Pádraig Ó Tiarnaigh
Foilsithe ag Éabhlóid https://eabhloid.com/
Is beag foghlaimeoir Gaeilge in Ulaidh, ar comhaois leis an scríbhneoir seo, nár chuir suim i mbéaloideas an chúige le snas a chur ar a gcuid Gaeilge agus le bealach beo isteach a aimsiú sa litríocht dhúchasach. Ba den riachtanas, glúin nó dhó siar, Gaeilge dheas chruinn na gConallach a thabhairt leat.
Ba de bharr obair mhór Sheáin Uí Eochaidh, laoch mór amháin sa ghort seo, go raibh ábhar den tsórt seo ar fáil dúinn. Chaith Ó hEochaidh a shaol ag plé leis an earnáil agus bhailigh sé béaloideas fud fad a chontae dhúchais, Dún na nGall.
Is é atá sa leabhar nua slachtmhar seo cur síos ar shaol agus ar shaothar Uí Eochaidh agus é scríofa ag Pádraig Ó Tiarnaigh, scríbhneoir de bhunadh Ard Mhacha ó dhúchas agus gníomhaí le Conradh na Gaeilge faoi láthair.
Tá an leabhar bunaithe ar thráchtas PhD Uí Thiarnaigh agus saothar staidéartha stuama atá ann dá réir sin. Pléann Ó Tiarnaigh na hiarrachtaí luatha a rinneadh leis an ábhar a chruinniú le chéile: bunú An Cumann le Béaloideas Éireann i 1927; earcú foirne, a bhí fadálach agus dúshlánach go maith; saol Uí Eochaidh agus an obair mhór mhaslach a bhain le dul amach i measc na ndaoine, síos sa ghleann agus suas an sliabh, le trealamh mór trom, muinín na scéalaithe agus seanchaithe a chothú, iad a chur ar a suaimhneas agus fómhar na bhfocal a thabhairt isteach.
Tugann Ó Tiarnaigh léargas ar na daoine ba mhó a bhí ag plé leis an obair agus an meas a bhí ag na bailitheoirí, agus ag Ó hEochaidh ach go háirithe, orthu. Os a choinne sin, soláthraíonn sé comhthéacs di i saol na scoláireachta in Éirinn agus ar an mhór-roinn. Is maith mar a chuireann Ó Tiarnaigh i gcuimhne dúinn go raibh gné idirnáisiúnta i gcónaí ag baint leis an obair.
Tá rian scoláireachta Uí Thiarnaigh féin le sonrú go láidir sa tsaothar agus é ag léiriú tábhacht an bhéaloideasa; ag cur síos go céimiúil ar an ábhar mhór a bhailigh Ó hEochaidh agus ar na dúshláin phearsanta agus oibre a bhain dó le linn a shaoil oibre.
(Tá réamhrá thar a bheith deas leis an Ollamh Lillis Ó Laoire, fear a raibh aithne aige ar Ó hEochaidh, a chuireann maisiú beag deas leis an leabhar fosta.)
Chuirfeadh míreanna tocht ort. Tá litir ag Ó hEochaidh a scríobh sé i 1935, é ina fhear óg, ar lorg oibre leis an dé a choinneáil ann féin: “A dhuine uasail, tuigim go bhfuil sibh ar lorg duine as Tír Chonaill a d’oibreodh mar bhailitheoir Béaloidis. Tairgim mé féin mar iarrthóir ar an phost sin. Cainteoir Gaeilge ó dhúchas mé, agus tá suim agam ó mo leanbaíocht i mBéaloideas. Tá mé 22 bliana d’aois…”
Is dócha gur istigh sa litir bheag sin atá préamhacha ghluaiseacht na Gaeilge go fóill; an cainteoir óg Gaeilge ar lorg rud beag oibre; ar lorg deis le dul chun cinn a dhéanamh sa tsaol agus é sin bunaithe ar a theanga agus ar a chumas féin.
Sea, tá deontais ar fáil anois nach raibh iomrá orthu agus Ó hEochaidh óg ach, ina hanam agus ina croí istigh, níl i ngluaiseacht na Gaeilge go fóill ach iarracht le céim suas a thabhairt do chainteoirí Gaeilge agus dídean a thabhairt dóibh, dá gcuid suáilcí agus buanna, in éadan dhoineann an tsaoil.
De réir mar a imíonn an t-am agus de réir mar a láidríonn tionchar an Bhéarla, is dócha gur mó tábhacht a bheas leis an bhéaloideas ag an duine atá ag iarraidh teacht ar mhúnlaí traidisiúnta samhlaíochta agus teanga chuí shaibhir le hábhar a chur i láthair an phobail, bíodh sin i gcló nó ar líne.
Níl amhras ar bith ann ach go mbeidh leabhar Uí Thiarnaigh ina áis luachmhar acu sin agus iad ag cur tús leis an aistear sin; laoch ag tabhairt a cheart do laoch eile.
Fág freagra ar 'Laoch ag tabhairt a cheart do laoch eile i leabhar nua faoi bailitheoir béaloidis'