Leagan Rúisise de ‘Cré na Cille’ foilsithe i Moscó – nach é an Cadhanach a bheadh sásta…

Gaeilgeoir as an Rúis Yuri Andreichuk a d’aistrigh go Rúisis Cré na Cille atá curtha amach ag teach foilsitheoireachta i Moscó

Leagan Rúisise de ‘Cré na Cille’ foilsithe i Moscó – nach é an Cadhanach a bheadh sásta…

Cré na Cille, mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain, curtha ar fáil sa Rúisis.

Gaeilgeoir as an Rúis Yuri Andreichuk a d’aistrigh go Rúisis an t-úrscéal atá aitheanta ar cheann de mhórshaothair litríocht na hÉireann agus an teach foilsitheoireachta Corpus, atá lonnaithe i Moscó a d’fhoilsigh.

Teagascóir Gaeilge é Andreichuk, a d’fhoghlaim an teanga é féin agus é ina mhac léinn in Ollscoil Stáit Mhoscó. Bhunaigh sé an chéad chúrsa Gaeilge d’fhoghlaimeoirí Gaeilge i bPríomhchathair na Rúise in 2015.

Chuir Micheál Ó Conghaile, stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht, an comhlacht ar leis an cóipcheart do Cré na Cille, fáilte mhór roimh an aistriúchán is déanaí ar an leabhar agus dúirt go dtaitneodh sé leis an gCadhanach féin go mbeadh a leithéid ar fáil.

“Bhí moill i gceist ar fud an domhain le foilsiú leabhar i mbliana ach tá an-áthas orainn go bhfuil Cré na Cille ar fáil sa Rúisis ar deireadh thiar.

“Bhí an-spéis ag Ó Cadhain i litríocht na Rúisise agus is minic a thagair sé féin do scríbhneoirí agus do leabhair as an Rúis a bhíodh sé a léamh.

“Chuaigh an tír go mór i bhfeidhm air. Tharraing sé as an Rúis ina chuid scríbhneoireachta féin, go háirithe an saol bocht agus saol na tuaithe, mar sin tá sé deas go bhfuil saothar Uí Chadhain anois ag filleadh ar an Rúis,” a dúirt Micheál Ó Conghaile.

I dteachtaireacht ó Literature Ireland dúradh gur dea-scéal é go raibh an leagan Rúisise den saothar iomráiteach anois ina chuid de ‘teaghlach’ Cré na Cille.

I dteachtaireacht a scaipeadh ar chuntas Facebook ‘Literature Ireland’, dúradh go raibh sé “dochreidte” go raibh saothar Uí Chadhain á scaipeadh i bhfad i gcéin.

Tá roinnt leabhar Gaeilge ar fáil sa Rúisis, ina measc úrscéal Shéamais Mhic Annaidh, Cuaifeach mo Londubh Buí, a raibh an-tóir air.

Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht go mbeadh Cré na Cille ar fáil in os cionn scór teangacha faoin mbliain 2025. Sa Ghréigis a bheas an chéad leagan eile de á fhoilsiú agus súil go mbeidh an leagan sin réidh roimh an bhfómhar seo chugainn.

Foilsíodh le cúpla bliain anuas leaganacha Tamailise, Ollainnise, Seicise, Gearmáinise agus Béarla den saothar.

Tá ag éirí go maith leis na leaganacha aistrithe agus tá léirmheasanna moltacha déanta orthu i nuachtáin agus irisí i bhfad agus i gcéin.

Bhuaigh aistriúchán Seicise Radvan Markus duais ag na gradaim liteartha is mó i bPoblacht na Seice.

Foilsíodh dhá leagan Béarla de shaothar Uí Chadhain in 2015, leagan le Alan Titley The Dirty Dust agus leagan le Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson The Graveyard Clay.

Bhronn The Modern Language Association of America a nGradam Lois Roth don aistriúchán ar shaothar Mhic Con Iomaire agus Robinson in 2017.

Fág freagra ar 'Leagan Rúisise de ‘Cré na Cille’ foilsithe i Moscó – nach é an Cadhanach a bheadh sásta…'

  • Jim Huggard

    Foilsíodh leagan Turc i 2016 “Yeraltından Gevezelikler” mar aistriúcán ó “The Dirty Dust” le Alan Titley.

  • Maxim Fomin

    Ba é Garry Bannister an chead duine ar bhunaigh cursa Gaeilge i Moscó sna 1980-í agus é ina mhac léinn PhD san Ollscoil Mhoscó in am sin. Ach sin ráite, comhghairdeas do Yury – an mhaith ar fad.

  • Con

    An féidir libh suíomh gréasáin an fhoilsitheora a lua? Cén áit ar féidir linn cóip a cheannach? Go raibh maith agaibh

  • Roibeard
  • Vitaly

    Ana-bhródúil as Yury, mo mhúinteoir Gaelainne i Moscó. Ana-éacht déanta aige. Maith an fear!!)))