LÉAMH AGUS SCRÍOBH Cur síos ciotach ar charachtar: ó am go chéile, teipeann ar mháistrí na ceirde freisin

An tseachtain seo: chuir an cur síos ar charachtair i scríbhneoireacht Maeve Brennan, a shíl sé a bheith ciotach, ár gcolúnaí ag smaoineamh faoin ngné sin den cheird

LÉAMH AGUS SCRÍOBH Cur síos ciotach ar charachtar: ó am go chéile, teipeann ar mháistrí na ceirde freisin

Bhí Maeve Brennan faoi chaibidil agam an tseachtain seo caite, agus beidh arís inniu. Bhain mé an-sult as a cnuasach The Long-Winded Lady – cuntais bheaga ar shaol Nua-Eabhrac a léifeá ceann i ndiaidh a chéile gan stopadh, mar a dhéanfá seacláidí i mbosca a ithe – ach chuir rud amháin as dom.

Ar mo shúile a shíl mé a bhí sé ar dtús. An bhféadfadh sé go raibh spéacláirí nua ag teastáil uaim? Ní fhéadfadh. Ní raibh ann ach coicís ó fuair mé cinn nua, níos láidre, agus ní raibh siad ag tabhairt trioblóide dom le haon chineál léitheoireachta eile. Mar sin féin, agus cnuasach Brennan á léamh agam, thagadh fonn orm go tráthrialta mo spéacláirí nua a bhaint díom agus mo shúile a chuimilt. Gan teip, sleachta den chineál seo ba chúis leis:

He wore a navy blue suit with a snowy white shirt and had a button-down collar, and his tie, which was navy blue, was very long and hung straight down, without a pin or anything to hold it.

Seans gur ormsa atá sé, ach fiú tar éis dom an abairt thuas a léamh trí huaire as a chéile, ní fheicim romham i m’aigne ach guairneán doiléir dúghorm. Tá oiread mionsonraí san abairt go ndalltar an léitheoir – an léitheoir seo, pé scéal é. An rud is measa ná go bhfuil an pictiúr ar fad ina stad. Ní bhogann aon rud! Fiú an carbhat sin, níl sé ach ‘ar crochadh díreach síos’. Dá mbeadh leoithne ghaoithe ann! Is é buille maraithe ná muice ná go gcuireann an cur síos seo as do luas na hinsinte, toisc nach mbogann an scéal ar aghaidh oiread agus orlach lena linn.

Tóg go réidh é, a Alex, a déarfaidh tú. Seans nach bhfuil ann ach ceist stíle. Seans go raibh níos mó spéise in éadaí ag Maeve ná mar atá agatsa, agus seans go raibh níos mó cur amach aici orthu freisin.

Chuile sheans go raibh. Agus cé mise le dul ag argóint le duine de mháistrí cheird na scríbhneoireachta? Níl mé ag gearán dáiríre. Go deimhin, tá mé faoi chomaoin ag Brennan. D’fhoghlaim mé ceacht uaithi. Chuir sí i gcuimhne dom arís eile a dheacra is atá sé cur síos a dhéanamh ar charachtair. Chaith mé cuid mhór ama an tseachtain seo ag machnamh faoin ngné sin de cheird na scríbhneoireachta, agus rith dhá threoirphrionsabal liom a gcloífidh mé leo feasta.

Dá laghad an cur síos fisiciúil ar charachtair is ea is fearr é, agus bíodh gluaiseacht éigin ar bun.

‘Cheangail sé a charbhat, a bhí ar aon dath lena chulaith dhúghorm, faoina mhuineál in athuair. Ní raibh aon mhaith leis, bhí an diabhal rud rófhada.’

Fág freagra ar 'LÉAMH AGUS SCRÍOBH Cur síos ciotach ar charachtar: ó am go chéile, teipeann ar mháistrí na ceirde freisin'

  • Éadóchasach

    Is ortsa atá sé, a Alex. Feictear dom ná fuil do leagansa pioc níos fearr ná bunleagan Bhrennan; ní hionann iad, agus sin an méid. (Táid go hiomlán éagsúil le chéile, i ndáiríre: Insan mbunleagan, breathnaíonn an scéalaí ar fhear an charbhait fhada; i do leagansa, is airsean féin atá an fear ag breathnú.) Canathaobh nach ionann iad? Toisc nach ionann do dhearcadh-sa agus dearcadh Bhreannan, is léir. Níl insan scríbhneoireacht ach dearcadh, agus sin an méid.