LÉAMHTHUISCINT: Páirc Mhic Easmuinn- bréagmhaidneachan nó fuascailt?

Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Páirc Mhic Easmuinn- bréagmhaidneachan nó fuascailt?

B’fhada an fuireach é. Maidin amárach glacfaidh conraitheoirí seilbh ar Pháirc Mhic Easmuinn i mBéal Feirste, suíomh dearóil lán fiailí agus fothrach tréigthe. Tabharfaidh na conraitheoirí faoi obair ullmhúcháin d’athfhorbairt na Páirce mar staid réigiúnach Chumann Lúthchleas Gael Chúige Uladh.

Tá breis is dhá bhliain déag caite ó d’imir an Cumann cluiche i bPáirc Mhic Easmuinn agus tá sé ag druidim le 15 bliain ó cheadaigh Stormont maoiniú chun uasghrádú a dhéanamh ar láithreacha spóirt rugbaí, sacair agus CLG sa chathair.

Is í láthair CLG an t-aon cheann de na tograí nár cuireadh i gcrích. Chuir fadhbanna pleanála mar gheall ar an éifeacht a bheadh ag staid mhór nua ar an gcomharsanacht i mBaile Andarsain in iarthar Bhéal Feirste moill ar an bhforbairt. Chuir scéim uaillmhianach de chuid na dTóraithe le haghaidh ionad do chluichí sacair Eorpacha (Euro 2028) a thuilleadh moille ar chúrsaí nuair nár chuir rialtas na gCaomhach an maoiniú a gheall siad ar fáil.

Le himeacht na mblianta mhéadaigh costas na hoibre as cuimse agus in Stormont tá an DUP dubh dóite in éadan aon mhaoiniú breise a cheadú. Costas £77.5 milliún a bhí luaite leis an bplean i dtosach, £62.5milliún a cheadaigh Stormont agus £15 milliún ó CLG féin. Áirítear anois gur gá £270 milliún – i bhfad níos mó ná mar atá ar fáil. Gheall rialtas Lucht Oibre na Breataine £50 milliún anuraidh agus thug rialtas na hÉireann 50 milliún euro – timpeall £42.5 milliún. D’fhágfadh sé sin CLG timpeall £100 milliún gann.

Sa dréachtbhuiséad a chuir Aire Airgeadais Stormont, John O’Dowd, Sinn Féin, amach le haghaidh comhairliúcháin cúpla seachtain ó shin, cheadaigh sé £46 milliún breise don staid mar chúiteamh as boilsciú.

Laghdódh sé sin an t-easnamh go £50 milliún, seans go bhféadfadh CLG cur leis an tsuim a luaigh siad i dtosach agus bheadh súil le méadú ar dheontas rialtas na hÉireann.

Ach, agus is ach mór é. Níl buiséad O’Dowd aontaithe; dhiúltaigh an DUP as éadan dó. Ina theannta sin ní bhíonn leisce ar bith ar an DUP a ndoicheall roimh fhorbairt Pháirc Mhic Easmuinn a nochtadh. Is beag seans go maolófar ar a naimhdeas ó tá an páirtí faoi bhrú ón TUV agus an dá pháirtí i mbun feachtais do thoghcháin na bliana seo chugainn cheana féin.

Sé Gordon Lyons, an DUP, an tAire Pobal in Stormont, atá freagrach as cúrsaí spóirt. Dúirt sé go minic go gcaithfí maoiniú breise a cheadófaí le haghaidh spóirt a roinnt go cothrom idir eagraíochtaí spóirt éagsúla. Maidir leis an airgead breise do Pháirc Mhic Easmuinn sa dréachtbhuiséad, dúirt sé go gcaithfí tosaíocht a thabhairt do thithíocht shóisialta a bhí ar cheann de na príomhaidhmeanna a d’aontaigh na hairí go léir sa bhFeidhmeannas. Dá mbeadh airgead breise le tabhairt do spórt chaithfí é sin a aontú ag bord an Fheidhmeannais, a dúirt sé.

Níor ghá bua na tairngreachta chun a rá nach bhfaighidh maoiniú do Pháirc Mhic Easmuinn beannacht na nAirí ón DUP. Céard atá i ndán don togra mar sin? Nuair a chuir CLG an pobal áitiúil in iarthar Bhéal Feirste ar an eolas faoin obair a thosóidh amárach, dúirt siad go mairfeadh sé 12 seachtain. Glanfar an pháirc i dtosach, is cosúil; ansin leagfar na fothracha, an seanseastán san áireamh, agus ullmhófar an suíomh le haghaidh tógála.

Bhí sé tábhachtach go mbeadh tús curtha leis an obair ar an suíomh roimh an spriocdháta a leagadh síos sa chead pleanála. Ceaptar go nglacfaidh na húdaráis pleanála leis go bhfuil an coinníoll faoi dháta tosaithe á chomhlíonadh. Tá caint ar an tógáil a dhéanamh céim ar chéim de réir mar a bhéas siad in acmhainn chuige. Níor cheart go mbeadh deacracht faoin maoiniú atá faofa cheana féin a fháil, fiú dá mbeadh an DUP ag iarraidh é sin a sheachaint.

Tástáil ar an bhFeidhmeannas agus ar Shinn Féin mar phríomhpháirtí ag náisiúnaithe is ea cás Páirc Mhic Easmuinn agus cás Bhóthar an A5, dhá thogra ar leag Sinn Féin an-bhéim orthu ag rá go mba thosaíochtaí suaitheanta iad. D’fháiltigh lucht imeartha agus lucht leanta na gcluichí, chomh maith le Sinn Féin agus SDLP, roimh an nuacht go raibh tús á chur leis an obair. An cheist, an mbeidh an chóir leis an togra feasta nó an bréagmhaidneachan eile é?

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana, Léirthuisceana agus Tuairimíochta

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cén fáth a luaitear dhá bhliain déag d’aois?
  2. Cén fáth a bhfuil togra Pháirc Mhic Easmuinn eisceachtúil i gcomparáid leis na tograí eile a ceadaíodh?
  3. Céard is brí leis an líne seo?: “Le himeacht na mblianta mhéadaigh costas na hoibre as cuimse agus in Stormont tá an DUP dubh dóite in éadan aon mhaoiniú breise a cheadú.”
  4. Cén t-athrú a tháinig ar na figiúirí costais agus maoinithe?
  5. Cén fáth a luaitear toghcháin na bliana seo chugainn?
  6. Cad leis a nglacfaidh na húdaráis phleanála?
  7. Cén tuiscint a bhaineann tú as an teideal? Déan focail nach dtuigeann tú a chuardach ar www.teanglann.ie.
  8. Cén tuiscint a bhaineann tú as an líne dheireanach?
  9. Cén chaoi a gcuireann an pictiúr leis an alt, dar leat?
  10. Meas tú cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta

Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht an chuid thíos a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
    • B’fhada
    • Togra
    • Mhéadaigh
    • Cúiteamh
    • Dhiúltaigh
    • Breis is
    • Is beag seans
  • Déan iarracht iad seo a chur in abairt scríofa.
    • Ag druidim le
    • Uaillmhianach
    • Láthair spóirt
    • Laghdódh
    • Doicheall/doicheallach
    • As cuimse
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh sampla do na nithe seo a leanas san alt:
    • Ainmfhocal san uimhir iolra.
    • Briathar san aimsir chaite.
    • Ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra.
    • Ainm briathartha.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Páirc Mhic Easmuinn- bréagmhaidneachan nó fuascailt?'