Gradam idirnáisiúnta le bronnadh ar aistritheoirí ‘Cré na Cille’

Ar Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson a bhronnfar Gradam Lois Roth The Modern Language Association of America i mbliana as a sáraistriúchán 'Graveyard Clay'

Gradam idirnáisiúnta le bronnadh ar aistritheoirí ‘Cré na Cille’

Liam Mac Con Iomaire le cóip de 'Graveyard Clay', an t-aistriúchán a rinne sé féin agus Tim Robinson ar 'Cré na Cille' le Máirtín Ó Cadhain

Tá sé fógartha ag The Modern Language Association of America gur ar Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson a bhronnfar a nGradam Lois Roth don aistriúchán i mbliana.

Tá an gradam d’aistriúchán ar shaothar liteartha á bhronnadh ar Mhac Con Iomaire agus Robinson as Graveyard Clay, a n-aistriúchán Béarla ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, a d’fhoilsigh Yale University Press /Cló Iar-Chonnacht faoin teideal sin. Tá an gradam ainmnithe i gcuimhne ar Lois W. Roth, nach maireann, bean a d’oibrigh leis an United States Information Agency ar chur chun cinn na litríochta mar mheán chun teacht ar thuiscint ar chultúir eile. 

Dúirt moltóirí The Modern Language Association of America gur léirigh Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson “scileanna suntasacha” sa tslí gur chuir siad Béarla “beoga” ar chaint na ndaoine i gCré na Cille. Moladh go mór cur chuige na n-aistritheoirí agus a gcinneadh cloí le hainmneacha Gaeilge na gcarachtar agus na logainmneacha sa leabhar le Máirtín Ó Cadhain atá áirithe ar mhórshaothair phróis na hÉireann. Moladh an “réamhfhocal léannta” agus na “nótaí léargais” in Graveyard Clay chomh maith agus dúradh gur “sár-aistriúchán” a bhí ann.

Fág freagra ar 'Gradam idirnáisiúnta le bronnadh ar aistritheoirí ‘Cré na Cille’'

  • Éilis

    Treise libh agus go maire sibh bhur nuacht!

  • Seosamh Ó Cuaig

    Tá sé tuillte go maith acu.

  • Cormac Ó Gráda

    Maith sibh!

  • T Ó Cualáin

    Níor chleacht an Cadhnach aon lúitéis ar phobal an bhéarla. Cé a léifeas an bunleagan anois?

  • Des O Murchu

    Maith thu Liam Mac an Iomaire,! Eacht ag am ar bith! Des O Murchu