Léamh snasta déanta ag Danny Boyle ar ainriail na Sex Pistols, ach ní bhainfidh sé aon chreathadh asat

Saothar snasta agus suimiúil é ‘Pistol’ ach níl aon chreathadh bainte aige asam go fóill

Léamh snasta déanta ag Danny Boyle ar ainriail na Sex Pistols, ach ní bhainfidh sé aon chreathadh asat

Ní raibh The Sex Pistols ar an bhfód ach ar feadh trí bliana i ndeireadh na seachtóidí ach bhaineadar creathadh as domhan an cheoil agus an tsochaí go ginearálta. Maítear gurb iad a sheol isteach gluaiseacht an phunc agus bhí tionchar nach beag acu ar mhórán bannaí agus seánra an phunc-rac. B’fhiáin, ba chraiceáilte agus ba dhrabhlásach an tréimhse í. Sa tsraith sé chlár seo deineann an draoi Danny Boyle iarracht scéal an bhanna ainrianta seo a reic. 

Ag tús an chéad ghála tugann ábhar cartlainne siar go deas sinn chuig dearóil agus duairceas dheireadh na seachtóidí i Sasana sinn. Mórán ceantar faoi mhíbhuntáiste agus dream óg de bhunadh an lucht oibre ag teacht aníos gan mórán deiseanna nó dóchais. “Four broke, working class kids who can’t play for shit,” a deir siad fúthu féin ag pointe luath amháin. Iad corraithe den saol agus iad den tuairim gur cuma le héinne fúthu.

Maíonn said féin, dá réir, go mbeidh siad ar nós is cuma liom faoi gach duine eile. An fhearg, an ainriail agus an dearcadh frithbhunaíochta ag teacht chun cinn go láidir. Seo an chuid is suimiúla de scéal na meithle dar liom. Tá sé fuirste radharcanna an fhiántais a léiriú; rud eile ar fad is ea a léiriú cad as a eascraíonn sé.  Is deacair a shamhlú anois an creathadh a bhain a n-amaidí agus a ngraostacht as sciaranna áirithe den phobal, an dream coimeádach, seanfhaiseanta ach go háirithe.

Is trí shúile Steven Jones a chítear eachtraí corraitheacha na tréimhse agus ní haon iontas sin óir go bhfuil an tsraith bunaithe ar a dhírbheathaisnéis Lonely Boy. Ní fhéadfadh an saothar a bheith tomhaiste, meáite ó thaobh dearcthaí is tuiscintí dá bharr sin. Is léir sin ón gcéad ghála mar a bhfuil Jones (Toby Wallace) go hiomlán i lár an aonaigh agus gan aon radharc go fóill ar Johnny Rotten nó Sid Vicious. Tagraítear den mhí-úsáid ghnéis a d’fhulaing sé ina óige mar aon lena ghaol mífheidhmiúil lena mháthair. Tá a mheon neamhbhuartha agus a chuid cabaireachta ag iarraidh an t-olc sin a cheilt. Buailimid le Vivienne Westwood (Talulah Riley), Malcolm McLaren (Thomas Brodie-Sangster) agus Chrissie Hynde (Sydney Chandler). Aisteoireacht bhreá ach ag sleamhnú i dtreo na scigaithrise in áiteanna. Blas rómhaoithneach ar chúrsaí go minic. 

Tá Disney ar a chroí díchill le tamall a chuma leanbaí a chur de; bhí Pamela & Tommy againn tamall ó shin agus mura ndein sin an cúram is cinnte go ndéanfaidh an saothar tíriúil seo an t-aicsean. Ní mó ná sásta atá Johnny Lydon, príomhamhránaí an ghrúpa, le saothar Boyle agus deir sé gur “fantaisíocht de chuid na meán-aicme” atá ann. 

Cé go bhfuil an saothar snasta agus suimiúil níl aon chreathadh bainte asam go fóill. 

Fág freagra ar 'Léamh snasta déanta ag Danny Boyle ar ainriail na Sex Pistols, ach ní bhainfidh sé aon chreathadh asat'