Leag Feargal Ó Béarra síos slat tomhais don rud is dea-phrós sa Ghaeilge ann

Rinne Feargal Ó Béarra aclú ar phrós na Nua-Ghaeilge ar bhealaí nár éirigh le haon scríbhneoir eile a dhéanamh lenár linn

Leag Feargal Ó Béarra síos slat tomhais don rud is dea-phrós sa Ghaeilge ann

Bhí Feargal Ó Béarra ar dhuine de na daoine ba chumasaí lena linn; bhí bua na scoláireachta aige, bua an cheoil agus bua na scríbhneoireachta — agus crua-Ghaeilge le cois. Mar scríbhneoir, d’fhág sé a lorg go láidir ina dhiaidh.

Gan a chuid scríbhinní acadúla a chur san áireamh, dhá shaothar ficsin atá againn óna pheann, An Tromdhámh (2018), a ghnóthaigh Gradam Leabhar na Bliana 2019, agus Mé Suibhne (2021), agus is mór i gceist iad. Ní leor a rá gur athleagan ar sheanscéal aon cheann den dá leabhar sin, mar is saothar iomlán nua gach aon cheann acu, agus is mór an chomaoin a chuir an dá leabhar ar nua-phrós na Gaeilge.

Sa leabhar is deireanaí leis, Mé Suibhne, ar saothrú í ar sheanscéal Bhuile Shuibhne, téann sé níos doimhne i gcroí-ábhar an scéil agus pléann sé leis an ngealtachas féin. Ina chuid focal féin, “Is í an ghealtacht féin an imeallchríoch thairseachúil is domhnas feasta dó, an áit a leagadh amach dó le haithrí aonair phoiblí a dhéanamh agus é ar thóir a shlánaithe. A mhalairt d’áit, ní cheadófar dó i ngeall ar choinbhinsiúin agus mores na sochaí, ach is í an ghealtacht cheannann chéanna sin (an áit úd a thaithíonn an t-aos imill) seachas aon phionós eile a cheadós dó i ndeireadh thiar thall é féin a shaoradh ó laincisí an choinbhinsiúin agus ó gheimhil na gealtachta.”

Ní bréag a rá gur bhain Mé Suibhne agus An Tromdhámh croitheadh as saol na litríochta — tonnchreathadh a bheas le haireachtáil go ceann i bhfad ina dhiaidh — mar, cé gur saothrú ar an tseanlitríocht atá i gceist sa dá leabhar, rinne Feargal sintéis ghlan ar an sean is ar an nua ina chuid scríbhneoireachta, agus dá réir sin rinne sé aclú ar phrós na Nua-Ghaeilge ar bhealaí nár éirigh le haon scríbhneoir eile a dhéanamh lenár linn.

Ba bheag leis an ‘simpliú’ agus an leimhe sa phrós. Go deimhin, sa dá leabhar sin tá slata tomhais leagtha síos don rud is dea-phrós ann — agus is beag scríbhneoir inniu a bhfuil ar a chumas an caighdeán ard sin a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Leag Feargal Ó Béarra síos slat tomhais don rud is dea-phrós sa Ghaeilge ann'

  • Bríd

    Cailliúint ollmhór do shaol na Gaeilge. Suaimhneas síoraí dó.