Laochra spóirt ó Bhéal Feirste agus Arsenal ag seasamh an fhóid don Ghaeilge agus don Bhreatnais ar Twitter

Spreag giolcacha ó Paddy Barnes caint thaircaisneach faoin nGaeilge agus cuireadh i leith Aaron Ramsey go raibh sé ar meisce toisc gur chuir sé giolc amach i mBreatnais

Ramsey

Sheas beirt laochra spóirt an fód inniu nuair a deineadh ionsaí orthu ar na meáin shóisialta as an nGaeilge agus an Bhreatnais a chur chun cinn ar a gcuntais Twitter.

Níos túisce inniu, thug Paddy Barnes, an dornálaí as Béal Feirste, fúthu siúd a bhí ag caitheamh anuas air nuair a d’fhógair sé go raibh a thríú rang Gaeilge déanta aige agus é compordach anois i mbun comhrá sa teanga.

Níorbh é Barnes an t-aon laoch spóirt ar spreag a rogha teanga caint tharcaisniúil ar na meáin shóisialta. Caitheadh go leor maslaí freisin le himreoir sacair cáiliúil Arsenal Aaron Ramsey nuair a sheol sé giolc i mBreatnais.

Roinnt laethanta ó shin scaip Ramsey ar a chuntas Twitter pictiúr de lá a phósta leis an teachtaireacht  ‘Un flwyddyn heddiw’ a chiallaíonn ‘Cothrom an lae seo bliain ó shin’.

Fuair imreoir Arsenal agus na Breataine Bige go leor teachtaireachtaí dea-mhéine mar fhreagra ar a ghiolc, ach gránna go maith a bhí cuid eile den aiseolas. D’fhiafraigh roinnt daoine de an amhlaidh a bhí sé ar meisce agus é ag cumadh na teachtaireachta nó arbh é a tharla dó ná gur sciorr a láimh ar an méarchlár agus é á scríobh.  

‘Gibris’ a thug daoine eile ar a theachtaireacht Bhreatnaise.

Tráthnóna inniu, ghabh Ramsey buíochas leo siúd a chuir teachtaireachtaí dea-mhéine chuige agus thug sé le fios nach raibh sé chun géilleadh do lucht a cháinte agus go leanfadh sé air ag giolcaireacht i mBreatnais.

Fuair Paddy Barnes, a bhfuil dhá bhonn cré-umha buaite ag na Cluichí Oilimpeacha aige, moladh ó go leor daoine as a fhógra go raibh dul chun cinn á dhéanamh aige ina ranganna Gaeilge, ach dála theachtaireacht Ramsey, spreag sé roinnt mioscaise i measc lucht Twitter chomh maith. Tugadh teanga mharbh gan úsáid ar an nGaeilge; dúirt duine amháin leis an dornálaí gurbh fhearr dó an Béarla a fhoghlaim i gceart i dtosach.

Tomhaiste go maith a bhí an fear troda agus é ag bréagnú ráiteas lucht a ionsaithe. Dúirt sé go raibh níos mó Gaeilge in úsáid ag daoine ná mar a thuig siad féin fiú.