LÉAMHTHUISCINT: Muintir Inis Oírr ag súil le leas a bhaint as Teach Solais an oileáin

Léamhthuiscint 8 - Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Muintir Inis Oírr ag súil le leas a bhaint as Teach Solais an oileáin

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana, Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  • Déan cur síos ar an méid atá le feiceáil sa phictiúr?
  • Céard atá muintir Inis Oírr a éileamh?
  • Cé hiad Comhar Chaomháin?
  • Cén bhaint atá ag Chloe Ní Mháille leis an scéal?
  • Cad deirtear faoi Theach Solais Fhánada?
  • Cén bhaint atá ag an bhfigiúr 51,000 leis an scéal?
  • Cén fáth a luaitear an bhliain 1857?
  • Cé mhéad a chosain tógáil na dtithe solais?
  • Cé chomh fada is a thóg sé iad a thógáil?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht an chuid thíos a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
    • forbairt
    • scór
    • le gairid
    • leanúnach
    • rinneadh
  • Déan iarracht iad seo a chur in abairt scríofa.
    • réiteach
    • tugadh
    • toradh
    • san áireamh
    • éileamh
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla de na nithe seo a leanas san alt:
    • Dhá ainmfhocal bhaininscneacha.
    • Braithar san aimsir láithreach.
    • Ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra.
    • Briathar saor san aimsir chaite.
  • Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar teanglann.ie

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Muintir Inis Oírr ag súil le leas a bhaint as Teach Solais an oileáin'