LÉAMHTHUISCINT: Tír álainn na hAfganastáine ar anchaoi

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Tír álainn na hAfganastáine ar anchaoi

Tá an tír go hálainn, a deir an fear óg, agus luann sé sléibhte ársa an Hindu Kush. Aontaíonn a chomrádaí, atá níos sine, leis. Is tír álainn í, a deir sé, cinnte, ach amháin go dtagann tíortha eile ann le dul i mbun cogaíochta. Ag caint faoina dtír dhúchais, an Afganastáin, a bhí an bheirt.

Tá Éire go hálainn freisin, a deir an duine is sine agus meangadh air. Is beag atá feicthe acu den tír seo fós mar níl siad i bhfad anseo, ach tá an fharraige feicthe acu, rud a chuir iontas agus gliondar orthu – tír gan aon chósta í an Afganastáin.

Is ag fanacht i dtithe éagsúla atá an bheirt le roinnt seachtainí anuas ó d’éirigh leo teitheadh óna dtír dhúchais tar éis d’fhórsaí an iarthair agus na hAfganastáine an áit a fhágáil i lámha an Taliban.

Tá céim ag an duine is óige den bheirt agus, go dtí mí Lúnasa seo caite, d’oibrigh sé in oifig comhlachta in gCabúl, príomhchathair na tíre. Nuair a tháinig an Taliban, ghabhadar a raibh de threalamh agus eile san oifig agus chuireadar an ruaig ar chuile dhuine a bhí ag obair san áit agus dhúnadar í.

Bhíodh an fear óg ina chónaí lena mhuintir amuigh faoin tuath, áit a bhfuil a athair ina fheirmeoir beag ag tógáil caorach agus ag cur barraí agus glasraí. Anois tá sé ag fanacht go sealadach le lánúin phósta in Éirinn.

An Pheirsis teanga dhúchais an fhir óig. Is Moslamach é a chleachtann a chreideamh, agus caitheann sé tréimhsí chuile lá ag guí. Ní bhlaiseann sé de dheochanna meisciúla.

Fear séimh, lách, gealgháireach é. Is duine cliste, meabhrach é freisin agus, cé nach ndearna sé staidéar ar an mBéarla ar scoil, tá sé in ann roinnt den teanga sin a labhairt agus cuid mhaith de a thuiscint agus ba mhaith leis feabhas a chur ar an méid atá aige. Chuige sin, bíonn fear an tí ag tabhairt corrcheacht Béarla dó.

Bhíodh sé de nós ag an lánúin breathnú ar an nuacht teilifíse um thráthnóna le linn dóibh a bheith ag ithe a ndinnéir. Anois agus an fear óg ag ithe ina dteannta bíonn leisce orthu an nuacht a chur ar siúl. Ní fios cén drochscéal faoin Afganastáin a thiocfadh chun cinn.

Ní hé go bhfuil an fear óg aineolach ar an méid atá ag titim amach sa mbaile. Tá fón cliste aige agus bíonn sé i dteagmháil lena mhuintir, ag labhairt leo ar fhísghlaonna.

Ach is deacair na drochscéalta nuachta a sheachaint agus gorta ag bagairt ar an tír. Tá rabhadh tugtha ag an gClár Domhanda Bia (an WFP) go bhfuil an ghéarchéim ag treisiú san Afganastáin agus go bhfuil gorta i ndán do 23 milliún de mhuintir na tíre sin (as daonra de 40 milliún, de réir mheastacháin na Náisiún Aontaithe).

Agus é ag labhairt ar an mBBC mí na Samhna, bhí an tuairisceoir John Simpson, a bhfuil taithí na mblianta aige san Afganastáin, chomh corraithe sin go raibh na deora leis agus é ag cur síos ar an gcaoi ina bhfuil rudaí sa tír sin.

D’inis Simpson faoi bhaintreach a bhí beo bocht agus seachtar clainne uirthi a dhíol an méid a bhí aici ar bheagán dollar le go bhféadfadh siad taisteal 300-400 ciliméadar ó dheas ag ceapadh go bhfaigheadh sí obair ag baint prátaí ach ní raibh aon obair ar fáil. Agus Simpson ag tuairisciú, bhí an bhean sin agus a clann ina gcónaí i bpuball.

Ó am go ham tugann fear óg na hAfganastáine blúiríní eolais uaidh. Nuair a tháinig an Taliban, chuireadar péint bhán ar na ballaí chun aon phictiúr nó múrmhaisiú a bhí orthu a chlúdach. Níl léamh ná scríobh ag cuid acu. B’éigean dá dheirfiúr a post a fhágáil nuair a tháinig an Taliban i réim.

Níl cumhacht aibhléise ar fáil ach ar feadh trí uair an chloig in aghaidh an lae in áiteanna. Níl aon phá faighte ag fear a bhíodh ina ollamh san ollscoil in gCabúl ó mhí Lúnasa seo caite agus tá sé ag brath ar fheirmeoir le bia a sholáthar dá theaghlach. Mar íocaíocht ar an mbia, cuireann sé ranganna ar fáil, ach is faoi cheilt ón Taliban atá na ranganna sin mar is iad clann iníonacha an fheirmeora atá á múineadh aige.

Agus muintir na hÉireann ag ceannach don Nollaig, tá sé ag cur sneachta i gCabúl agus costas breosla agus bia ardaithe go mór. D’ardaigh praghas an bhia suas le 20% le roinnt laethanta anuas. Is ar éigean go bhfuil go leor daoine in ann íoc as an arán anois agus daoine ag cuartú bia sna cannaí bruscar.

Bhí na hospidéil in Kandahar i ndeisceart na tíre lán, triúr páistí i chuile leaba agus iad ag fulaingt de bharr an mhíchothaithe.

Tá go leor ban curtha as a gcuid post agus i go leor cásanna ba iad na mná sin is mó a bhí ag tuilleamh airgid dá gcuid teaghlach. Tá na feirmeoirí thíos leis freisin mar gheall ar an triomach. Dá mbeadh $220 milliún dollar ar fáil in aghaidh na míosa d’fhéadfaí bia a sholáthar don daonra atá i mbaol. Shábhálfadh $100 duine amháin ón ngorta ar feadh bliana. Níl ar chumas an Taliban bia a dháileadh, ach seans go dtuigeann siad cé chomh dona is atá cúrsaí agus go mbeadh siad sásta seasamh ar leataobh le go bhféadadh dreamanna eile sin a dhéanamh.

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana:

  1. Cén fáth ar theith an bheirt fhear seo as an Afganastáin?
  2. Cén teanga dhúchais atá ag an bhfear óg?
  3. Conas nach bhfuil an comhlacht a raibh sé ag obair dóibh ann níos mó?
  4. Cén difríocht mhór atá idir tíreolaíocht na hÉireann agus na hAfganastáine?
  5. Bíonn drogall ar mhuintir an tí tearmainn an nuacht a chur ar siúl. Cén fáth?
  6. An mbíonn mórán teagmhála ag na teifigh lena muintir ina dtír dhúchais? Conas?
  7. Cén fáth a raibh na deora leis an iriseoir ar an BBC?
  8. Luann an fear óg cuid de pholasaí an Taliban. Ainmnigh dhá ghníomh dá gcuid.
  9. Tabhair dhá chúis leis an ngorta atá ag bagairt ar an Afganastáin?
  10. Dá mbeadh ortsa teitheadh as Éirinn go dtí an Afganastáin, cad iad na dúshláin is mó a bheadh le sárú agat?

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

meangadh gáire, um thráthnóna, múrmhaisiú, ar éigean, faoi cheilt, taithí na mblianta, i mbun cogaíochta.

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sárchéim aidiachta sa chead alt
  • An bhfeiceann tú aon aidiacht bhriathartha sa dara halt?
  • Faigh ainm briathartha sa téacs seo
  • Aimsigh comhfhocal san alt
  • I rith (an mhí)
  • Le linn (an chogaíocht)
  • Áilleacht (an Afganastáin)

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Tír álainn na hAfganastáine ar anchaoi'