Lá mór na gclub romhainn agus seaimpíní na Gaillimhe, Chill Chainnigh, Dhoire agus Ros Comáin ar a mbionda le craobh a bhuachan

Imreoidh Naomh Tomás agus Gaeil Uí Lochlainn sa chluiche ceannais iomána ar dtús tráthnóna sula dtabharfaidh Naomh Bríd aghaidh ar an nGleann sa chluiche ceannais peile

Lá mór na gclub romhainn agus seaimpíní na Gaillimhe, Chill Chainnigh, Dhoire agus Ros Comáin ar a mbionda le craobh a bhuachan

Conor Cooney, Huw Lawlor, Conor Glass agus Ben O'Carroll. Pics: INPHO

Gaeil Uí Lochlainn v Naomh Tomás – Páirc an Chrócaigh, 1.30in (Beo ar TG4) 

Nuair a d’aimsigh Paddy Deegan cúilín an bhua in am cúitimh chun Seamróga Bhaile Héil a shárú i gcluiche ceannais Chraobh Iomána Chill Chainnigh mí Deireadh Fómhair seo caite, ní hamháin gur chuir sé lucht tacaíochta Ghaeil Uí Lochlainn i bPáirc Uí Nualláin ag ceiliúradh ach seans gur thug sé cúis bheag cheiliúrtha do mhuintir Naomh Tomás, a bhí i Staid an Phiarsaigh an tráthnóna céanna do chluiche ceannais na Gaillimhe. 

Bhí na Seamróga tar éis forlámhas a fháil ar an gcraobh i gCill Chainnigh agus ar a gcoimhlintí le Naomh Tomás i gCraobh na hÉireann le blianta beaga anuas agus nuair a sáraíodh iad, d’fhág sé an t-aistear i dtreo Chraobh na hÉireann an beagáinín beag sin níos éasca. 

Ní gan dua a bhain Gaeil Uí Lochlainn agus Naomh Tomás cluiche ceannais an lae inniu amach, áfach. Bhí na cluichí a bhí acu sna babhtaí leathcheannais roimh an Nollaig ar phéire de na cluichí ab fhearr a chonacthas an bhliain uile agus is cinnte go gcasfaidh daoine ar an teilifís inniu ag súil le coimhlint chomh maith céanna. 

Measadh Naomh Tomás faoina luach roimh an gcluiche leathcheannais sin in aghaidh Bhaile Gunnair. Ba iad fir Phort Láirge rogha láidir na coitiantachta agus go leor ag smaoineamh ar an gcluiche a bhí ag Naomh Tomás in aghaidh Dhún Lathaí an bhliain roimhe sin. B’fhéidir gur deineadh dearmad ar an mí-ádh a bhí orthu cailliúint in aghaidh Sheamróga Bhaile Héil sa bhabhta céanna an bhliain roimhe, agus an cumas a theastaíonn le sé cinn de chraobhacha as a chéile a bhuachan i nGaillimh. 

Pé cúis a bhí leis an amhras, bhí sé soiléir an-luath sa chluiche nach raibh Naomh Tomás chun tada a ghéilleadh in aghaidh rogha na n-údar agus bhuadar cluiche den scoth le pocanna éirice. 

Bhí Fintan Burke ina laoch mar lánchúlaí an oíche sin agus idir eisean agus Shane Cooney os a chomhair, tá Naomh Tomás an-láidir i lár na cosanta. Ar an taobh eile den pháirc, tosaithe iontacha iad Conor Cooney agus Éanna Burke, beirt a d’imir freisin an t-aon uair amháin roimhe seo ar bhuaigh Naomh Tomás Craobh na hÉireann in 2013, ach caithfidh siad a bheith i mbarr a maitheasa inniu. 

Níl aon amhras faoi dhúchas Ghaeil Uí Lochlainn agus triúr den seisear cosantóirí a thosaigh do Chill Chainnigh i gcluiche ceannais na hÉireann 2023 ag imirt dóibh, sin iad Huw Lawlor, Mikey Butler agus Paddy Deegan. Bhuaigh Lawlor agus Deegan gradaim All Star anuraidh chomh maith agus is iontach an bhuntáiste é do chumann ar bith triúr chomh cumasach a bheith agat sa chosaint. 

Ceapadh go mbeadh bua níos éasca ag na Gaeil ar Ruairí Óg, Bun Abhann Dalla, sna babhtaí leathcheannais ach thug fir Aontroma lán a léine dóibh agus is ar éigean a tháinig na Gaeil slán. Tréith í sin atá léirithe roinnt uaireanta ag fir Chill Chainnigh go dtí seo san fheachtas, áfach, agus seasfaidh sé dóibh. Is é an t-iar-imreoir contae Mark Bergin a aimsíonn formhór na scóranna ach déanann na fir timpeall air a gcuid freisin agus éiríonn le scata acu pointe nó dhó an duine a chur le hiarrachtaí Bergin. 

Má choinníonn na Gaeil srian ar Conor Cooney ón imirt, d’fhéadfadh sin an difear a dhéanamh. 

Emmet Bradley, An Gleann. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

An Gleann v Naomh Bríd – Páirc an Chrócaigh, 3.30in (Beo ar TG4) 

Bliain tar éis dóibh cailliúint sa chluiche ceannais conspóideach sin in aghaidh Chill Mochuda na Crócaigh, tá An Gleann ar ais i bPáirc an Chrócaigh agus iad ag iarraidh a bheith ar an gceathrú cumann ó Dhoire le Craobh na hÉireann a bhuachan. 

Bhaineadar díoltas amach ar Chill Mochuda sa gceo cúpla seachtain ó shin agus iad cuid mhaith níos fearr ná dream Bhaile Átha Cliath, in ainneoin nach raibh ach an t-aon phointe amháin idir na foirne ag an deireadh. 

Bhí cluichí crua ag an nGleann i gCraobh Uladh, gan ach pointe le spáráil acu ar Naomh Conaill Dhún na nGall sna babhtaí leathcheannais agus teacht aniar le déanamh acu sa dara leath in aghaidh na Botha sa chluiche ceannais, cluiche a bhuaigh an Gleann le dhá phointe ar deireadh. 

Is iad Conor Glass agus Ethan Doherty croí na foirne go fóill agus tacaíocht láidir tugtha dóibh ag leithéidí Ciarán McFaul, Emmet Bradley agus Danny Tallon, a bhíonn ag aimsiú na scóranna sa líne lántosaithe. 

Ní raibh an chaint chéanna faoi Naomh Bríd ag tús an fheachtais seo ach tá fir Ros Comáin feabhsaithe agus dul chun cinn déanta acu agus gach seans ann go dtabharfaidh siad dúshlán ceart don Ghleann. 

Bhuaigh an fhoireann as an taobh thiar de Bhaile Átha Luain Craobh Ros Comáin den chéad uair le trí bliana mí Deireadh Fómhair ach ba é an bua cumasach a bhí acu ar Chora Finne na Gaillimhe i gcluiche ceannais Chonnacht is mó a tharraing aird na ndaoine orthu. 

Bhí Ben O’Carroll ar fheabhas sna tosaithe an lá sin agus bhí sé go mór san imirt arís in aghaidh Ghleann Bearcháin i gcluiche leathcheannais na hÉireann nuair a bhuaigh Naomh Bríd le ceithre phointe. Tosaithe maithe iad Bobby Nugent agus Brian Derwin agus tá taithí idirchontae ag Eddie Nolan agus na deartháireacha Brian agus Ronan Stack chomh maith ach beidh céim mhór eile le tógáil acu le foireann lán faobhair an Ghleanna a bhualadh inniu. 

Fág freagra ar 'Lá mór na gclub romhainn agus seaimpíní na Gaillimhe, Chill Chainnigh, Dhoire agus Ros Comáin ar a mbionda le craobh a bhuachan'