Leagan ‘Connachtach’ de ‘Cúirt an Mheán Oíche’ aimsithe

An tOllamh Brian Ó Curnáin a d’aimsigh an lámhscríbhinn den dán iomráiteach atá scríofa i nGaeilge Ros Comáin seachas i nGaeilge na Mumhan

Leagan ‘Connachtach’ de ‘Cúirt an Mheán Oíche’ aimsithe

An tOllamh Brian Ó Curnáin. Pictiúr: RTÉ

Tá leagan nárbh eol gurbh ann dó de Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman aimsithe i measc cáipéisí eile i Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann.

An tOllamh Brian Ó Curnáin, an sochtheangeolaí agus canúineolaí aitheanta, a d’aimsigh an lámhscríbhinn, atá scríofa i nGaeilge Ros Comáin seachas i nGaeilge na Mumhan, mar a bhí ag an bhfile féin, arb as contae an Chláir dó.

Thuairiscigh Ciarán Lenoach ar Nuacht RTÉ inniu gurb é Éamann Ó hOrchaidh a scríobh an leagan Connachtach nárbh eol gurbh ann dó.

Cúirt an Mheán Oíche, an dán fada Raibiléiseach a scríobhadh ag deireadh an ochtú haois déag, ar cheann de mhórshaothair litríocht na hÉireann agus na hEorpa.

In 1817 a scríobhadh an leagan i nGaeilge Chonnacht a d’aimsigh Ó Curnáin agus is é an t-aon leagan go bhfios dúinn ón tréimhse sin nach i nGaeilge na Mumhan Merriman atá.

De réir na tuairisce ag RTÉ, tháinig Ó Curnáin ar an leagan seo den dán agus taighde á dhéanamh aige ar Ghaeilge Chonnacht.

Baineann Cúirt an Mheán Oíche úsáid as múnlaí na hAislinge, ach baintear lúbadh as an traidisiún sin ann ar mhaithe leis an aoir agus le cur síos neamhbhalbh neamh-mhaoithneach a dhéanamh ar chúrsaí inscne, collaíochta agus sóisialta.

Níor foilsíodh an dán go dtí lár an 19ú haois agus ó bhéal na ndaoine a bhíodh á aithris a coinníodh beo é.

Rinneadh aistriúcháin i go leor teangacha ar an dán agus chuir leithéidí Seamus Heaney, Thomas Kinsella agus Frank O’Connor Béarla air. Rinneadh cosc in Éirinn ar leagan Béarla O’Connor a fhoilsiú, ach íorónach go maith bhí an leagan Gaeilge ar chúrsaí scoile.

D’fhoilsigh RTÉ inniu chomh maith íomhá de dhá leathanach i lámh Merriman féin, cáipéis atá i dtaisce ag Ollscoil Cambridge Shasana. Meastar gurb é seo an chéad uair a foilsíódh íomhánna de pheannaireacht Merriman.

Fág freagra ar 'Leagan ‘Connachtach’ de ‘Cúirt an Mheán Oíche’ aimsithe'

  • Carraig

    Cén tuairim mheáite scolárthúil a bheadh ag Liam P Ó Murchú faoin bhfionnachtain seo?

  • wtf

    Ar Facebook a thugann sé siúd (Liam P) a chuid ama!