Laghdú eile ar ráta coicíse an ghalair

I nDún na nGall atá an dara ráta coicíse is airde sa stát

Laghdú eile ar ráta coicíse an ghalair

Tá laghdú eile tagtha ar ráta scaipthe an Covid-19 as stát.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, laghdaigh ráta coicíse na ghalair go dtí 491.9 cás in aghaidh gach 100,000 duine i gcomparáid le 523.3 an choicís roimhe sin.

I nDún na nGall atá an dara ráta is airde sa stát – 1,185 cás in aghaidh gach 100,000 duine. Contae Muineacháin, 1,498, an t-aon chontae a bhí níos measa as.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go raibh a rian fágtha ag an gclár vacsaínithe ar chúrsaí agus go raibh laghdú “an-soiléir” ar ráta scaipthe an ghalair i measc daoine óga go háirithe.

Fógraíodh an laghdú is déanaí ar an ráta coicíse tráth a bhfuil maolú á dhéanamh ar a thuilleadh srianta.

Ón lá inniu tá cead imeachtaí móra beo lasmuigh agus laistigh a eagrú agus rialacha nua i bhfeidhm.

Tá cead ag 50% den líon iomlán a bhfuil áit dóibh san ionad freastal ar shearmanais reiligiúin. Ní raibh ach 50 duine ceadaithe go dtí seo.

Ceadófar feasta 60% den líon a bhfuil áit dóibh in ionaid taobh istigh ach na daoine sin a bheith lánvacsaínithe agus beidh cead ag 75% den iomlán freastal ar imeachtaí lasmuigh faoin spéir agus ní mór dóibhsean vacsaín a bheith faighte acu chomh maith.

Na hionaid lasmuigh ar mian leo daoine nach bhfuil vacsaínithe a ligean isteach ag imeachtaí, ní cheadófar dóibh a ligean isteach ach 50% dá gcumas.

Is faoi na heagraíochtaí spóirt féin a bheidh sé cinneadh a dhéanamh cé acu an ligfidh siad daoine neamhvacsaínithe isteach ag a gcuid imeachtaí nó nach ligfidh.

Tá cead arís ag ceoltóirí a bheith i láthair ag ceol ag bainiseacha agus i dtithe tábhairne. Níl aon athrú ar an am dúnta, caithfear an bhainis agus an t-ól a stopadh ag 11.30pm.

Fág freagra ar 'Laghdú eile ar ráta coicíse an ghalair'