LÉAMHTHUISCINT: Sraith teilifíse faoi choirpigh Bhaile Átha Cliath

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Sraith teilifíse faoi choirpigh Bhaile Átha Cliath

Cé go bhfuil dorn blianta ann ó craoladh an gála deireanach de Love/Hate tá a lorg fós le braistint [brath]. D’éirigh an lucht féachana gafa le gníomhartha buile Nidge is a chairde breis is deich mbliana ó shin agus cé go raibh na comparáidí le The Sopranos áiféiseach ba shraith chumasach, thathagach í. Is ait liom ar shlí go rachadh RTÉ ag rómhar arís in iomaire na coiriúlachta agus go dtabharfadh siad Aidan Gillen, duine de phríomhcharachtair Love/Hate sna séasúir thosaigh, ar ais le tabhairt faoi ról mar ceannaire coirpeach in athuair.

Cé nach bhfuil feicthe againn ach cúpla gála de Kin (RTÉ1, Dé Domhnaigh) tá comparáidí le rianú le Love/Hate agus gníomhartha buíon coirpeach i mBaile Átha Cliath á leanúint againn. Dream meánaicmeach iad muintir Kinsella agus iad buailte fúthu in D4 (BÁC4) agus iad gléasta go péacógach amhail is go bhfuil siad ag dul chun na hoifige. Is léir áfach go mbeidh siad chomh foréigneach brúidiúil le Nidge agus a chomhghuaillithe. Tá daoine ann a mheasann an saothar a bheith bunaithe ar mhuintir Kinihan agus féach go bhfuil na trí litir chéanna sa teideal agus atá i dtosach an dá shloinne.

Sé Frank (Gillen) ceann feadhna an teaghlaigh agus tá a mhac Eric (Sam Keeley) agus a bheirt nianna Jimmy (Emmett J Scanlan) agus Michael (Charlie Cox) mar ghiollaí aige. Tá a dheirfiúr Bridget (Maria Doyle Kennedy) agus bean Jimmy, Amanda (Clare Dunne) sáite sa chúram go maith.

Is léir gur sraith shlachtmhar shnoite a bheidh anseo agus tá taispeántais bhreátha ón gcliar ar fad. Scaoil an chéad ghála sonraí chugainn bolgam ar bholgam agus is léir go bhfuil go leor uisce faoi thalamh. Feicimid Michael á shaoradh ón bpríosún agus níl a fhios cad a chuir ann é nó cad ba chúis leis na poill philéir ina thigh. Táimid in amhras go mb’fhéidir go raibh gaol de shaghas éigin aige le bean a dhearthár agus táimid in amhras go bhfuil Bridget níos casta agus níos dainséaraí ná mar a tuigeadh dúinn ar an gcéad fhéachaint.

Táim ag súil le tuilleadh a fheiscint de Chiarán Hinds, céile comhraic mhuintir Uí Chinseala. Is carachtair théagartha shuimiúla iad Bridget agus Amanda agus seans gurb iad siúd is mó a dhealóidh an saothar seo óna réamhtheachtaí cáiliúil. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh Michael lárnach sna heachtraí atá le teacht agus go bhfuil taobh brúidiúil ag baint leis an bhfear ciúin, beagfhoclach seo. Déanann an Sasanach Cox iarracht bhreá canúint Átha Cliath a tharraingt chuige féin.

Tá suan na muice bradaí ann ón tús agus sinn cinnte go bpléascfaidh rudaí idir muintir Kinsella agus buíon Eamon Cunningham (Hinds). Ní haon iontas go bhfuil dúnmharú ag an deireadh ach ábhar iontais, agus cor cinniúnach, an té a mharaítear. Is i dtosach an tsléachta atáimid.

Sraith shlachtmhar shnoite ach ní haon Love/Hate í.

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana

  1. An bhfuil aon chosúlacht idir Love/Hate agus Kin?
  2. Cathain a craoladh Love/Hate? Ar thaitin an tsraith sin leis an údar?
  3. Ainmnigh aisteoir amháin a bhí sa dá chlár.
  4. Cén rud amhrasach a insítear dúinn faoi theach Michael?
  5. Céard atá le rá ag an léirmheastóir faoi Amanda agus Bridget?
  6. Cuireann an dúnmharú iontas air. Cén fáth?
  7. ‘I dtosach an tsléachta atáimid’ a deir an t-údar. Céard a thuigeann tusa ón abairt sin?
  8. An bhfaca tú féin nó do chairde Kin? An dóigh leat gur léirmheas maith é seo?
  9. An dóigh leat go bhfuil iomarca tóir ag daoine ar chláracha is scéalta coiriúlachta? Mínigh do fhreagra.
  10. Cén cineál cláir nó scannáin is fearr leatsa?

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

suan na muice bradaí, gníomhartha buile, is ait liom, ní haon iontas, cor cinniúnach, an chéad ghála

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí

  • Géimneach [an bhó bhradach]
  • Tús [an tsraith]
  • Teach [mo dheartháir]
  • Faigh sampla den bhriathar saor sa aimsir chaite sa chéad alt
  • Faigh sampla den mhodh coinníollach sa sliocht

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Sraith teilifíse faoi choirpigh Bhaile Átha Cliath'

  • Nóirín Ní Nuadháin

    Is fearr ceisteanna réamhléitheoireachta a chur chun cabhrú leis an scoláire an sliocht a léamh. Tá ról eile ag ceisteanna iarléitheoireachta mar atá anseo.

    Mínítear foclóir deacair roimh an píosa a léamh freisin.

    Ní gá gach focal a thuiscint. Taispeáin cén chaoi an bhrí ghinearálta a thabhairt leo. Cabhraigh leo ansin an píosa a léamh go tapa gan bheith ag cuardach gach dara focal san fhoclóir.