LÉAMHTHUISCINT: ‘Am agus acmhainní’ an dá riachtanas is mó ag Aire Stáit nua na Gaeltachta

Léamhthuiscint 11 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: ‘Am agus acmhainní’ an dá riachtanas is mó ag Aire Stáit nua na Gaeltachta
  1. Deir Seán Kyne, a ceapadh ina Aire Stáit na Gaeltachta agus Príomh-Aoire tamall le déanaí go bhfuil “deacrachtaí móra” sa Ghaeltacht maidir le labhairt na Gaeilge a bheith ag dul ar gcúl agus gur gá “dul chun cinn a dhéanamh” i dtaobh chur i bhfeidhm na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge. “Tá go leor roghanna ann anois ag páistí óga chun Béarla a chloisteáil agus a labhairt, sin an fáth go bhfuil na pleananna teanga tábhachtach agus go bhfuil infheistíocht sna meáin Ghaeilge, i TG4, Raidió na Gaeltachta agus i leithéidí Tuairisc.ie, tábhachtach freisin. 
  2. “Caithfidh mé dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus an phlean gnímh a d’fhoilsigh an tAire McHugh i rith an tsamhraidh ach beidh sin níos éasca leis an bhreis maoinithe atá faighte sa bhuiséad,” arsa Kyne. 
  3. Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne, gur cuireadh “béim láidir ar an oideachas sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge” agus go bhfuil sé ag súil le bheith ag comhoibriú leis an Aire McHugh, iarAire Stáit na Gaeltachta a ceapadh ina Aire Oideachais an tseachtain seo, ar an ghné sin den straitéis. 
  4. “Tá ardú faighte ag an Aire McHugh sa bhuiséad nua (don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta), ó thaobh an bhuiséid chaipitil agus an bhuiséid reatha de, agus beidh mé ag suí síos le feidhmeannaigh na roinne chun na rudaí sin a phlé ach is dul chun cinn é ó thaobh cúrsaí airgid,” a dúirt sé. 
  5. Agus breis agus bliain caite cheana ag Seán Kyne mar Aire Stáit Gaeltachta, idir 2016 agus 2017, dúirt sé go bhfuil sé “sásta a bheith ar ais sa ról”, cé go ndeir sé go mbeidh “dúshlán ar leith” roimhe agus an dá thrá á fhreastal aige mar Aire Stáit agus mar Phríomh-Aoire. “Tá mé sásta a bheith ar ais. Tá an Ghaeltacht is mó sa tír i mo dháilcheantar agus tá rudaí móra ag dul ar aghaidh faoi láthair ar nós an leasaithe ar an mBille Teanga a bheas á thabhairt os comhair na Dála go luath.
  6. “Am agus acmhainní” an dá riachtanas is mó a bheidh aige, a dúirt sé. “Caithfidh mé léimt isteach i ról an Phríomh-Aoire agus beidh mé ag glacadh comhairle ó fheidhmeannaigh i Roinn an Taoisigh ó thaobh an méid a theastaíonn agus an méid ama a bheas mé i mBaile Átha Cliath. Beidh mé ag díriú ar chúrsaí Gaeltachta, ar mo dháilcheantar féin agus ar mo chlann féin freisin. Dúirt Kyne go raibh sé “tábhachtach go mbeidh na cinntí a théann i bhfeidhm ar chúrsaí na Gaeltachta pléite i gceart” agus go ndéanfaí an cinneadh ceart don Ghaeltacht. 
  7. Deir Kyne go bhfuil “tuilleadh infheistíochta san oideachas, breis deiseanna sa bhaile ó thaobh na fostaíochta de, reachtaíocht teanga agus cur i bhfeidhm na bpleananna teanga i measc na rudaí atá ag teastáil le dul i ngleic leis na dúshláin sa Ghaeltacht”. Dúirt sé freisin go raibh dúshláin mhóra i gcónaí sa Ghaeltacht maidir le seirbhísí iompair, dúshláin ar gá dul i ngleic leo. 

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cén fáth a luaitear an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge in alt 1?
  2. Céard a tharla i rith an tsamhraidh? (alt 1)
  3. Cad air a cuireadh “béim láidir” sa Straitéis 20 bliain? (alt 2)
  4. Cad é an dul chun cinn atá déanta ó thaobh airgid/maoinithe? (alt 2)
  5. Céard a bhí ar bun ag Seán Kyne in 2016-2017? (alt 3)
  6. Cad iad an dá riachtanas is mó a bheidh aige?  (alt 4)
  7. Cad deir Kyne faoi ról an Phríomh-Aoire (alt 4)
  8. Cad iad na dúshláin atá sa Ghaeltacht? (alt 5)

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Cén sórt ailt é seo? Cén fáth ar scríobhadh é?
  2. Bunaithe ar an alt seo cad iad na dúshláin is mó atá roimh Aire na Gaeltachta?
  3. An bhfuil post deacair ag an Aire Kyne, meas tú?
  4. Dá mbeadh an post seo agatsa, céard a dhéanfá?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 4 – Deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Nathanna cainte: Bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.
  • Aimsigh sampla do bhriathar san aimsir chaite in alt 2.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 1.
  • Sracfhéachaint ar an aimsir chaite:
    • (Labhair) mé le Seán faoi seo inné.
    • (Faigh) mé ardú pá i rith an tsamhraidh.
    • (Diúltaigh) Máire cabhrú liom?
    • An (déan) tú d’obair bhaile aréir.
    • Ní (téigh) aon duine ón scoil chuig an gcruinniú.

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

Céard is féidir a dhéanamh leis an nGaeilge a chaomhnú sa Ghaeltacht?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna:
    • céard is féidir le pobal na Gaeltachta a dhéanamh?
    • céard is féidir leis an gcóras oideachais a dhéanamh?
    • céard is féidir leis an bpobal taobh amuigh den Ghaeltacht a dhéanamh?
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: ‘Am agus acmhainní’ an dá riachtanas is mó ag Aire Stáit nua na Gaeltachta'