bheadh soicind curtha amú agat.

Anuraidh, cuireadh bailiúchán ríshaibhir leis an suíomh – nach mór deich míle grianghraf ó bhailiúchán pictiúr an Chnuasaigh. Tá anseo blaiseadh de na grianghraif a thóg leithéidí Chaoimhín Ó Danachair, Leo Corduff, Carl Von Sydow agus Séamas Ó Duilearga féin. Táid rangaithe de réir na dtéamaí agus na dteideal ábhair atá leagtha amach ag Seán Ó Súilleabháin ina leabhar A Handbook of Irish Folklore, agus léiriú iontu ar gach gné de shaol na cosmhuintire sa chéad leath den bhfichiú haois, saol atá chomh fada uainn ar na saolta seo, is atá an réiltín ón Spáinn.

Ach tá sa bhreis air sin á dhéanamh ag lucht an tsuímh chun saibhreas an Chnuasaigh a scaipeadh. Roinntear grianghraf, nó giota seanchais, ar na meáin shóisialta gach lá (@duchas_ie, agus go deimhin roinneadh cuntas an Chnuasaigh féin, @bealoideasucd, ábhar chomh maith), rud atá ag tarraingt airde ar an gCnuasach, agus ag cur daoine ina threo, daoine ná beadh ar an eolas fé roimhe seo.

Ina theannta san ar fad, tá an podchraoladh Blúiríní Béaloidis, a chuireann Jonny Dillon agus Claire Doohan, ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, i láthair. Seoidíní eile iad na podchraoltaí seo, a chuireann ábhar ó oidhreacht bhéil na tíre i láthair i stíl neamhfhoirmeálta, shnasta, ábhar ar leith á phlé acu ar gach craoladh. Cén áit eile a bhfaighfeá téamaí ar nós an bhó i dtraidisiún na hÉireann, liosanna, an ghealach, agus scata eile. Tá Blúiríní Blasta ar fáil ar Soundcloud agus ar iTunes.

Ní haon ionadh gur cuireadh Cnuasach Bhéaloideas Éireann le Clár Cuimhne an Domhain UNESCO anuraidh mar aitheantas ar an “tábhacht dhomhanda” agus “an luach domhanda thar na bearta don chultúr” atá ann. Bhí ceiliúradh á dhéanamh ag deireadh na bliana anuraidh ar an bhfile Patrick Kavanagh, ach is beag duine a luaigh an cuntas tarcaisneach aineolach a thug sé ar an gCnuasach, in alt a scríobh sé san Irish Times i 1939, inar dúirt sé ‘not only is this stuff culturally useless, it is definitely harmful. Let Dr. Deleargy (sic) say what he may, this weighty collection is a rubbish-heap that sooner or later will have to be destroyed’.

I gcoinne na cainte aineolaí úd cuirim an ráiteas seo, ó Shéamas Ó Duilearga féin, a chreidim a bheith níos gaire den bhfírinne: ‘In this historical lumber-room of forgotten lore – of traditions, songs, tales, music, dance, peasant crafts and agricultural methods – there is much rich material not only for the historian but for the student of the Irish language and literature and for the  artist, the poet and the economist. These tales, songs and traditions are indeed the State Papers of a forgotten and neglected people.’

Fág freagra ar '‘Leanbh tabhartha’ Bill Gates agus Peig Sayers agus ‘The State Papers of a Forgotten and Neglected People’'