Kevin Bakhurst, iarcheannasaí nuachta RTÉ, a bheidh ar an gcéad Ard-Stiúrthóir eile ar an stáisiún.
Beidh lucht iriseoireacht na Gaeilge ag súil gur cara sa chúirt in RTÉ a bheidh sa Sasanach ar measadh é a bheith báúil le cás chraoltóireacht na Gaeilge nuair a bhí sé ina cheannasaí nuachta sa stáisiún idir 2012-2016.
D’fhág Bakhurst a phost mar cheannasaí nuachta agus cúrsaí reatha in RTÉ in 2016 chun dul ag obair le Ofcom, rialtóir cumarsáide na Ríochta Aontaithe.
Le linn a thréimhse ceithre bliana le RTÉ, bhí caidreamh maith ag Bakhurst le roinnt mhaith d’iriseoirí agus de lucht bainistíochta Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ba mhinic é ar cuairt sa dá stáisiún. Chaith sé cuid mhaith ama ó dheas i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, go háirithe.
Ní i gcónaí a bhí Bakhurst sásta le hiriseoirí na Gaeilge, áfach.
Agus é ar cuairt ar cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann i gConamara i Feabhra 2013, dúirt sé go raibh an t-atheagar a bhí beartaithe an uair sin ar sheirbhísí nuachta Gaeilge RTÉ “cosúil leis an gcéad chogadh domhanda” agus gach duine “sáinnithe sna trinsí agus gan aon dul chun cinn á dhéanamh”.
Sa deireadh caitheadh i dtraipisí an plean cónascadh a dhéanamh idir na seirbhísí nuachta.
Tiocfaidh Bakhurst i gcomharbacht ar Dee Forbes mar ardstiúrthóir tráth a bhfuil cainteanna leochaileacha ar siúl arís faoina bhfuil i ndán do sheirbhísí nuachta Gaeilge an stáisiúin.
Tá cainteanna ar siúl faoi láthair idir RTÉ agus TG4 faoi pholasaí an Rialtais go mbeadh seirbhís nuachta TG4 neamhspleách go hiomlán ó thaobh na heagarthóireachta amach anseo.
Deirtear i bplean gnímh a d’fhoilsigh an Rialtas ag tús na bliana go ndéanfaidh, Coimisiún na Meán, rialálaí nua na meán, monatóireacht ar an bplé faoi TG4 a bheith neamhspleách ó RTÉ
Leis an BBC a chuir Bakhurst tús lena shaol craoltóireachta agus bhí sé ina leascheannasaí ar sheomra nuachta an chraoltóra ar feadh tamaill.
Dúirt sé gur “onóir mhór” a bhí ann a bheith ceaptha ina cheannasaí ar RTÉ.
Dúirt sé go raibh ról “lárnach” ag RTÉ i saol na hÉireann, go raibh “plúr na ndaoine” ag obair ann agus seirbhís den scoth á cur ar fáil acu a raibh muinín ag an bpobal aisti.
Bhí dúshláin mhóra roimh an stáisiúin, a dúirt sé, go háirithe i bhfianaise na géariomaíochta domhanda i gcúrsaí craoltóireachta.
Dúirt sé go raibh “dóchas” aige go bhféadfaí na hathruithe “uaillmhianacha” ba ghá a dhéanamh lena chinntiú go bhfanfadh RTÉ ábhartha agus go mbeadh meas ag an bpobal i gcónaí air.
Bhí líon beag daoine ar Bhord RTÉ míshásta le gnéithe den phróiseas a bhain le ceapachán an ardstiúrthóra.
Tuairiscíodh sna meáin gur brúdh go leataobh sa phróiseas David McRedmond, Príomhfheidhmeannach An Post a bhí ina cheannasaí ar TV3 tráth.
I ráiteas a chuir sé amach ag an deireadh seachtaine, dúirt David McRedmond go ndearna sé agallamh don phost ach nár cuireadh ar ghearrliosta é.
Dúirt sé nach raibh aon suim a thuilleadh aige sa phost agus ghuigh sé gach rath ar RTÉ.
Beidh Siún Ní Raghallaigh, cathaoirleach RTÉ, os comhair Choiste Oireachtais na Meán amárach.
Meastar go gceisteofar an cathaoirleach, a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí TG4 agus a bhí ina cathaoirleach ar bhord an stáisiúin sin, faoin eolas a sceitheadh maidir leis an bpróiseas ceapacháin.
Fág freagra ar 'Kevin Bakhurst ceaptha ina cheannasaí ar RTÉ, súil ann go mbeidh sé ina ‘cara sa chúirt’ ag an nGaeilge'