Agus sinn in arraingeacha Brexit is tráthúil an mhaise é béim a chur ar na nascanna seanbhunaithe idir an dá thír, más nascanna achrannacha, truamhéalacha féin cuid acu
- Sa tsraith ceithre chlár Gaeil UK tugann Seán Mac an tSíthigh camchuairt ar an Ríocht Aontaithe le caint a chur ar Ghaeil agus a sliocht. Cuirtear in iúl ag tús an chláir go bhfuil breis is 500,000 duine a rugadh in Éirinn buailte fúthu béal dorais. Lena chois sin tá sé mhilliún duine sa Ríocht Aontaithe a mhaíonn go bhfuil athair/máthair chríonna Éireannach acu. Agus sin in arraingeacha Brexit is tráthúil an mhaise é béim a chur ar na nascanna seanbhunaithe idir an dá thír, más nascanna achrannacha, truamhéalacha féin cuid acu.
- Deir an Sítheach linn ag tús an chláir go bhfuil stair chasta ag an dá thír seo atá buailte ar a chéile; sa phointe is gaire níl ach 20 míle eatarthu. Dar leis go bhfuil an dá thír fite fuaite lena chéile agus ag brath ar a chéile. Bímid an-mhór lena chéile ar uairibh ach ar hap an tairne tagann an ghráin go barr uisce. Is ar Learpholl Shasana atá a thriall ar dtús agus meabhraíonn an chathair sin dúinn gurb é an ganntanas agus an t-anró a ghríos daoine leis an mbád bán a thabhairt orthu féin. Meastar gur tháinig 1.3 milliún Éireannach i dtír ar Clarence Docks aimsir an ghorta. Bhí a bhformhór ag triall ar Mheiriceá ach bhuail sciar maith acu fúthu sa gcathair.
- Tá smut den Éireannach i ngach duine i Learpholl, dar le Kathleen Cunnigham, arbh as an Tismeáin ar an gCeathrú Rua dá hathair críonna Colman Walsh. Is cuimhin le haintín Kathleen, Sadie, gur cuireadh siar ar an gCeathrú Rua í i rith an Dara Cogadh Domhanda agus gur as Gaeilge a deir sí an choróin i gcónaí. Deir Kathleen go mothaíonn sí gur Éireannach í in ainneoin go bhfuil canúint Scouser aici.
- Tá an nasc atá ag sliocht na n-inimirceach (an dara agus an tríú glúin fiú) leis an bhfód dúchais ar cheann de na téamaí is láidre sa saothar seo. Tá na daoine seo ar fad bródúil as a n-oidhreacht agus iad ag maíomh go bhfuil a bhféiniúlacht Éireannach an-tábhachtach dóibh. B’eo leis an Sítheach ó thuaidh chuig Leeds agus Huddersfield mar ar deineadh dreasanna cainte le Gaeil eile agus Gaeilge ag an-chuid acu. Thrácht siad ar shaol crua agus ar a gcumha i ndiaidh an bhaile ach bhíodar buíoch leis gur éirigh leo saol maith a bhaint amach dóibh féin.
- Déanann an Sítheach a aíonna a chur fé agallamh go tuisceanach, réchúiseach agus éiríonn leis comhráite nádúrtha a chur ar siúl. Téama eile atá sa chlár ná go bhfuil cuid mhaith de na seanphobail Ghaelacha seo, an dream seo a thaithíodh an tIonad Éireannach, ag dul i léig. Ag deireadh an chláir tugadh le fios go raibh duine de rannpháirtithe an chláir, Paddy Mac Grianna, imithe ar shlí na fírinne ó cuireadh fé agallamh é. Deireadh ré a bheidh ann nuair a bheidh na seanfhondúirí ar fad imithe ar shlí na fírinne. Tá sé tábhachtach cuntas a fháil ar a scéal. Déanann an clár maoithneach, eolgaiseach seo an cúram sin go slachtmhar.
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:
Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.
- Déan an fotheideal a mhíniú i d’fhocail féin.
- Cén bhaint atá ag Seán Mac an tSíthigh leis an scéal?
- Cé mhéad clár atá sa tsraith seo? (alt 1)
- Cad is brí leis an bhfigiúr 500,000? (alt 1)
- Cén fáth a luaitear ‘20 míle’ in alt 2?
- Cá ndeachaigh an Sítheach ar dtús? (alt 2)
- Cén nasc atá ag na hÉireannaigh leis an gcathair sin? (alt 2 agus 3)
- Cén fáth a luaitear an Cheathrú Rua in alt 3?
- Cad a bhí le rá ag muintir Leeds agus Huddersfield? (alt 4)
- Céard é an téama eile a luaitear in alt 5?
Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:
Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.
- Cén sórt ailt atá anseo, meas tú?
- Cén fáth ar deineadh an clár Gaeil UK, meas tú?
- Céard a cheap an t-údar den chlár? Déan tagairt don alt.
Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:
- Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.
Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:
- Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
- Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
- Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
Gníomhaíocht 6 – Cúinne na Gramadaí:
- Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.
- Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir láithreach in alt 1.
- Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach in alt 2.
- Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 3.
- Sracfhéachaint ar an aimsir chaite: cuir na briathra seo in abairt san aimsir chaite.
- tabhair
- déan
- faigh
- abair
- feic
- Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar www.teanglann.ie
Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:
- Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:
An bhfuil aon duine muinteartha leat buailte fúthu sa Ríocht Aontaithe?
- Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
- Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
- Nodanna:
- cé hiad?
- céard atá ar bun acu?
- cén fáth ar imigh siad?
- an dtiocfaidh siad ar ais, meas tú?
- Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.
Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT 14: Scéal tráthúil Ghaeil an UK inste go slachtmhar ag an Sítheach ar TG4'