Leabhair a léigh mé feadh na slí…le DARACH Ó SCOLAÍ

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag an scríbhneoir Darach Ó Scolaí atá an rogha

Darach Ó Scolaí


432px-Treasure.Island.CoverLeabhar a mhúin aoibhneas na heagla dom

Treasure Island – Robert Louis Stevenson

Sílim gur i bhfoirm úrscéil ghrafaigh a léigh mé Treasure Island le Robert Louis Stevenson i dtosach, agus ba ghearr i ndiaidh sin gur bháigh mé mé féin sa leabhar féin. Chuir an dall Piú faitíos mo chraicinn orm agus, fearacht Jim Hawkins féin, bhí mé meallta ag Long John Silver agus ag an taobh dorcha (níor tháinig mé as sin fós). Ba nuair a d’fhill mé ar an leabhar le deireanas chun Oileán an Órchiste a aistriú, a thuig mé máistreacht Stevenson ar ealaín na scríbhneoireachta.


28088Leabhar a chuir faoi dhraíocht mé

One Hundred Years of Solitude – Gabriel García Márquez

Agus mé traochta ag litríocht na hArdteiste (tráth dá raibh litríocht ar chúrsa na hArdteiste!), ba é eipic nua-aimseartha Ghabriel García Márquez Cien años de soledad (One Hundred Years of Solitude) a dhúisigh an tsamhlaíocht ionam arís.

É sin agus La Chute le hAlbert Camus. Guth mealltach drámatúil an scéalaí a tharraing isteach mé agus a chuir faoi dhraíocht mé. Fianaise ar a fheabhas mar scríbhneoir é mar a d’éirigh le Camus muid a mhealladh ag ardréim chainte an juge-pénitent Jean-Baptiste Clamence agus é ina shuí ina chúirt ifreanda in íochtar Amstardam. Ba ina dhiaidh sin a tháinig Gunther Grass, Myles na gCopaleen, agus go leor eile.


Seán Mac MathúnaLeabhar a chuir ag cuimhneamh orm féin mé

Ding – Seán Mac Mathúna

Bhain Ding geit asam. Agus léigh mé go santach (agus go héadmhar) gach ar scríobh Seán Mac Mathúna. Bhí ardlitríocht á scríobh i mo theanga féin. Thart ar an am céanna, ar an ollscoil dom, is cuimhin liom teacht ar leabhair eile nach raibh ar aon chúrsa, Cuaifeach mo Londubh Buí le Séamas Mac Annaidh agus Iomrall le hIarla Mac Aodha Bhuí. Ba níos deireanaí a casadh Mac Cóil i mo bhealach, agus Titley.


Book of Laughter and ForgettingLeabhar a thug cuireadh chun spraoi dom

Kniha smichu a zapomneni – Milan Kundera

Agus ansin, tháinig Milan Kundera, agus Kniha smichu a zapomneni, (Le Livre du rire et de l’oubli, nó Leabhar an Gháire agus an Dearmaid). Is é an chéad chaibidil a fhanann liom thar aon cheann eile, agus an ceannaire Cumannach Klement Gottwald ag labhairt leis an slua i bPrág i mí Feabhra1948. Tá an lá fuar; leagann a chomrádaí Vladimir Clementis a chaipín ar chloigeann Ghottwald. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuireann an Páirtí Cumannach Clementis chun báis, agus gearrtar amach as na grianghraif freisin é; ach ar ghrianghraf seo mhí Feabhra 1948, tá Clementis imithe, ach tá a chaipín fós ar chloigeann Ghottwald.

Is í an spraíúlacht a chuaigh i gcion orm i leabhair Khundera, sin agus an coincheap den roman ludique nó den úrscéal spraíúil — téama dá chuid a sheol siar go Diderot mé, Cervantes agus Sterne.


point_omegaLeabhar a chuireann an t-am ina sheasamh dom

Point Omega – Don Delillo

Ar úrscéalaithe comhaimseartha an Bhéarla, is é Don Delillo a léim. Sa leabhar is deireanaí leis, Point Omega, as an bprós lom bearrtha cruthaíonn sé ciúnas, moillíonn sé snáthaid an chloig, agus luchtaíonn an t-aer le teannas leictreach. Dála Norman Mailer, ina chuid úrscéalta pléann sé le cinseal Mheiriceá agus tugann sé mé i láthair fhoinsí na cumhachta. Sa Fhraincis, is é Patrick Modiano is ansa liom, scríbhneoir ceolmhar na héagmaise.  In Dora Bruder, mar a dhéanann sé ina shaothar fré chéile, pléann sé le téama de chuid Khundera roimhe, téama na díchuimhne — ach déanann é sin ar bhealach a fhanann inár gcuimhne.

Fág freagra ar 'Leabhair a léigh mé feadh na slí…le DARACH Ó SCOLAÍ'