Leagan amach nua na ndáilcheantar – cé a thoghfar sa chéad olltoghchán eile

Agus atarraingt déanta ar an léarscáil toghcháin, sa chéad cheann de dhá alt speisialta déantar anailís ar gach dáilcheantar sa chéad olltoghchán eile

Leagan amach nua na ndáilcheantar – cé a thoghfar sa chéad olltoghchán eile

Cé go mbeidh 14 Teachta breise ag suí i dTeach Laighean tar éis an chéad olltoghcháin eile tá gach seans ann go mbeidh laghdú ar an líon páirtithe polaitíochta a bheas ann, mar go mbeidh sé ag dul sách rite ar chuid de na páirtithe beaga, an Lucht Oibre san áireamh, aon suíochán a fháil.

Tar éis súil a chaitheamh ar na hathruithe atá molta i dTuarascáil Athbhreithnithe na dToghcheantar a foilsíodh an tseachtain seo, seo mo thuairim ar na himpleachtaí a bheas ag an leagan amach nua le haghaidh gach ceann de na dáilcheantair.

Ceatharlach – Cill Chainnigh

Bhí dóthain daonra sa dá chontae le dhá dháilcheantar trí shuíochán a chruthú, ceann do chaon chontae. Ina áit sin aistríodh sciar de Chill Chainnigh (6,431 duine) go Tuaisceart Thiobraid Árann le dáilcheantar nua a dhéanamh. Tá seans maith ag Sinn Féin suíochán a bhaint ón gComhaontas Glas, ach iarrthóir láidir a bheith acu i gCeatharlach.

Tuar: FF 2; FG 1; SF 2.


Cabhán – Muineachán

Níl mórán d’athrú anseo seachas cuid bheag den dáilcheantar a bheith curtha le Mí Thoir. Tá dhá shuíochán cheana ag Sinn Féin agus le hardú beag ar a vóta beidh seans ag an bpáirtí na trí shuíochán a thógáil. Fianna Fáil a chaillfeadh amach.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 3


An Clár

Beidh díomá agus iontas ar dhaoine gur fágadh an contae le ceithre shuíochán, nuair a d’fhéadfaí suíochán breise a chur ann ach cuid de chathair Luimnigh a chur leis chun teacht ar na huimhreacha a bheadh riachtanach. Seo an dáilcheantar is mó daonra in aghaidh Teachta Dála. Tógfaidh Sinn Féin suíochán amháin anseo. Beidh Fianna Fáil ag iarraidh suíochán breise a bhuachan le Timmy Dooley agus, má éiríonn leis, sé an neamhspleách, Michael McNamara, a chaillfeas amach.

Tuar: FF 2; FG 1; SF 1


Corcaigh Thoir

Tá laghdú déanta ar an toghcheantar seo, cuid de curtha le Corcaigh Thuaidh-Lár agus cuid eile curtha le Corcaigh Thiar-Thuaidh, an baile mór Mala san áireamh. Beidh a dhóthain le déanamh ag Seán Sherlock ó Pháirtí an Lucht Oibre a shuíochán a choinneáil ach seans go roghnóidh sé seasamh i gCorcaigh Thuaidh-Lár, ós rud é gur i Mala is mó atá a lucht tacaíochta. Má sheasann sé i gCorcaigh Thoir bheadh sé i mbaol a shuíochán a chailliúint. Beidh coimhlint ghéar i bhFianna Fáil don suíochán, má bhíonn an duine a chaill a shuíochán in 2020, Kevin O’Keefe, san iomaíocht in aghaidh an Teachta Dála is óige sa Dáil, James O’Connor.

Tuar: FF 2; FG 1; SF 1


Corcaigh Thuaidh-Lár

Tá suíochán breise le líonadh sa toghcheantar seo agus seans maith dá réir ag Sinn Féin suíochán breise a bhuachan más féidir na vótaí a roinnt go cothrom idir beirt iarrthóirí. Gabhfaidh sé rite ar Mick Barry ón bPáirtí Sóisialach a shuíochán a choinneáil. Fuair sé go leor d’fharasbarr vótaí Thomas Gould (SF) in 2020, vótaí nach mbeidh ar fáil dó an chéad uair eile. Beidh Fianna Fáil san iomaíocht don dara suíochán anseo agus seans maith acu é a fháil, ach an vóta a roinnt go cothrom idir beirt iarrthóirí. Má shocraíonn sé seasamh sa cheantar seo, beidh seans beag ag Seán Sherlock (LO) a shuíochán a choinneáil.

Tuar: FF 2; FG 1; SF 2


Corcaigh Thiar-Thuaidh

Ní raibh aon iarrthóir ag Sinn Féin sa dáilcheantar seo an uair dheireanach. Beidh an uair seo. Má thagann lagú ar vóta Fhianna Fáil de bharr na n-athruithe móra ar leagan amach an dáilcheantair d’fhéadfadh iarrthóir ó Shinn Féin an suíochán a bhaint, ach iarrthóir maith a bheith acu.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 1


Corcaigh Theas-Lár

Tá suíochán breise le líonadh sa toghcheantar seo, ina bhfuil Micheál Martin (FF) agus Michael McGrath (FF) an-láidir. Beidh Sinn Féin ag súil leis an dara suíochán agus seans an-mhaith acu ach méadú beag a fháil ar an vóta a fuair an páirtí le hiarrthóir amháin in 2020.

Tuar: FF 2; FG 1; SF 2


Corcaigh Thiar-Theas

Sa dáilcheantar seo d’éirigh le Holly Cairns (SD) teacht chun tosaigh ar iarrthóir Shinn Féin in 2020, le vótaí aistrithe ó iarrthóir na nGlasach. Anois agus í ina ceannaire ar a páirtí, an mbeidh sí in ann an suíochán a choinneáil? Má tá Sinn Féin le suíochán a thógáil, sí Holly Cairns (SD) a bheas thíos leis ach ní raibh aon iarrthóir ag Sinn Féin an uair dheireanach. Ba cheart go dtiocfadh Christopher O’Sullivan (FF) agus Michael Collins (Nspl) slán ag an deireadh.

Tuar: FF 1; SD 1; Nspl 1


Dún na nGall

Beidh díomá ar Shinn Féin nár briseadh Dún na nGall ina dhá thoghcheantar trí shuíochán. Dá mbrisfí bheadh seans ag Sinn Féin ar cheithre shuíochán a bhaint as an gcontae. Tá dhá shuíochán acu faoi láthair ach bhí a ndóthain vótaí ag an bpáirtí le triúr a thoghadh in 2020. Tá sé beagnach cinnte go dtoghfar triúr an uair seo agus d’fhéadfadh go gcaillfeadh Thomas Pringle a shuíochán. Bhí sé ag brath ar vótaí aistrithe (3,000 vóta) ó Shinn Féin in 2020. Má thógann Sinn Féin an tríú suíochán, sé Pringle, an neamhspleách, a bheas thíos leis.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 3


Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh

Seans an-mhaith go bhfaighidh Sinn Féin suíochán breise anseo agus gurb é Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre a bheas thíos leis, go speisialta má bhíonn méadú sa vóta a fhaigheann Cian O’Callaghan (SD).

Tuar: FF 1; FG 1; SF 2; SD 1


Cuan Bhaile Átha Cliath Theas

Seo an dáilcheantar inar bhain Ivana Bacik, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, an fothoghchán chun suíochán Eoghan Murphy (FG) a líonadh. Ní dóigh liom go bhfuil mórán seans ag Sinn Féin an dara suíochán a thógáil sa toghcheantar meánaicmeach seo, ach seans maith go mbeidh beirt iarrthóirí ag seasamh. Beidh Fine Gael ag súil le suíochán Eoghan Murphy a bhaint ar ais ó cheannaire an Lucht Oibre, agus seans maith go n-éireoidh leo. An cheist mhór an mbeidh ceannaire na nGlasach, Eamon Ryan (CG), in ann a shuíochán a choinneáil? Ba cheart go mbeadh.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 1; CG 1


Baile Átha Cliath Láir

Níl aon athrú anseo ó thaobh na tíreolaíochta ach is cinnte go mbeidh an dara suíochán ag Sinn Féin agus go gcaillfidh Neasa Hourigan (CG) amach. Ba cheart go gcoinneodh Gary Gannon (SD) a shuíochán, mar a dhéanfaidh Paschal Donohoe (FG).

Tuar: FG 1; SF 2; SD 1


Baile Átha Cliath-Fine Gall Thoir (3) agus Baile Átha Cliath-Fine Gall Thiar

Dhá dháilcheantar nua ar deacair aon tuar a dhéanamh fúthu go bhfeicfear cé a bheas ag seasamh cén áit. Ag breathnú ar an dá dháilcheantar le chéile, ba cheart go mbeadh suíochán ag Sinn Féin sa dá cheann. Níl ach seans beag ag Joe O’Brien (CG) a shuíochán a choinneáil. Má chailleann Clare Daly a suíochán san Eoraip, an mbeidh sí ag iarraidh a suíochán sa Dáil a thógáil ar ais? Ní bheidh mórán seans ag Duncan Smith (LO) a shuíochán a choinneáil i dtoghcheantar trí shuíochán.

Tuar don dá thoghcheantar le chéile: FF 2; FG 1; SF 2; Eile 1


Baile Átha Cliath Thiar-Láir

Tá suíochán breise curtha leis an toghcheantar seo. Dhá shuíochán ag Sinn Féin agus seans láidir go dtógfaidh siad trí cinn an chéad uair eile agus gurb é Gino Kenny (PBP) a bheidh thíos leis. Coinneoidh Fine Gael a suíochán agus beidh seans an-mhaith ag Fianna Fáil suíochán a bhuachan anseo.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 3


Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh

Beidh dóthain vótaí ag Sinn Féin le dhá shuíochán a thógáil agus coinneoidh Róisín Shortall (SD) a suíochán. Drochsheans go n-éireoidh le Fianna Fáil ná le Fine Gael suíochán a fháil, mura mbeidh aistriú láidir vótaí eatarthu.

Tuar: SF 2; SD 1


Baile Átha Cliath Theas-Láir

Tógfaidh Sinn Féin dhá shuíochán. Tá Bríd Smith (PBP) ag éirí as agus Patrick Costello (CG) i gcontúirt. D’fhéadfadh Fine Gael suíochán a bhaint ar ais anseo ach aistriú láidir a fháil ó iarrthóir Fhianna Fáil nó vice versa. Braithfidh sé ar cén treo a rachaidh vótaí Patrick Costello an Chomhaontais Ghlais.

Tuar: FG 1; SF 2; Eile 1


Baile Átha Cliath Thiar-Theas

Beidh dóthain vótaí ag Sinn Féin le dhá shuíochán a thógáil agus seans maith go mbeidh suíochán ag Fianna Fáil agus suíochán ag Fine Gael. Is deacair a rá cá rachaidh an ceathrú suíochán. Seans maith go mbeidh cuid mhaith vótaí á n-aistriú ó Shinn Féin agus más amhlaidh a bheidh is i dtreo Paul Murphy (RIS) seachas Francis Duffy (CG) a rachaidh siad.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 2; RIS 1


Baile Átha Cliath Thiar

Tá suíochán breise curtha leis an toghcheantar seo. Ba cheart go n-éireodh le Sinn Féin suíochán breise a fháil ach ardú beag a bheith ar na vótaí a fhaigheann siad. Coinneoidh an Taoiseach Leo Varadkar (FG) a shuíochán agus ba cheart go mbeadh Jack Chambers (FF) in ann a shuíochán a choinneáil chomh maith. Ceist mhór, áfach, an mbeidh an tAire Roderick O’Gorman (CG) in ann teacht slán. Drochsheans, mar ní raibh le spáráil aige ach 680 vóta nuair a fuair sé an ceann is fearr ar Ruth Coppinger (SP) an uair dheireanach.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 2; SP 1


Baile Átha Cliath – Ráth an Dúin

Tá suíochán breise curtha leis an toghcheantar seo. Níl aon Theachta Dála ag Sinn Féin ann faoi láthair ach tá beirt ag Fine Gael agus duine ag an gComhaontas Glas. Seans maith ag Sinn Féin an suíochán breise a bhuachan agus seans maith ag an Aire Catherine Martin teacht slán, fiú má fhaigheann sí níos lú vótaí. Beidh Fianna Fáil sa tóir ar cheann de na suíocháin atá ag Fine Gael. Má bhíonn Shane Ross ag seasamh d’fhéadfadh sé an suíochán a chaill sé in 2020 a fháil ar ais agus suíochán a bhaint ó Fhine Gael.

Tuar: FG 1; SF 1; CG 1; Eile 1


Dún Laoghaire

Teastóidh thart ar 3,000 vóta breise, le cois a bhfuair Shane O’Brien Shinn Féin in 2020, le go mbeadh seans acu suíochán a fháil i nDún Laoghaire. Tógfaidh Fine Gael suíochán amháin cinnte agus beidh vótaí le spáráil acu a d’fhéadfadh cabhrú le Cormac Devlin (FF) agus le Oisín Smyth (CG) fanacht sa rás go dtí an deireadh. Chuaigh sé rite ar Fhianna Fáil an uair dheireanach suíochán a fháil mar go raibh beirt san iomaíocht. Seans go gcaillfidh siad a suíochán an uair seo. Ba cheart go dtiocfadh Richard Boyd Barrett slán.

Tuar: FG 1; SF 1; CG 1; BPB 1

Fág freagra ar 'Leagan amach nua na ndáilcheantar – cé a thoghfar sa chéad olltoghchán eile'

  • Eoin Ó Murchú

    Don chuid is mó aontaím leis an anailis seo. Ach amháin BÁC Thiar-Lair. Tá eagraíocht Fhianna Fáil an-lag ar fad sa dáilcheantar seo. Tá’s agam mar tá cónaí orm féin ann. Ceapaim go bhfuil seans fós ag Gino Kenny, nó b’fhéidir ag Eoin Ó Broin na Gaeilge (SocDem anois). Beidh tacaíocht lucht na Gaeilge ag Eoin Gaeilge, agus b’fhéidir go gcabhródh éiginnteacht idir Eoin na Gaeilge (SocDem) agus Eoin an Bhearla (SF).