LÁITHREACH BONN: Dúshlán don daonlathas – an bhréagnuacht agus géarchéim an mhí-eolais

Níor cheart beag is fiú a dhéanamh d’fhadhb na bréagnuachta nó íocfaimid go daor as

LÁITHREACH BONN: Dúshlán don daonlathas – an bhréagnuacht agus géarchéim an mhí-eolais

Agus mé ar mo bhealach isteach go Teach Laighean le déanaí, bhí comhrá spéisiúil agam le duine de na hoifigigh a oibríonn sa Dáil. Bhí sí ag cur síos ar dhinnéar a bhí aici in Óstán an Gibson roimh cheolchoirm an tseachtain roimhe. Is san óstán sin a dhéantar an clár First Dates a thaifeadadh do RTÉ. Bhí díomá uirthi, áfach, go raibh leagan amach na bialainne difriúil ón áit a fheictear ar an gclár. ‘FAKE NEWS!, a d’fhógair sí go húdarásach.

Mar thuairisceoir polaitíochta agus duine a a bhíonn ag plé leis an nuacht gach lá, tuigim go maith go measann cuid mhaith daoine nach féidir muinín a bheith agat as gach a fheictear nó a chloistear ar an nuacht, nó a fhoilsítear i nuachtán. Aithnítear é seo ag leibhéal na polaitíochta chomh maith – ag labhairt dó ag Mórdhinnéar na gComhfhreagraithe in Washington D.C., ghabh an tUachtarán Joe Biden buíochas as an gcuireadh oíche a chaitheamh leis an ngrúpa is lú tacaíocht i Meiriceá, níos ísle ná a thacaíocht féin (ar tháinig titim shuntasach uirthi le déanaí). Agus í ag glacadh le gradam ón Hollywood Foreign Press Association sa bhliain 2017, dúirt an t-aisteoir Meryl Streep go bhfuil an eagraíocht ar an ngrúpa is mó fuath sa tír mar go raibh siad “eachtrannach” agus “ag obair sna meáin”. Níor chabhraigh sé leo go raibh siad lonnaithe in Hollywood ach oiread.

Níl an fhadhb chéanna agamsa agus mé i mBaile Átha Cliath, dar ndóigh, ach é sin ráite is cúis imní dom an glacadh atá ag an bpobal le bréagnuacht – go gcreidtear go forleathan gurb ann di. Ní i Meiriceá amháin atá amhras ar dhaoine áirithe faoi chur chuige agus meon na meán. Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar na meáin shóisialta le linn clár nó díospóireacht polaitíochta agus feicfidh tú líomhaintí i gcoinne na meán go bhfuil siad ar son tuairim nó páirtí polaitíochta amháin, nó ina gcoinne. Deirtear go hoscailte é, fiú i dTeach Laighean – go bhfuil foinse nuachta áirithe ag tacú le seasamh áirithe, nó le páirtí áirithe – beag beann ar an bhfírinne.

Tuigtear dúinn go bhfuil cleachtas an phobail i leith na meán ag athrú de réir a chéile chomh maith agus go bhféadfadh sé sin an fhadhb a dhéanamh níos measa. De réir na tuarascála A Synthesis Review of Media Consumption in Ireland 2020, a foilsíodh dhá bhliain ó shin, faigheann 46% de dhaoine óga na tíre a gcuid nuachta go príomha ó na meáin shóisialta, le hais 22% a bhíonn ag brath ar nuachtáin, raidió nó an teilifís. Feictear domsa go dtiocfaidh méadú ar an bhfigiúr sin amach anseo, agus tá dualgas orainn, mar mheáin chumarsáide, athrú agus forbairt dá bharr.

Ach ní hionann na meáin shóisialta agus na meáin chumarsáide – is féidir ábhar agus tuairimí áirithe a roghnú ar Twitter, agus bac a chur ar éinne a easaontaíonn linn nó nach dtaitníonn linn. Tá smacht againn ar an eolas a fhaigheann muid – ach ciallaíonn sé seo go bhféadfaí neamhaird a dhéanamh den fhírinne, nó d’éinne nach bhfuil an tuairim chéanna acu linn féin. Céard a tharlaíonn má chreideann duine áirithe i mbréag agus má dhéantar iarracht cinsireacht a dhéanamh ar gach ráiteas agus foinse a thagann salach ar an mbréag sin?

Is féidir beag is fiú a dhéanamh den fhadhb seo, agus a bheith ag magadh fúithi, ach chonacthas arís an chontúirt a bhaineann leis an mbréagnuacht le linn na paindéime le dhá bhliain anuas.

Cé gur léir gur ghalar tromchúiseach COVID-19, tosaíodh feachtas láithreach i gcoinne pholasaithe sláinte phoiblí an Stáit agus i gcoinne na meán a thacaigh leis na polasaithe sin, dar le lucht na cáinte. D’éirigh leis an bhfeachtas seo dul i bhfeidhm ar Joe McCarron, fear ó Thír Chonaill a tholg an víreas ach a d’fhág an t-ospidéal gan cúram a fháil toisc gur dúradh leis go raibh sé níos dainséaraí a bheith ann, agus go dtabharfaí an aire a theastaigh uaidh dó ag an mbaile. In olcas a chuaigh sé agus b’éigean é a thabhairt ar ais ag an ospidéal dhá lá ina dhiaidh sin mar a bhfuair sé bás trí lá tar éis dó an t-ospidéal a fhágáil an chéad uair. Íorónta go leor, rinneadh an eachtra inar fhág sé an t-ospidéal a thaifeadadh agus cuireadh ar na meáin shóisialta é – glacaim leis go ndearnadh sin toisc nach féidir aon rud a chuireann na meáin oifigiúla amach a chreidiúint (dar le lucht an fheachtais).

Ó thug an Rúis fogha faoin Úcráin ag deireadh mhí Fheabhra, tá úsáid éifeachtach á baint ag an tír as an mbolscaireacht agus as an gcinsireacht chun tacaíocht an phobail a fháil nó chun aineolas na Rúiseach ar na coireanna cogaidh atá déanta ag a n-arm a chinntiú. Ach tá an cleachtas le feiceáil againn anseo san Eoraip chomh maith – nuair a rinne an t-iriseoir Naomi O’Leary ó The Irish Times sa Bhruiséil fiosrúchán faoin gcaidreamh idir meáin na Rúise agus beirt fheisirí Eorpacha, Clare Daly agus Mick Wallace, rinne na polaiteoirí achainí ar Pharlaimint na hEorpa cead preasa an iriseora a chur ar ceal. Níor glacadh leis an iarratas seo, ach chuir sé alltacht orm go ndéanfadh polaiteoir a leithéid de rud i ndaonlathas comhaimseartha.

Feictear dom go mbíonn an bhréagnuacht ina huirlis pholaitíochta chomh maith. Labhair an Ball Tionóil ó Dhoire Thoir, Cara Hunter, atá 26 bliain d’aois, amach faoin strus a cuireadh uirthi le linn an fheachtais toghchánaíochta sa Tuaisceart nuair a scaipeadh físeán pornagrafaíochta ar na meáin shóisialta leis an mbréagscéal gur ise a bhí ann. Níorbh í, agus d’éirigh le Hunter a suíochán a choinneáil, ach cuimhnigh ar an damáiste a dhéanfadh seo do dhuine ar bith gan trácht ar fheachtas polaiteora.

A fhaid is atá saoirse cainte againn, beidh cead ag daoine a rogha rud a rá. A fhaid is a bhíonn sochaí dhaonlathach oscailte againn, beidh cead ag daoine a rogha rud a chreidiúint. Caithfear taispeáint do dhaoine conas an bhréagnuacht a aithint, agus conas ceisteanna a chur chun fírinne na nuachta a chinntiú. Tá cúpla údar dóchais againn in Éirinn – in ainneoin an fheachtais i gcoinne na vacsaíní, bhí an ráta vacsaínithe sa tír seo i measc na rátaí ab airde san Eoraip. Sa taighde céanna ar chleachtas na hÉireann i leith an meán a luaigh mé níos luaithe, thug 48% le fios go gcreideann siad in iontaofacht na meán – níos airde ná 27% sa Bhreatain agus 36% san Aontas Eorpach i gcoitinne. Tá bunús láidir againn cheana féin – tá muid oilte mar phobal, agus caidreamh láidir againn leis na meáin náisiúnta agus áitiúla, ach teastóidh infheistíocht, plé oscailte agus feachtais fheasachta uainn amach anseo chun a chinntiú nach méadóidh cumhacht na bréagnuachta. Is orainn go léir atá an fhreagracht, glacaimis léi.

Tá Eoin Ó Catháin ina thráchtaire polaitíochta le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Dúshlán don daonlathas – an bhréagnuacht agus géarchéim an mhí-eolais'

  • Antóin

    Dúshlán don daonlathas freisin nuair nach gcuirtear amach ach taobh amháin den scéal ar na mórmheáin, nuair nach gceadaítear díospóireacht. Ba léir sin le linn aimsir Covid. Bhí daoine ann a bhí i gcoinne dianghlasála ar iliomad cúiseanna, bhí dochtúirí agus eolaithe ann a d’ardaigh ceisteanna faoi na tastálacha PCR, bhí dochtúirí a thug rabhaidh faoi fho-iarmhairtí na vacsainí ach rinne na mórmheáin neamhshuim ar fad de na guthanna sin.

    Conas is féidir labhairt faoi fheachtas i gcoinne na vacsaíní nuair a bhí gach uile pháirtí sa Dáil, na hEaglaisí agus gach craoltóir sa tír ar a son, nuair a bhí fógraí ó mhaidin go hoíche ag tathant ar dhaoine an vacsaín a thógáil.

    Ach an té a íocfas an píobaire is é a ghlaofas an port is dócha agus íocadh €16 mhilliún leis an bpíobaire le dhá bhliain anuas

    Agus bolscaireacht agus cinsireacht curtha i leith na Rúise arís amhail is go raibh an Úcráin agus an tIarthar saor ó locht. Seanscéal agus meirg air.