LÉAMHTHUISCINT: Michael Fassbender le Gaeilge a labhairt i scannán nua

Léamhthuiscint 10 - Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Michael Fassbender le Gaeilge a labhairt i scannán nua

Beidh Michael Fassbender, an t-aisteoir mór le rá ó Chiarraí, ag labhairt Gaeilge i scannán nua atá á dhéanamh ag na rapálaithe as Béal Feirste, Kneecap.

Chonacthas an t-aisteoir, a ainmníodh faoi dhó d’Oscar, ar sheit an scannáin Ghaeilge i nDún Dealgan an tseachtain seo.

Deimhníodh do Tuairisc go mbeadh Gaeilge á labhairt ag Fassbender sa scannán.

Thóg an t-aisteoir, a rugadh sa Ghearmáin, sos ón aisteoireacht tamall de bhlianta ó shin agus ní raibh sé le feiceáil in aon scannán ó tháinig X-Men: Dark Phoenix amach in 2019.

Ag plé le rásaíocht carranna den chuid is mó atá Fassbender ó shin, cé go bhfuil cúpla scannán nua ar na bacáin aige.

Tá sé ag obair chomh maith ar scannán a fhorbairt dá chomhlacht léiriúcháin féin faoi Chú Chulainn.

Tá na rapálaithe as Béal Feirste, Kneecap ag taifeadadh a scannáin i nDún Dealgan agus i mBéal Feirste an tseachtain seo.

Breis agus €1 milliún atá faighte ag an bhfadscannán KNEECAP, ar leagan drámata é de shaol na gceoltóirí Móglaí Bap, D.J. Próvaí and Mo Chara i gcathair Bhéal Feirste.

Chuir Kneecap teachtaireachtaí amach ar na meáin shóisialta le déanaí ag iarraidh ar a gcuid leantóirí a bheith páirteach i radharcanna den scannán atá á dtaifeadadh acu an mhí seo.

Deir lucht an bhanna go mbeidh a scannán ar “an scannán Gaeilge is fearr riamh” agus go mbeidh “aisteoirí mór le rá” le feiceáil ann.

An scannánóir Rich Peppiatt, a raibh a  chéad scannán, One Rogue Reporter, le feiceáil ar Netflix, a scríobh an script do KNEECAP agus atá á stiúradh.

Is é Trevor Birney, ón gcomhlacht léiriúcháin Fine Point Films i mBéal Feirste, atá ag léiriú an scannáin. Ba é Birney a léirigh 66 days, scannán faisnéise mór le rá faoi Bobby Sands.

Rinne Michael Fassbender féin páirt Bobby Sands sa scannán Hunger a tháinig amach in 2008.

Roghnaíodh script KNEECAP, do ‘Mother Tongue Award’ in 2021, scéim do scannáin atá i mbun forbartha i dteanga eile seachas an Béarla.

Chuir Scáileán Thuaisceart Éireann €450,00o ar fáil do KNEECAP agus fuair sé maoiniú €350,000 ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus €205,000 ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

Beidh an scannán á chraoladh ar TG4 agus BBC Tuaisceart Éireann.

Idir an dá linn, tá sé fógartha ag KNEECAP, a d’eisigh a gcéad amhrán ‘C.E.A.R.T.A’. in 2018, go mbeidh a gcéad albam réidh le cur amach go luath.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana, Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  • Cad as do Michael Fassbender?
  • Cén fáth a luaitear Dún Dealgan?
  • Cár rugadh Fassbender?
  • Cén fáth nach raibh sé le feiceáil in aon scannán ó 2019?
  • Cén bhaint atá ag Cú Chulainn leis an scéal?
  • Céard faoi an scannán KNEECAP?
  • Cé hé Rich Peppiatt?
  • Céard é C.E.A.R.T.A?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht an chuid thíos a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
    • rugadh
    • a fhorbairt
    • comhlacht
    • teachtaireacht
    • roghnaíodh
  • Déan iarracht iad seo a chur in abairt scríofa.
    • mór le rá
    • chonacthas
    • deimhníodh
    • ar na bacáin
    • maoiniú
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla de na nithe seo a leanas san alt:
    • Ainmfhocal san uimhir uatha.
    • Briathar san aimsir fháistineach.
    • Ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha.
    • Ainmfhocal firinscneach
  • Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar teanglann.ie

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Michael Fassbender le Gaeilge a labhairt i scannán nua'

  • Aoife Mullen

    Freagraí