LÉAMHTHUISCINT: Ná déanaimis dearmad ar uafás Auschwitz

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Ná déanaimis dearmad ar uafás Auschwitz

https://tuairisc.ie/cothrom-an-lae-seo-75-bliain-o-shin-a-saoradh-campa-geibhinn-auschwitz-na-deanaimis-dearmad-go-deo/

Ná déanaimis dearmad ar uafás Auschwitz

1. Cothrom an lae seo 75 bliain ó shin, ar an 27 Eanáir 1945, a saoradh campa géibhinn Auschwitz sa bPolainn. Meastar gur bhásaigh suas le 1.1 milliún duine ar fad le linn iarrachtaí na Naitsíoch deireadh a chur leis na Giúdaigh agus mionlaigh eile in Auschwitz. Ní féidir na híomhánna uafáis den mhéid a tharla in Auschwitz a ligean i ndearmad nuair a fheiceann tú iad. Níor chóir go ligfí an ghráin, an ciníochas agus an t-olc a bhí taobh thiar de na heachtraí a tharla ansin i ndearmad ach an oiread.

2. Cothrom an lae sin, bhailigh maithe agus móruaisle ó thíortha ar fud an domhain ag an láthair sa bPolainn chun cuimhneamh ar an uileloscadh agus an t-uafás a bhain leis. Bhí daoine ansin a bhí ina gcimí i gcampa sin an uafáis agus a bhí ar an mbeagán ar éirigh leo teacht as ina mbeo. Níor chóir dearmad a dhéanamh go deo ar a scéal siúd agus an pheannaid a d’fhulaing siad. Caithfear cuimhneamh freisin ar an mborradh atá in athuair faoin ngráin chiníoch, agus go háirithe an frith-Ghiúdachas.

3. Thug gobharnóir stát Nua-Eabhrac sceimhlitheoireacht ar na hionsaithe a rinneadh sa Stát sin ag deireadh na bliana seo caite nuair a ionsaíodh agus sádh Giúdaigh cheartchreidmheacha. Ní raibh san ionsaí sin i Monsey Nua-Eabhrac, ar ndóigh, ach an ceann is déanaí i sraith ionsaithe ar Ghiúdaigh sna Stáit Aontaithe.

I mí Aibreáin seo caite maraíodh raibí in California. Sé mhí roimhe sin maraíodh aon duine dhéag in Pittsburgh in eachtra lámhaigh. Thug méara Nua-Eabhrac le fios go le déanaí go raibh póilíní i mbun fiosraithe faoi ocht gcinn d’ionsaithe a bhí dírithe ar Ghiúdaigh in aon seachtain amháin.

Ní fada ó shin ó rinneadh ionsaí sa Ríocht Aontaithe ar ghnóthaí Giúdacha agus ar shionagóg i Londain. Péinteáladh réalta Dháibhí agus 9/11 ar na foirgnimh. Tagairt a bhí sa dáta sin do Kristallnacht, oíche an 9 Samhain 1938 nuair a rinneadh ionsaí ar Ghiúdaigh sa Ghearmáin. Is léir go bhfuil an frithGhiúdachas ag borradh arís sa saol. Ba dhona mar a dhéileáil páirtí an Lucht Oibre sa mBreatain leis an ábhar seo le linn an fheachtais olltoghcháin anuraidh.

4. Faraor tá an ghráin agus an ciníochas ag neartú ar fud an domhain agus ní in aghaidh na nGiúdach amháin atá siad. Tá na hionsaithe sin níos follasaí faoi láthair, ach tá an borradh faoin bhfrith-Ioslamachas agus an fhrithChríostaíocht chomh nimhneach agus chomh forleathan céanna. Ag deireadh na bliana seo caite, mharaigh Ioslamach ceartchreidmheach, Usman Khan, beirt in ionsaí i Londain.

5. Níl ar chumas cheannairí dhomhan an Bhéarla dul i ngleic leis an ráig chiníoch seo mar go gcothaíonn siad féin an naimhdeas agus an ghráin. Tá an náisiúntacht á cothú agus á cur chun cinn ar mhaithe le mianta polaitiúla, beag beann ar an dochar a dhéanann siad. ‘Get Brexit Done’ an port a bhuaigh an toghchán do Phríomh-Aire na Breataine, Boris Johnson. ‘Keep America Great’ atá ag Donald Trump. Agus gan aon chuimhneamh acu ar an dochar a d’fhéadfadh an cineál sin reitrice a dhéanamh.

Agus uafás champa Auschwitz á thabhairt chun cuimhne i mbliana ba chóir dúinn smaoineamh ar an uafás a chothaíonn an ghráin agus ar na botúin a dhéantar an athuair nuair nach bhfoghlaimíonn muid ceachtanna na staire.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cathain a saoradh na daoine a bhí faoi ghlas i gCampa Auschwitz? (alt 1)
  2. Cén rud nach féidir a chur as do cheann nuair a fheictear é? (alt 1)
  3. Luann an t-údar scéal nár chóir a dhearmad go deo? Cad é? (alt 1)
  4. Cén fáth a ndeachaigh ceannairí stáit an domhain go dtí an Pholainn ag tús na bliana? (alt 2)
  5. Luaigh dhá rud a tharla i Stáit Aontaithe Mheiriceá anuraidh a chuireann imní ar an údar? (alt 3)
  6. Céard é an Kristallnacht? (alt 3)
  7. Ní ar an bpobal Giúdach amháin a dhéantar leatrom. Cén dá dhream eile a luaitear in alt 4?
  8. Cén fáth a ndeir an t-údar nach féidir le ceannairí déileáil leis an sceimhlitheoireacht seo? (alt 5)
  9. Cén tairbhe ba chóir dúinn a bhaint as an stair, dar leis an údar? (alt 5)
  10. An dóigh leat féin go bhfuil aon rud contúirteach faoi mhanaí mar ‘Get Brexit Done’ agus ‘Keep America Great’? (alt 5)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna arís agus déanaigí na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid lena chéile.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta:

  • Taifead thú féin ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leat féin.
  • Éist leis an taifeadadh a rinne daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – Nathanna cainte: bígí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairtí ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
  • Déan cuid eile acu a chur in abairtí scríofa.

Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí

  1. Aimsigh sampla den bhriathar saor san aimsir chaite sa chéad alt.
  2. Aimsigh ainm briathartha in alt 2.
  3. Faigh sampla d’aidiacht bhriathartha in alt 3.
  4. Faigh sampla den mhodh coinníollach in alt 5.
  5. Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach:

Chruinnigh ceannairí (an domhan) le chéile.
Níor chóir dearmad a dhéanamh ar uafás (an t-uileloscadh)
Bíonn imní ar an bpobal (Giúdaigh) ina dtíortha féin.
Cothaíonn ionsaithe (sceimhlitheoireacht) faitíos agus imní.
Bhí tromlach mhuintir (an Ríocht Aontaithe) ag iarraidh imeacht as an Aontas Eorpach.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

Scríobh cúpla pointe faoi na hábhair seo thíos:

  • An dóigh leat féin go bhfuil an ciníochas ag dul in olcas anseo in Éirinn?
  • An bhfuil aon dream eile ann a mbíonn daoine ag tromaíocht orthu sa tír seo?
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid i do fhreagraí.
  • Déan focail agus nathanna a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann .ie
  • Feidhmeanna teanga: tuairimí a chur in iúl; aontú/easaontú le duine; moltaí a dhéanamh
  • Féadfaidh tú thú féin a thaifeadadh agus tú ag cur do thuairimí in iúl.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Ná déanaimis dearmad ar uafás Auschwitz'