Duais do ‘Cré na Cille’ ag na gradaim liteartha is mó i bPoblacht na Seice

Thiomnaigh Radvan Markus a dhuais Magnesia Litera do Mháirtín Ó Cadhain

Duais do ‘Cré na Cille’ ag na gradaim liteartha is mó i bPoblacht na Seice

Tá duais ag na gradaim liteartha is mó i bPoblacht na Seice buaite ag aistriúchán ar Cré na Cille le Radvan Markus.

Thug Markus leis duais Magnesia Litera do hřbitovní hlína, aistriúchán Seicise ar mhórshaothar Mháirtín Uí Chadhain.

Don Chadhnach a thiomnaigh Markus a dhuais. Tá  aithne mhaith ar an Seiceach in Éirinn agus sealanna caite aige ag déanamh taighde i mBaile Átha Cliath agus i gCarna.

Agus é ag glacadh leis an duais ag an searmanas bronnta ar craoladh beo é ar theilifís Phoblacht na Seice, thagair Markus do ráiteas de chuid an Chadhnaigh faoin dúshlán a bhain le bheith ag gabháil den litríocht nua-aoisí i dteanga a d’fhéadfadh a bheith básaithe níos túisce ná é féin.

Scoláire litríochta agus teanga agus léachtóir in Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Shéarlais i bPrág é an Dr Radvan Markus a d’aistrigh an t-úrscéal L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc go Seicis roimhe seo.

Tá leabhar critice foilsithe chomh maith aige faoi Éirí Amach 1798 i litríocht na hÉireann sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

Foilsíodh an leagan Seicise de Cré na Cille mar chuid de chlár aistriúcháin Chló Iar-Chonnacht a bhfuil faoi leaganacha de mhórshaothair na Gaeilge a chur ar fáil i dteangacha éagsúla.

Dúirt stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht Micheál Ó Conghaile le Tuairisc.ie gur údar mór “áthais” don chomhlacht duais Radvan Markus agus gur léiriú é ní hamháin ar ardchaighdeán shaothar an Chadhnaigh ach ar ardchaighdeán an aistriúcháin.

Seo an tríú duais atá buaite ag aistriúcháin ar Cré na Cille le roinnt blainta anuas. Ar Graveyard Clay le Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson a bhronn an Modern Language Association of America a nGradam Lois Roth don aistriúchán anuraidh. Bronnadh duais chomh maith ar an leagan Gearmáinise den úrscéal iomráiteach.

Fág freagra ar 'Duais do ‘Cré na Cille’ ag na gradaim liteartha is mó i bPoblacht na Seice'

  • Larry Phelan

    Dia leat, a Radvan, go maire tú é!

  • Síle Ní Chathasaigh

    Comhghairdeachas ó chroí, a Radvan! Tuillte agat!