Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Gaelchultúr
Cén áit i mBaile Átha Cliath ar cheart an Lárionad Gaeilge a lonnú?
Tá sé riachtanach go mbeadh an t-ionad i gcroílár na cathrach agus go mbeadh sé an-fheiceálach – tá tábhacht shíceolaíoch ag baint leis sin. Dá mbeadh sé i lár na cathrach, bhuailfeadh daoine isteach chuige gan choinne, rud nach dtarlódh dá mbeadh sé lonnaithe i mbruachbhaile éigin. Tá go leor iarrachtaí ar bun cheana sa tír an Ghaeilge a bhrú amach go dtí an t-imeall, mar sin caithfimid é sin a sheachaint i gcás an ionaid seo!
Cad ba chóir a bheith ann?
Ba cheart go mbeadh caifé ann go cinnte, seomraí ranga/traenála agus spás ilfheidhmeach a d’fhéadfaí a úsáid do réimse leathan imeachtaí – ceolchoirmeacha, cuir i gcás, drámaí, scannáin, comórtais amhránaíochta. Ba cheart go mbeadh suíocháin in-aistarraingthe sa spás áirithe sin, mar sin.
Ar cheart ceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair a fhorbairt mar lárionad?
B’fhearr liom an t-ionad a bheith neamhspleách ar na dreamanna atá ann cheana, Gaelchultúr san áireamh. Tá tús nua agus smaointe nua ag teastáil.
Céard a bheadh riachtanach chun go n-éireodh lena leithéid de lárionad?
Chaithfeadh dream a bheith ina bhun a bhfuil taithí acu ar imeachtaí a reáchtáil agus brabús a dhéanamh. Tá sé riachtanach go mbeadh an t-ionad brabúsach i ndiaidh cúpla bliain agus nach ar mhaoiniú stáit amháin a bheadh sé ag brath. Ní leor dream a chur ag plé leis an ionad a bheadh ag iarraidh an obair a dhéanamh ar son na cúise amháin agus tuarastal an-íseal a íoc leosan a bheadh ag obair ansin.
Cad ba chóir a sheachaint?
Sílim gur botún mór a bheadh ann ionad a thógáil nach ndéanfadh freastal ach orthusan a bhfuil Gaeilge acu cheana – ní mór dúinn níos mó daoine a mhealladh i dtreo na teanga, fiú iadsan atá ar nós cuma liom fúithi faoi láthair. Lena chois sin, ba cheart go gcuirfí fáilte i gcónaí roimh dhaoine ó chultúir eile agus go dtabharfaí deiseanna dóibh imeachtaí dá gcuid féin a reáchtáil. Ba cheart a chinntiú, áfach, go mbeadh an Ghaeilge i gcroílár an tionscadail agus go mbeadh áit lárnach aici i gcónaí, is cuma cén t-imeacht a bheadh á reáchtáil san ionad. Ceann de na dúshláin is mó a bheadh ann ná foireann a mbeadh Gaeilge acu a mhealladh agus a choinneáil go fadtéarmach. Bheadh sé riachtanach córas oiliúna éigin a fhorbairt (e.g. do fhreastalaithe an chaifé) agus daoine a bheith ar fáil i gcónaí dá mbeidís ag teastáil gan mórán fógra. Ba cheart go gcuirfí oiliúint ar gach duine a bheadh ag plé leis an phobal ó lá go lá le cinntiú go mbeadh Gaeilge mhaith acu agus go gcuirfidís seirbhís ar ardchaighdeán ar fáil i gcónaí.
Ciarán Ó Feinneadha, Na Gaeil Óga
Cén áit i mBaile Átha Cliath ar cheart an Lárionad Gaeilge a lonnú?
Bheinn sásta le foirgneamh an Chonartha atá cheana féin ann ach bheadh plean de dhíth.
Cad ba chóir a bheith ann?
Tá neart rudaí a bheadh go maith ach an t-airgead a bheith ar fáil. Bialann Indiach, beár, amharclann, ionad oideachais do dhaoine fásta, ionad lae do pháistí, siopa leabhar agus caifé. Spás do dhéagóirí agus d’fhoghlaimeoirí. Seomra cruinnithe ar ardchaighdeán le teicneolaíocht den scoth ann.
Ar cheart ceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair a fhorbairt mar lárionad?
De bharr easpa spáis, ní mholfainn ach méid beag oifigí a bheith sa bhfoirgneamh fiú más gá cuid d’fhoireann an Chonartha a chur áit eile.
Céard a bheadh riachtanach chun go n-éireodh lena leithéid de lárionad?
Seomra idirnáisiúnta ina mbeadh taispeántas ilteangach buan do thurasóirí agus d’Éireannaigh faoi shaibhreas na Gaeilge. Beagáinín faoi stair agus níos mó faoin suíomh ina mbeidh sí sa bhliain 2050. Eolas faoi líon na ndaoine a úsáideann an teanga i ngnéithe éagsúla den saol comhaimseartha ar Duolingo, Twitter agus Boniface; ag plé leis an stát, sna Gaelscoileanna, Gaeilge sa Ghaeltacht, Gaeilge mar theanga clainne, agus an fás atá ag teacht ar líon na gcainteoirí Gaeilge. Is eisceacht í cás na Gaeltachta faoi láthair is dócha ach athróimid sin.
Mholfainn seomra machnaimh a thabharfadh spreagadh do dhaoine le dúshláin meabhairshláinte. Grúpaí AA, Jigsaw, Teach Pieta srl á reáchtáil trí Ghaeilge.
Bheadh giom agus sauna deas ar bharr an tí. Is dócha go mbeadh linn snámha ró-chostasach cheal spáis.
Cad ba chóir a sheachaint?
Gaeilge amháin ba cheart a bheith sa spás Gaeilge agus í á labhairt i measc na foirne. Mholfainn spás ar leith d’fhoghlaimeoirí.
Máire Ní Fhinneadha, iarbhall de Chlub an Chonartha
Cén áit i mBaile Átha Cliath ar cheart an Lárionad Gaeilge a lonnú?
Nárbh áit mhaith don Ionad Gaeilge an Jeanie Johnson atá ar ancaire ar an Life in aice le hIonad breá na Comhdhála, long a chosain go leor lena cóiriú agus a tharraing cuid mhaith gaisce, ach fiontar ar thit na tóin as mar sin fhéin! Mholfainn Cearnóg Pharnell mar rogha eile – mar a mbíodh Coláiste Mhuire, a bheidh ina Ceantar Cultúir (nó Sráid an Mhúraigh). Mura dtógfar tithe/árasáin i lár na cathrach, b’fhéidir nach é lár na cathrach mecca na nGael níos mó?
Cad ba chóir a bheith ann?
Ionad comhrá, siopa leabhar, ionad ranganna agus ceoil agus ceiliúrtha.
Ar cheart ceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair a fhorbairt mar lárionad?
Tá an áit sin ann ach is léir go bhfuil Gaeil ag diúltú dul ann ina sluaite, is mó Gaeil a bhíonn san Harcourt agus i gCoppers ná sa gClub. Ba chóir a fháil amach ina staidéar, cén t-údar atá leis sin – an t-íoslach aisteach sin, b’fhéidir?
Céard a bheadh riachtanach chun go n-éireodh lena leithéid de lárionad?
Cliaint, úsáideoirí, custaiméirí, ballraíocht, bainisteoirí gairmiúla, margaíocht, ionad páirceála, nó in aice le córas iompair?
Cad ba chóir a sheachaint?
Muinín a chur i bhfoirgneamh seachas in atmaisféar agus imeachtaí a mheallfadh teaghlaigh/aoisghrúpaí éagsúla ag tráthanna éagsúla. B’fhéidir gur cheart léas a fháil ar fhoirgneamh agus an gá a thástáil sula gcaithfí airgead ar eilifint ghléineach eile. An dteastaíonn ó lucht na Gaeilge (daoine fásta) a bheith i bhfochair a chéile ag ócáidí sóisialta i gcónaí? Ní easpa ionad Gaeilge is cúis le neamhfheiceálacht na Gaeilge sa chathair.
Peadar Ó Caomhánaigh, An Pop Up Gaeltacht
Cén áit i mBaile Átha Cliath ar cheart an Lárionad Gaeilge a lonnú?
Má dhéanann tú iarracht freastal ar phobal chomh mór agus chomh scoite ar fud na háite agus atá Gaeil Átha Cliath, beidh a fhios agat nach féidir leat gach uile dhuine a shásamh. Caithfear i dtosach léarscáiliú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil agus a aithint cá bhfuil an bhearna – idir áiteanna a bhfuil seirbhísí Gaeilge ar fáil iontu agus áiteanna nach bhfuil. Mheasfainnse féin, mar Chluain Dolcánach bródúil, nach gá athcheapadh a dhéanamh ar choincheap a oibríonn. B’fhearr liomsa go gcaithfí an €4 milliún [an tsuim atá geallta don ionad] ar Áras Chrónáin a fheabhsú, agus ar thacaíocht a thabhairt do Ghaelphobal Thamhlachta agus Pobal Gaeilge BÁC 15. Ní fúmsa a bheidh an cinneadh, áfach, agus measaim go bhfeicfear foirgneamh nua amach anseo. Mar sin, cá háit ar chóir dó a bheith? I lár na cathrach, áit a bhfuil an cíos agus praghsanna talún ró-ard? Nó sna bruachbhailte, áit nach mbeadh rochtain ar gach éinne air? Is léir nach bhfuil ach rogha amháin ann – Seipilín a chur in airde agus é a bhogadh ó bhaile go baile, ó shráid go sráid, ar thóir na Gaeilge.
Cad ba chóir a bheith ann?
Níl aon difear idir na Gaeil agus na Gaill seachas an teanga ar fearr leo a saol a chaitheamh inti, rud a dhéanann freagra na ceiste ‘cad ba cheart a bheith i lárionad Gaeilge?’ níos simplí agus níos casta d’aon iarraidh amháin. Má dhéantar siopa a chur san ionad, an mbeadh na Gaeil dílis do shiopa na Gaeilge? Nó an mbeadh ar an siopa bheith ar a laghad chomh maith leis an Tesco Express síos an bóthar? Má thógtar amharclann, an drámaí Gaeilge amháin a bheadh á léiriú inti? Más ea, an bhfuilimid ag breathnú ar thogra nach mbeidh riamh in ann seasamh ar a dhá chos féin? Cad ba cheart a bheith in ionad Gaeilge? Gaeilge. Cén cruth a chuirfeá air sin? N’fheadar.
Ó, agus bíodh beár ann. Beár iontach deas a fháiltíonn roimh chách.
Ar cheart ceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair a fhorbairt mar lárionad?
Mura gceannaíonn Conradh na Gaeilge na foirgnimh ar an dá thaobh díobh, níl an spás acu a bheith chomh huaillmhianach agus a mhaíonn siad ba chóir dúinn a bheith faoin teanga. Tá Ceanncheathrú an Chonartha ag freastal ar phobal cheana féin. An mbeadh sé níos fearr dul in áit nua agus pobal nua a aimsiú?
Más gá don lárionad nua a bheith ar Shráid Fhearchair, ceannaímis Copper Face Jacks. Ná habair faic leis na sluaite thíos staighre, ach lig do gach pingin rua dul ar son na cúise.
Céard a bheadh riachtanach chun go n-éireodh lena leithéid de lárionad?
Má tá sé mar aidhm ag pé dream a mbeadh an t-ionad faoina gcúram é a choimeád sa dubh trí fhreastal ar éilimh an phobail, bheadh €4 milliún uathu le tosú ach amach anseo bheadh siad ag súil le brabús chun na doirse a choimeád oscailte. Más fíor an t-éileamh a mhaímid a bheith ann, beidh rath air. Mura bhfuil, teip ollmhór a bheidh sa togra, ach beidh craic den scoth againn gach céim bheag den aistear!
Cad ba chóir a sheachaint?
An botún is mó a d’fhéadfaí a dhéanamh faoin togra ná an iomarca aire a thabhairt d’fhéidearthacht na mbotún. Just déan é. Mar a dúirt an saoi agus fealsúnaí Kevin Costner, ‘Tóg é, agus tiocfaidh siad’.
Áine Ní Ghlinn
Bhí mé sa Chultúrlann i mBéal Feirste cúpla uair le gairid – an áit lán go doras gach uair. Bhí ceardlanna scríbhneoireachta á ndéanamh agam ann le daltaí… seomra breá mór leis na háiseanna ar fad a bhí uaim. Bhí ceardlanna eile ar siúl thuas staighre agus fuinneamh iontach, fuinneamh na hóige san áit. An fuinneamh sin uaimse in aon lárionad Gaeilge … Bheadh siopa i gceist, caife & bialann, amharclann, ionad spraoi do pháistí beaga, ranganna de gach sórt do gach aois … ranganna Gaeilge d’fhoghlaimeoirí & ranganna de gach sórt do Ghaeilgeoirí líofa (machnamh/Tai Chi/ficheall/cruinneas Gaeilge/… rud ar bith a thabharfadh deis & ionad dúinn le teacht le chéile ann). Bheadh imeachtaí ann a mheallfadh turais scoile … ceardlanna drámaíochta & scríbhneoireachta, rang Anna fichille, ceardlanna Mata nó Staire … ionad ina mbeadh fáilte roimh & imeachtaí ar fáil do gach aois.
Cén áit?
Ní bheinn i gcoinne Sráid Fhearchair mar go stopann an Luas ann – ach chaithfí Conradh na Gaeilge bhogadh amach as an ionad. Chaithfeadh Lárionad Gaeilge a bheith lárnach … gar do lár na cathrach … páirceáil ar fáil sa cheantar & é a bheith gar don Luas.
Deasún ÓSeanáin
Lár na Cathrach i bhfad ón Chonradh. Ní fheiceann tú go leor daoine sa Sráid Fhearchair. Táimíd ag iarraidh áit atá beo agus áit feiceallach nach bhfuil cosúil le oifig stáitseirbhise!
Anna Heussaff
Mar aon leis na moltaí eile anseo thuas, molaimse go láidir go mbeadh ionad taispeántais ann ar stair, ar shaíocht agus ar úsáid na Gaeilge inniu, logainmneacha, béaloideas, litríocht, an Ghaeilge i saol na tíre, a mheallfaidh turasóirí ón iasacht, cuairteoirí ón tír seo, turasanna scoile agus pobal na Gaeilge féin. Níl a leithéid againn agus creidim go mbeadh éileamh air: sa taispeántas ar Leabhar Cheanannais i gCol na Tríonóide, ar éigean a thuigfí gur Gaeilge a bhí á labhairt ag na manaigh a bhreac é agus is beag an deis do dhaoine a fháil amach cad í an teanga seo againn. Luaigh Ciarán Ó Feinneadha taispeántas den sórt seo ach chuirfinn leis… agus ba bhealach é le daoine de gach sórt a thabhairt san ionad, a mbeadh freastal ann freisin ar imeachtaí Gaeilge is eile mar atá ráite cheana.
Liam Ó Briain
Caife , spás amharclainne, Ionad Tacaíochta Teaghlaigh agus árasáin curtha ar fáil do chainteoirí Gaeilge sort Mion-Ghaeltacht lár cathrach. Tabhair faoi deara – go mbeidh Cultúrlann i mBÁC i mí Méan Fómhair i dTamhlacht.
Fidelma
Ba mhaith liomsa an t-ionad seo – Aonach na Gaeilge, abair – a fheiceáil i Sráid Uí Mhórdha, in áit lárnach, stairiúil agus úrnua, beoga, anamúil. Agus mar a luadh thuas, b’fhearr go mbeadh imeachtaí ilghnéitheacha ann do gach cineál duine agus grúpa, ach siopa leabhar agus leabharlann, caifé/bialann, amharclann/ionad maith siamsaíochta, seomraí plé/ranganna agus cruinnithe a bheith ann mar bhonnchló. Aonach na Gaeilge abú!