Leabhar Gaeilge macánta iontach den chineál nach bhféadfadh mórán scríobh

Molann ár léirmheastóir leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus a d’aimhleasa. An babhta seo, dírbheathaisnéis den scoth

Leabhar Gaeilge macánta iontach den chineál nach bhféadfadh mórán scríobh

Bhí tráth ann nuair ba mhinic scríbhneoirí Gaeilge ag breacadh scéal a mbeatha, agus ba mhinic ina gclasaicí iad. Dírbheathaisnéisí Gaeltachta ba ea go leor díobh sin a fhanann ag sonnadh inár gcloigne i gcónaí. Ní nós chomh coitianta sin é le leathchéad bliain anuas, áfach, mar cén chuid dár mbaill bheatha a thabharfaimis ar láimh d’fhonn dírbheathaisnéis an Chadhnaigh a fháil? Tá ceann spéisiúil ó Mháire Mhac an tSaoi againn i mBéarla, agus tá dialanna Uí Ríordáin ar fhoilsigh Tadhg Ó Dúshláine smuit astu go híogair cheana agus a bhfuil Pádraig Ó Liatháin ag obair orthu faoi láthair.

De dheasca na teirce sin amháin, ba chóir go bhfáilteofaí go mór roimh Ag Útamáil Liom: cuimhní cinn le Pádraic Breathnach (Cló Iar-Chonnacht €15). Ba leathcheal mór ar an leabhar é a léamh ar an gcúis sin amháin, gan amhras, agus ba leathcheal eile é a léamh go díreach ar son gur mórscríbhneoir dearscnaitheach de chuid ár linne é, rí an ghearrscéil gan freasúra, úrscéalaí den scoth agus machnóir neamhspleách.

Óir, is leabhar ardtaitneamhach é seo, é seolta, bríomhar, oscailte, macánta, lán de ghaotha a scuabann cailimhineog na hintinne ar siúl.

Is leor a rá gur scéal atá ann. Tá an cumas céanna eachtraíochta agus insinte á léiriú aige ann agus atá ina shaothar liteartha siar amach. Sa mhéid sin féin, léifear é ceann ar aghaidh. Tá greann agus spleodar ann, agus na tréithe sin go léir a bhíodh ar leabhair a d’fhoilsigh an Gúm ar feadh i bhfad, grá agus gruaim, soineann agus doineann, gol agus gáire, thuas seal agus thíos seal, sonas agus donas, thall is abhus.

Mar is dual do leabhar den tsórt seo, tosnaítear le heachtraí na hóige agus leis an tógáil bhaile a fuair sé. Mhaítí gur cheart ‘oscailt phléascach’ a bheith sa ghearrscéal, ach ní taise don chuntas seo é. Aighneas idir a athair agus an sagart paróiste is ea an chuimhne is faide siar ina cheann, aighneas a d’fhág a lorg ar an teaghlach agus air féin. Is í an chuid is saibhre d’insint seo na hóige, áfach, ná an mionchur síos atá aige ar a mhuintir, ar a ghaolta agus ar a chomharsana.

Dírbheathaisnéis Ghaeltachta, nó níos cruinne dírbheathaisnéis bhreacGhaeltachta is ea caibidlí tosaigh na hinsinte, agus is de shuimiúlacht ann gur neartaigh polasaithe an stáit an teanga de bharr scéim na ndeontas ar son labhairt na Gaeilge sa cheantar agus ina theaghlach féin. Ní hé gur chuimhin leis a chéad lá ar scoil ar nós na mílte, ach is fada a ghabhann slat na múinteoirí agus gach eile a bhaineann leis na blianta tosaigh scoile sin a bhfuil cuimhne againn go léir orthu. B’éigean dóibh ‘urlabhraíocht’ a fhoghlaim ar scoil, nós atá imithe as leis na cianta. Ar a laghad níor ghá dóibh an amaidí den ‘rain of Spain stays mainly on the plain’ a aithris mar a dheineamarna ‘Turty tree tousand tistles and torns’, ach b’in Béarla Chorcaí. Beidh a scéal scoile féin ag cách anseo de réir is mar a mhúsclaítear cuimhní.

Scéal glúine is ea go leor den insint chomh maith. An méid díobh a saolaíodh sna 40idí agus a raibh d’ádh leo oideachas meánscoile agus coláiste ina dhiaidh sin a fháil, b’fhéidir obair shamhraidh sclábhaíochta a fhulaingt d’fhonn leordhóthain pinginí a thuilleamh don bhliain ollscolaíochta dár gcionn. Chuir sé a phurgadóireacht isteach i Londain mar sclábhaí in iliomad cineál fostaíochta, agus leagann a shúil ghrinn ar sprionlaitheacht an chothaithe a fuair sé leis an gcruinneas is dual dó: na hispíní a cuireadh faoina bhráid don bhricfeasta ba ‘gheall le boid choillte iad’. Fairis sin, na damhsaí buile i measc na ndeoraithe agus truamhéala na muintire nach raibh an filleadh i ndán dóibh.

Bhí an t-ádh leis dul ar an ollscoil ar nós gach duine den bheagán dá aois nár ghá a muinchillí a thrustadh [thrusáil] suas agus obair allais a fháil. Is mór é a mheas ar na hollúna ollscoile a chuaigh i bhfeidhm air, ach cuirfidh sé iontas ar aos óg an lae inniu an saghas cumhachta a bhí ag na hollúna céanna agus an tslí arbh fhéidir leo caitheamh lena gcuid mac léinn.

Duine ar bith ar múinteoir é cuirfidh sé an dúspéis sna blianta tosaigh a chaith sé i mbun na ceirde sin. I dtosach báire bhí tamall aige i gColáiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann, agus is diail ar fad an chuimhne atá aige ar a chomh-mhúinteoirí. Leis an bhfuinneamh agus leis an díocas sin is dual don mhúinteoir óg, bhunaigh sé iris litríochta agus scríbhneoireachta do na mic léinn, a raibh, is ea, fan leis, Gabriel Rosenstock ina measc. Agus ina dhiaidh sin, bhí sé tamall eile i gColáiste Belvedere i mBaile Átha Cliath, áit a ndeirtí le tuismitheoirí nár mhian leo go leanfadh buachaill dá gcuid leis an nGréigis ar mhaith leo go mbeadh sé ina shiúinéara!

Scéal ann féin é mar a ceapadh ina léachtóir sa Ghaeilge é i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Beidh sé ina chúis iontais dá lán anois an tslí ar mhná rialta formhór na foirne, agus gur iarradh air stair a mhúineadh do na mic léinn de cheal na ndintiúirí acadúla a bheadh a dhíth anois d’fhonn laidhricín na leathchoise a chur ar imeall an dréimire. Mór idir na haimsirí, mar a deirtear.

Tá, leis, trácht thar a bheith tuisceanach faoin teannas ann idir a bheith ina scríbhneoir agus ina scoláire acadúil. Bhí na húdaráis, R.A. Breatnach UCC ina measc, ag tathant go láidir air staidéar ceart a dhéanamh ar Ghaeilge Mhaigh Cuilinn ‘mar ní fada go mbeidh sí tráite san áit sin’. Cé gur chuir sé comaoin mhór ar a cheantar féin ina dhiaidh sin, bhí a chroí riamh sa scríbhneoireacht chruthaitheach.

Is díol suime mar a phéac na hiarrachtaí tosaigh pinn aníos ann. Thosnaigh sé le filíocht ar nós go leor, agus foilsíodh dánta leis sna cnuasaigh ba mhó meas san am, Nua-Fhilí Shéamais Uí Chéileachair san áireamh. Ba í a thuairim, áfach, go raibh an fhilíocht ‘ró-éasca le scríobh agus le foilsiú’. Chuige sin a streachailt leis an ngearrscéal ar thug sé gean a chroí go fíochmhar dó in ainneoin mholtóirí an Oireachtais maidir lena chéad iarrachtaí. Ba ghairid, áfach, go raibh Duais an Mhaolánaigh don ghearrscéal á gnóthú aige blianta as a chéile ar nós peileadóirí Bhaile Átha Cliath go dtí anuraidh.

Níl aon ghaiscíocht á déanamh aige as seo, ná níl aon bhréagumhlaíocht ann ach an oiread. Aithníonn sé a mhórmhaitheasaí agus a chuid lochtanna follasacha in éineacht. Leabhar macánta go bun an angair atá anseo, leabhar de shaghas nach leofadh go leor eile a scríobh. Ní foláir nó ghoill sé air a chliseadh sláinte féin a chur os ard, gan trácht ar na haighnis acadúla sa choláiste, ná an teannas idir é féin agus máthair a chéile. Cén duine a d’admhódh go raibh pus ar a bhean chéile, Anna, maidin a bpósta, ach is laoch de chuid an leabhair í siar amach agus a raibh uirthi cur suas leis!

Mar dhuine go raibh seach-chonair chairdiach aige, ba é, agus is é atá aclaí gníomhach. Galf, marcaíocht ar chapaill, fiach, foghlaeireacht, seilg, siúl, seabhcóireacht, taisteal, is é atá ina mbun le fada. Agus na tíortha aduaine sin thar lear ar thriall sé féin agus Anne orthu, tíortha nach mbeidh lua orthu sna bróisiúir a thiocfaidh an doras isteach chugat- Ceatmandu, an Ghraonlainn, Alaska, an Tibéid, ach níor éirigh leis fós Hiort a bhaint amach ach an oiread liom féin.

Lá dá raibh sé i nGairinis áit a bhfuil na bláthghairdíní Seapánacha chonaic sé bláth áirithe ansin ‘nach bhfaca mé a chomháilleacht bhlátha in áit ar bith eile ar domhan. Níor fhéadas ach bualadh fúm ar chloch ag breathnú air, ag adhradh Dé.’

Cuid éigin den iontas sin tá tríd an leabhar ar fad. Leabhar é a insíonn sciar maith de shaol an dara leath den aois seo caite, ach leabhar sainiúil pearsanta a bhfuil aon duine faoi leith amháin go sonrach istigh ina lár.

Fág freagra ar 'Leabhar Gaeilge macánta iontach den chineál nach bhféadfadh mórán scríobh'