Tá láithreoirí nua á lorg ag Raidió Fáilte 107, stáisiún pobail na Gaeilge i mBéal Feirste. Tá an stáisiún ag cur tús le tréimhse nua craoltóireachta agus tá foireann nua de chraoltóirí deonacha á cur le chéile acu.
Chuige sin, beidh dianchúrsa traenála á reáchtáil ag an stáisiún an mhí seo chugainn le scileanna raidió a sholáthar don ghlúin nua craoltóirí sin. Dianchúrsa dhá sheisiún a bheas i gceist a thosóidh Dé Céadaoin 3 Meitheamh ag 7 a chlog. Beidh an dara seisiún ar siúl an t-am céanna seachtain ina dhiaidh sin ar 10 Meitheamh.
Cuirfear oiliúint ar ábhar craoltóirí i scileanna taighde agus iriseoireachta chomh maith le scileanna praiticiúla le trealamh an stáisiúin sa stiúideo agus taobh amuigh de.
Dúirt Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ó Raidió Fáilte le Tuairisc.ie go bhfuil an stáisiún ag súil go gcuirfidh na daoine a fhreastalóidh ar an dá sheisiún traenála spéis i gcraoltóireacht dheonach leis an stáisiún.
“Múinfear bunscileanna sa dá sheisiún oíche agus ansin beidh deis ag na craoltóirí nua a theacht isteach chuig an stiúideo sna seachtainí ina ndiaidh, áit a gcuirfidh meantóirí oiliúint orthu i scileanna praiticiúla raidió,” a mhínigh sé.
Craolann Raidió Fáilte cláir Ghaeilge do phobal Gaeilge Bhéal Feirste 24 uair a chlog in aghaidh an lae, seacht lá sa tseachtain ón stiúideo ar Bhóthar na bhFál.
Sinéad
Cad a dhéanfaimid feasta gan obair dheonach?