Léacht faoi James Connolly anocht ag Féile Pan Cheilteach

Tabharfaidh an staraí Aindrias Ó Cathasaigh léacht speisialta faoi James Connolly mar chuid den Fhéile Pan Cheilteach i gCeatharlach anocht

1916rising

Tabharfaidh an staraí Aindrias Ó Cathasaigh “Léacht Comórtha 1916” ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i gCeatharlach anocht. Díreoidh Ó Cathasaigh ar James Connolly, duine de shínitheoirí Fhorógra na Poblachta agus duine den seisear déag a cuireadh chun báis i ndiaidh an Éirí Amach.

Rugadh Connolly i nDún Éideann na hAlban agus beidh Uachtarán Idirnáisiúnta na Féile, an tAlbanach John A McIver, i láthair mar aoi speisialta ag an Léacht Comórtha, in éineacht le toscaireachtaí ó na náisiúin Cheilteacha eile.

“Cé gur ar shráideanna Bhaile Átha Cliath a chríochnaigh sé, ba in Albain a thosaigh saol polaitiúil Uí Chonghaile, agus bhí an nasc Ceilteach ina ghné leanúnach dá chuid oibre riamh. Thacaigh sé le hathbheochan na Gaeilge, agus tá rian na teanga le sonrú ar a chuid scríbhinní féin.

“Bhí teagmháil idir gluaiseacht an lucht oibre agus gluaiseacht na teanga lena linn, agus daoine ann a tharraing an dá chúis le chéile. Sampla amháin de seo is ea an bhaint a bhí ag Mícheál Ó hAnnracháin – fear eile a cuireadh chun báis i 1916 – le Cumann na bhFear Oibre a bhunú i gCeatharlach,” a dúirt Ó Cathasaigh.

Is i nGaeilge a thabharfar léacht na hoíche anocht ach beidh aistriúchán comhuaineach go Béarla ar fáil freisin.

I ndiaidh an léachta beidh an Comórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar siúl agus is í Eve Belle as Tír Chonaill a bheidh ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann leis an amhrán ‘Craiceann agus Cnámha’.

Fág freagra ar 'Léacht faoi James Connolly anocht ag Féile Pan Cheilteach'