LÉAMHTHUISCINT – Cearta na mBan

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT – Cearta na mBan

1. San India a bhíomar ar saoire agus iarphóilín Éireannach ag tabhairt píosa cainte dúinn faoin taithí saoil a bhí aige féin agus é ag obair thar lear. Bhí go leor ceisteanna againn faoi chearta an duine.

Thosaigh sé ag insint scéil dúinn – faoi scata fear a tugadh isteach i stáisiún póilíní i gcomhair a gceistithe. Ag deireadh na tréimhse ceistiúcháin bhí fuil ag sileadh ó bhéal chúpla duine díobh agus bhí mionghortuithe orthu uile.

Bhí alltacht orainne na héisteoirí. Cén chaoi ar tharla sé seo? Nach raibh a leithéid d’iompar iomlán éagórach agus céard faoi chearta daonna na ‘bpríosúnach’? Ansin a d’inis sé dúinn gur san Afganastáin a tharla an eachtra. Ceannasaí póilíní ban a bhí i mbun an cheistiúcháin. Agus fir a tugadh isteach lena gceistiú de bharr gur thugadar léasadh poiblí dá mná céile ab ea na ‘príosúnaigh’ leonta.

2. Bhí athrú poirt againn ar an toirt. Ó, cás ar leith a bhí anseo. Ní fhéadfaí na rialacha céanna a chur i bhfeidhm i gcás mar sin.

Ceacht a bhí ann ar na bealaí ar féidir dul chun cinn a dhéanamh i dtíortha ar nós na hAfganastáine. Ní bheadh éinne ag súil tar éis réimeas an Taliban ansin go bhféadfadh mná dul chun cinn sciobtha a dhéanamh agus an cineál sochaí a bhí i bhfeidhm ansin tráth.

Ach bhí dul chun cinn áirithe á dhéanamh más go mall féin é. As an líon mór póilíní sa tír mná ab ea céatadán beag bídeach acu.

Amanna chuir dreamanna iasachta a bhí lán le dea-thoil brú rómhór ar mhná na hAfganastáine iad féin a chur ar aghaidh do chúraimí nach mbíodh ar mhná na tíre sin go traidisiúnta agus is amhlaidh a cuireadh na mná i gcontúirt dá bharr.

3. Agus an bhean chróga sin a bhí i gceannas ar na póilíní? Feallmharaíodh í agus í ar a bealach chun na hoibre maidin amháin. D’fhág sí seisear páistí ina diaidh. Bhí bean eile ina póilín i gceantar eile agus thuig sí féin go raibh sí i gcontúirt. D’iarr sí cabhair ar dhream as Ceanada a bhí ag cabhrú leis an tír a atógáil. Thugadar amach as an tír faoi rún í agus tá sí slán sábháilte thall i gCeanada sa lá inniu.

4. Braitheann mná agus cailíní an chontúirt a d’fhéadfadh a bheith ar an mbealach. Tá mná óga ag obair sna meáin agus ní hiondúil go gcaitheann siad an búrca (burka). Ach féach go mbíonn ceann ar crochadh taobh thiar den doras acu i gcónaí, ina dhiaidh sin féin.

Agus cén chontúirt atá le teacht, a deir tú? Nach bhfuil an Taliban buailte ó bhí an cogadh san Afganastáin tar éis 9/11?

Buaileadh iad ach níor imigh siad. Anois agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar tí tarraingt amach as an tír, tá imní ar a lán go bhfuil an Taliban ar a mbealach ar ais i gcumhacht. Meas tú cén dream is mó a bheas thíos leis sin?

Ní crochta ar chúl an dorais a bheidh an búrca feasta agus gach seans go n-imeoidh mná agus cailíní as amharc arís. Agus beidh lánchead ag na fir léasadh a thabhairt dóibh aon uair a thograíonn siad agus an dlí á gcosaint.

5. Achar gairid ó shin tarraingíodh aird an domhain ar an bPacastáin nuair a bhronn polaiteoir ansin mála mór búrcaí ar scoil cailíní. Ní raibh aon éileamh ar leabhair scoile ná ar threalamh oideachais sa scoil, a dúirt sé. Clócaí móra a chlúdódh na cailíní ó bhun go barr a bhí uathu, dar leis.

An tseachtain seo tá mé in iardheisceart na hIndia, áit a bhfuil cead ag mná chuile chineál éadaigh a chaitheamh. Údar iontais dom an líon ard den phobal sa tír seo a bhfuil caighdeán ard oideachais orthu. Ó thuaidh uaim anseo, tá Bangalore, cathair a dtugtar ‘Silicon Valley’ na hIndia uirthi. Is iarchéimithe ollscoile iad beirt pháistí an treoraí turasóireachta atá againn anseo in Kerala.

Ní fhéadaim gan comparáid a dhéanamh idir na deiseanna oideachais atá ag cailíní óga anseo agus na deiseanna atá á gceilt orthu i gcodanna eile den domhan.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cén post a bhíodh ag an té a bhí ag caint leis na turasóirí? (alt 1)
  2. Céard a tharla i stáisiún na bpóilíní a chuir iontas orthu? (alt 1)
  3. Deir an t-údar go raibh ‘dul chun cinn’ déanta san Afganastáin? Cén fáth go gceapfaí é sin? (alt 2)
  4. Cén locht a fhaigheann an t-údar ar chuid de bheartais na ndaoine ón iasacht? (alt 2)
  5. An bhfuil sé éasca traidisiúin a bhriseadh? An dóigh leat gur chóir é a dhéanamh? (alt 3)
  6. Meas tú cén fáth a mbíonn an búrca faoina lámha ag cailíní agus mná san Afganastáin i gcónaí? (alt 4)
  7. Cén féirín a bhronn polaiteoir ar scoil cailíní? An dtarlódh a leithéid sa tír seo?(alt 5)
  8. Cén difríocht is mó a fheiceann an t-údar idir cúrsaí san Afganastáin agus cúrsaí san India? (alt 5)
  9. Cén fáth go dtugtar Silicon Valley ar Bangolore?
  10. Meas tú cé acu fear nó bean a scríobh an t-alt seo? Mínigh do fhreagra.

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé nó sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh go deireadh an tsleachta.
  • Léigí na ceisteanna arís agus pléigí na freagraí éagsúla atá agaibh.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Taifead thú féin ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist leis an taifeadadh.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bígí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá neart nathanna cainte agus focail áisiúla sa téacs. Cuir cuid acu in abairtí i gcomhar leis an duine atá in aice leat.
  • Cuir cuid acu in abairtí scríofa.
  • Cuimhnigh go bhfuil míniú ar fáil ach an cnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus cliceáil ansin ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí:

  1. Faigh ainmfhocal baininscneach sa tuiseal ginideach sa chéad alt.
  2. Faigh briathar sa mhodh coinníollach sa dara halt.
  3. Sa tríú halt aimsigh sampla den bhriathar saor san aimsir chaite.
  4. Faigh aidiacht san uimhir iolra sa chúigiú halt.
  5. Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach:

Muintir (an India) a bhuail liom.
Tá tionscal (an turasóireacht) tábhachtach.
Ag tús (an ceistiúchán) a cuireadh an cheist sin.
Bhí go leor (iontas) orthu.
Scéalta (na mná) ba mhó a raibh spéis aici iontu.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT – Cearta na mBan'