Labhraíodh an Bhreatnais le linn díospóireacht pharlaiminte i Westminster den chéad uair riamh ar maidin.
Ba ag cruinniú de chuid Mhórchoiste na Breataine Bige a labhraíodh an Bhreatnais go hoifigiúil den chéad uair sa pharlaimint.
I mBreatnais a rinne an Státrúnaí Alun Cairns a chuid cainte agus é ag cur tús leis an gcruinniú stairiúil.
Dúirt Státrúnaí na Breataine Bige gur “lá stairiúil” a bhí ann.
“Is údar mórtais dom a bheith in ann an teanga a labhair mé ar an teallach a labhairt [anseo], teanga atá tábhachtach ní hamháin domsa agus do mo mhuintir ach do na pobail a mbíonn feisirí parlaiminte na Breataine Bige ag freastal orthu, teanga ar dlúthchuid í de stair agus cultúr na Breataine Bige.
“Lá stairiúil é seo don Pharlaimint agus don Bhreatain Bheag, agus molaim baill an choiste a bhí i mbun feachtasaíochta ar son an athraithe seo le blianta.”
Chinn Rialtas na Breatine anuraidh go gceadófaí úsáid na Breatnaise i ndíospóireachtaí parlaiminte.
Bhí cathaoirleach Mhórchoiste na Breataine Bige, Albert Owen, ar dhuine acu siúd a bhí ag éileamh le fada go gceadófaí Breatnais a úsáid chomh maith le Béarla.
“Tá cead ag Coiste Ghnóthaí na Breataine Bige an Bhreatnais a úsáid le linn seisiún fianaise, ach roimhe seo ba i mBéarla amháin a bhíodh díospóireachtaí i dTeach na dTeachtaí agus go deimhin úsáidtear an tseanFhraincis chun dlíthe a rith i dTeach na dTiarnaí. Is cuí gur ceadmhach inniu do Choiste stairiúil agus sainiúil na Breataine Bige an Bhreatnais a labhairt,” arsa Albert Owen.
leitheoir100@hotmail.com
Cymru am bith!
Gearóid Mac Thaidhg
Is fear go mall ná go brách.