Lá stairiúil don Bhreatnais agus a húsáid ceadaithe den chéad uair i Westminster inniu

Ba ag cruinniú de chuid Mhórchoiste na Breataine Bige a labhraíodh an Bhreatnais go hoifigiúil den chéad uair sa pharlaimint

Lá stairiúil don Bhreatnais agus a húsáid ceadaithe den chéad uair i Westminster inniu

Labhraíodh an Bhreatnais le linn díospóireacht pharlaiminte i Westminster den chéad uair riamh ar maidin.

Ba ag cruinniú de chuid Mhórchoiste na Breataine Bige a labhraíodh an Bhreatnais go hoifigiúil den chéad uair sa pharlaimint.

I mBreatnais a rinne an Státrúnaí Alun Cairns a chuid cainte agus é ag cur tús leis an gcruinniú stairiúil.

Dúirt Státrúnaí na Breataine Bige gur “lá stairiúil” a bhí ann.

“Is údar mórtais dom a bheith in ann an teanga a labhair mé ar an teallach a labhairt [anseo], teanga atá tábhachtach ní hamháin domsa agus do mo mhuintir ach do na pobail a mbíonn feisirí parlaiminte na Breataine Bige ag freastal orthu, teanga ar dlúthchuid í de stair agus cultúr na Breataine Bige.

“Lá stairiúil é seo don Pharlaimint agus don Bhreatain Bheag, agus molaim baill an choiste a bhí i mbun feachtasaíochta ar son an athraithe seo le blianta.”

Chinn Rialtas na Breatine anuraidh go gceadófaí úsáid na Breatnaise i ndíospóireachtaí parlaiminte.

Bhí cathaoirleach Mhórchoiste na Breataine Bige, Albert Owen, ar dhuine acu siúd a bhí ag éileamh le fada go gceadófaí Breatnais a úsáid chomh maith le Béarla.

“Tá cead ag Coiste Ghnóthaí na Breataine Bige an Bhreatnais a úsáid le linn seisiún fianaise, ach roimhe seo ba i mBéarla amháin a bhíodh díospóireachtaí i dTeach na dTeachtaí agus go deimhin úsáidtear an tseanFhraincis chun dlíthe a rith i dTeach na dTiarnaí. Is cuí gur ceadmhach inniu do Choiste stairiúil agus sainiúil na Breataine Bige an Bhreatnais a labhairt,” arsa Albert Owen.

Fág freagra ar 'Lá stairiúil don Bhreatnais agus a húsáid ceadaithe den chéad uair i Westminster inniu'

  • leitheoir100@hotmail.com

    Cymru am bith!

  • Gearóid Mac Thaidhg

    Is fear go mall ná go brách.