LÉAMHTHUISCINT: Bláth breá ag scrios an Chomhshaoil

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Bláth breá ag scrios an Chomhshaoil

Mar is eol do dhuine ar bith a léigh an leabhar Tulip Fever le Deborah Moggach (nó a chonaic an scannán leis an teideal céanna) tiúilipí ba chúis leis an gcéad bholgán eacnamaíochta i stair an domhain.

I mí Eanáir 1637, bhí luach níos airde ar bhleibíní áirithe ná ar theach mór ar chanálacha Amsterdam. An mhí dár gcionn, thit an tóin as an margadh agus fágadh roinnt mhaith amhantraithe beo bocht. Mar sin féin, shamhlófaí an tiúilip – arbh as an Tuirc ó dhúchas di agus a bhí úrnua san Ollainn an t-am sin – leis an Ísiltír go deo.

Tá ceithre thiúilip, déanta as adhmad, i bpota gloine ar dheasc an tSaoithín Aeráide. Cheannaigh an Saoithín in aerfort Schiphol iad roinnt mhaith blianta ó shin agus é ag filleadh ar an mBrasaíl, mar a bhfuil cónaí air, tar éis dó tréimhse a chaitheamh ina thír dhúchais, an Ísiltír. Thug greamáin ar na tiúilipí adhmaid (a chosain €5.99 an ceann) le fios gur sa tSín a rinneadh na tiúilipí céanna.

An i monarcha dúshaothair a rinneadh na tiúilipí adhmaid sin? Cá bhfios. Ach is cinnte nach raibh gá ar bith leis an CO2 a shéid siad san aer agus iad ar a mbealach ón tSín go dtí an siopa cuimhneachán in aerfort Schiphol: ná habair leis an Saoithín nach raibh an teicneolaíocht ar fáil san Ísiltír féin chun bláth adhmaid a dhéanamh.

D’fhás an Saoithín Aeráide aníos i gceantar fásta tiúilipí. Tiúilipí a d’fheiceadh sé agus é ag breathnú amach as fuinneog a sheomra codlata agus an lotnaidicíd nimhneach a spraeáladh lucht a bhfásta ar na bláthanna a bholaíodh sé nuair a d’osclaíodh sé an fhuinneog chéanna.

Bhí (agus tá) cuirtín trom dubh san fhuinneog sin a bhfuil géarghá leis: a bhuíochas le soilse láidre leictreacha na dtithe gloine ina bhfástar na tiúilipí ó cheann ceann na bliana, dath oráiste a bhíonn ar an oíche i mbaile dúchais an tSaoithín Aeráide seachas dath dubh.

Ach fiú agus an cuirtín sin dúnta bíonn sé deacair titim i do chodladh sa seomra sin. Tá baile dúchais an tSaoithín Aeráide díreach faoin bpríomhchonair eitilte amach as aerfort Schiphol. Céard a bhíonn i mboilg chuid mhór de na heitleáin a thagann idir an Saoithín Aeráide agus codladh na hoíche nuair a bhíonn sé sa bhaile? Thomhais tú i gceart é: tiúilipí. Ar a mbealach chuig gach cearn den domhan, an tSín san áireamh.

Tá sé deacair cuimhneamh ar thionscal ar bith is lú a bhfuil gá leis ach is mó a dhéanann dochar don aeráid ná tionscal na dtiúilipí (agus na lilí, na magairlíní, agus araile.) Ní ar na bláthanna bochta féin atá an locht, ar ndóigh, ach ar an gcóras atá taobh thiar de, córas a dhíolann earraí linn nach bhfuil gá ar bith againn leo – ar phraghas iontach ard.

Caipitleachas, ar ndóigh, an t-ainm atá ar an gcóras sin.

Is léir don dall gurb é is ciontach leis an tsáinn ina bhfuilimid agus a bheidh á plé i nGlaschú na hAlban go ceann deich lá eile. Ach an mbeidh Boris Johnson, Joe Biden, Emmanuel Macron agus na ceannairí eile a bheidh i láthair sásta droim láimhe a thabhairt don chóras céanna? Tá freagra na ceiste sin ar eolas ag an Saoithín Aeráide cheana féin. Ach bímis ionraic: níl a fhios ag an Saoithín Aeráide féin ach oiread cén córas a thiocfadh ina áit.

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana:

  1. Conas gur tharraing tiúilipí géarchéim eacnamaíochta sa seachtú haois déag?
  2. Cá bhfásadh tiúilipí go nádúrtha?
  3. Cén fáth gur cheannaigh an t-údar tiúilipí adhmaid san aerfort?
  4. Bhíodh sé deacair codladh i seomra an údair san Ísiltír. Bhí cúpla rud ag dul idir é agus codladh na hoíche. Mínigh.
  5. Cad a bhíonn á spraeáil ar na feirmeacha? Cén fáth?
  6. Cén fáth a ndeir an t-údar gur beag gá atá le tiúilipí? An aontófá leis?
  7. Cuireann sé an locht ar chóras an chaipitleachais. Conas?
  8. Meas tú cén fáth a gceannaímid earraí thar sáile atáimid féin ábalta a dhéanamh?
  9. Bhí COP 26 ar siúl i nGlaschú agus an t-alt seo á scríobh. Céard é COP 26 agus cén fáth a mbíonn a leithéid ann?
  10. An gcuireann téamh an domhain imní ortsa? An ndéanann tú aon rud chun an dochar don chomhshaol a laghdú?

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

taobh thiar de, saoithín, ó cheann ceann na seachtaine, thit an tóin as, amhantraí, droim láimhe, dúshaothar

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí:

  • Tá briathar saor san aimsir chaite sa dara halt. Céard é?
  • “nuair a d’osclaíodh sé an fhuinneog” – cén aimsir den bhriathar atá in úsáid?
  • Déantús (an mhonarcha)
  • Iarmhairtí (an spreáil)
  • Prionsabail (an caipitleachas)
  • Muintir (an Tuirc)

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Bláth breá ag scrios an Chomhshaoil'