LÉAMHTHUISCINT: TG4 25 Bliain ar an bhfód

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: TG4 25 Bliain ar an bhfód

Fiche bliain ag fás, a deirtear, agus fiche bliain faoi bhláth. Tá TG4 faoi bhláth dá réir anois agus cuid mhaith dos na constaicí a bhí roimhe ag an tús sáraithe. I ndáiríre, tá éacht déanta nuair a chuimhnítear ar an oiread dúshlán a bhí roimhe cúig bliana is fiche ó shin agus an canbhás bán os a chomhair amach maidir le struchtúr, teicneolaíocht, bainistíocht agus maoiniú. Anuas air sin bhíothas ag dul i gcomórtas le domhan mór ilchanálach a bhí ag méadú de réir an lae móide na forbairtí sna meáin shóisialta a bhí le teacht.

Bhí íomhánna éagsúla ag gach éinne i dtaobh cad ba chóir a bheith ann ag an am, agus bhí sé deacair teacht ar chomhthuiscint faoi cheisteanna praiticiúla, fiú cén t-ainm a bheadh air – Teilifís na Gaeltachta nó Teilifís na Gaeilge? Ceist chonspóideach go leor, ach ceann a réitigh Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir nuair a thug sé TnaG air.

Ach bhí gach éinne aontaithe faoin mbunphrionsabal nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag an teanga ón dá chainéal ag RTÉ, in ainneoin gach iarracht is íobairt, agus go gcaithfí cainéal ar leith a bhunú chun freastal ar an saol Gaelach, go háirithe ar na leanaí óga agus a dtuistí a bhí ag snámh in aghaidh an easa len iad a thógaint le Gaeilge. Is as san a bunaíodh Feachtas Náisiúnta Teilifíse mar ghluaiseacht náisiúnta aontaithe éifeachtach ar éirigh leis dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí na tíre.

Anois agus an tseirbhís ann le 25 bliain, ní féidir a rá go bhfuil gach ní foirfe. Tá míshástacht ann faoi anáil an Bhéarla a bheith ar chuid dos na cláracha, sna fógraí agus sna fotheidil – rud  a thugann le tuiscint go bhfuil an Ghaeilge fós uiríseal agus tánaisteach. Ach ar an dtaobh eile, caithfear a admháil go bhfuil na cláracha spóirt, ceoil agus faisnéise ag mealladh pobail i bhfad níos leithne ná pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, go n-aithnítear anois TG4 mar chuid lárnach de shaol na teilifíse agus nach gcloistear ‘TG Four’ a thuilleadh ach go hannamh.

Tá 25 bliain slánaithe ag TG4. Comhghairdeas léi. Go maire sí an céad agus níos mó!

Ag féachaint siar thar an gceathrú céid dom, is léir go bhfuil éachtaí go leor bainte amach ag TG4 agus go bhfuil fíorúdar ceiliúrtha ag an stáisiún. Ar an gceann is mó, b’fhéidir, tá an spás luachmhar poiblí a chruthaigh an stáisiún don Ghaeilge sna meáin chumarsáide, in ainneoin ionsaithe fíochmhara ar shárshamplaí den chultúr iarchoilíneach iad.

Tá cláracha Gaeilge den scoth craolta aige, a thug éachtaint ar leith ar chultúr na teanga idir Ghaeltacht agus eile agus nach bhfacthas a leithéid ar aon ardán eile.

Go híorónta, áfach, léiríonn ceannas an Bhéarla sa chlársceideal trí chéile agus i gcláracha a maítear gur cláracha ‘Gaeilge’ iad nár éirigh le TG4 fós polasaí teanga a fhorbairt a thabharfadh tús áite don Ghaeilge mar raison d’être an stáisiúin.

Ba cheart go ndéanfadh polasaí dá shórt beachtú agus srianadh ar ról an Bhéarla ar an stáisiún agus go gcuimseodh sé teangacha eile chomh maith. Sna blianta tosaigh, chraoltaí ábhar go leor i dteangacha Ceilteacha agus Eorpacha, le fotheidil Ghaeilge go minic. Is mithid do TG4 polasaí teanga a fhorbairt a threiseodh a fhéiniúlacht Ghaelach agus idirnáisiúnta araon agus a chinnteodh nach mbeadh sé chomh mór sin i dtuilleamaí an Bhéarla feasta.

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana:

  1. Cén t-údar ceiliúrtha atá ag TG4 in 2021?
  2. Cad iad na dúshláin a bhí sárú ag an stáisiún óg nuair a bunaíodh é ar dtús?
  3. Cén t-údar gur eagraíodh feachtas náisiúnta ag éileamh Teilifís na Gaeilge (TnaG)
  4. Cad nach bhfuil foirfe faoi TG4?
  5. Cén t-éacht is mó atá déanta ag TG4, dar leis an údar seo”
  6. Cad air a dtugtar “sárshamplaí den chultúr iarchoilíneach”?
  7. Cén fáth gur gá polasaí teanga a ullmhú do TG4?
  8. An mbíonn tú féin agus do chairde ag breathnú ar TG4? Ce acu ar líne nó beo ar an teilifís a fheiceann sibh é?
  9. An aontófá leis an dream a deir go bhfuil iomarca airgid á chaitheamh ag an Rialtas ar an stáisiún? Cén fáth?
  10. Scríobh léirmheas gearr ar chlár teilifíse ar TG4 nó gearrthóg as Molscéal.

Gníomhaíocht 2: Cum do chuid abairtí féin:

Faoi bhláth, i gcomórtas le, in aghaidh an lae, cothrom na Féinne, i dtuilleamaí, tús áite, go hannamh, faoi anáil..

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí:

  • Faigh sampla den bhriathar saor sa chéad alt
  • Faigh sampla de bhreischéim aidiachta sa sliocht
  • An bhfuil aon chomhfhocal sa sliocht?
  • Aimsigh aidiacht bhriathartha sa chéad alt
  • Iarsmaí an (cultúr Ceilteach)
  • Clár (faisnéis)

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: TG4 25 Bliain ar an bhfód'