‘Thug Naomh Pádraig faoi deara nach raibh sé ag fáil an mheáchain cheart…’

Scéal i dtaobh Phadraic Naofa ó Bhailiúchán Bhéaloideas Éireann a bailíodh ó Tom Tuohy i gcontae Mhaigh Eo i 1936

‘Thug Naomh Pádraig faoi deara nach raibh sé ag fáil an mheáchain cheart…’

Fhad a bhí Padraic a’ guí agus a’ déanamh aithrí ar son peacaigh bhochta thagadh sé ar cuairt go dtí an bhean seo i mbun Chruach Phadraic.

Bhí siopa beag aici agus ba mhin choirce ba mhó a dhíoladh sí ann mar ní raibh trácht ar tae, siúcra nó fata an tráth sin. Chuile lá a thagadh Padraic cheannaíodh sé leathchloch min choirce nó ábhar leite i gcomhair a shuipéir. Ar chuma ar bith thug sé faoi deara nach raibh sé ag fáil an mheáchain cheart. ‘Bhuel,’ ar seisean, ‘ní abród tada léi go bhfeicim an bhfuil duine ar bith ina chónaí léi.’

Bhí go maith agus ní raibh go holc, tháinig Páidín an lá seo agus d’amharc sé timpeall an tí. ‘Éist a bhean,’ ar seisean, ‘Bhfuilir id chadhan aonraic anseo?’

‘Níl,’ ar sise. ‘Dar bhrí an leabhair tá an madadh ba bhreátha dá bhfaca tú riamh a’ coinneáil comhluadair liom ach dheamhan mórán a chodlaím san oíche leis, bíonn sé go síoraí a’ déanamh gleo is torann. Is cosúil le duine é, a bhéasa agus a nósa,’ ar sise le Páidín.

‘Bhuel anois a bhean chóir,’ a deir an naomh, ‘béarfaidh mé comhairle do leasa duit feasta fad is atá tú beo, tabhair an meáchan ceart do gach duine a cheannaíos min choirce nó a leithéid uait agus mura ndéana tú sin beidh drochbhaol ort agus id dhiaidh’.

Fad a bhí Padraic dá comhairliú bhí an madadh á dhearcadh go géar agus ar deireadh thug sé fogha faoi. Shín Padraic a lámh amach agus thosaigh sé á shlíocadh i riocht is nár bhac sé leis a thuilleadh ach luigh sé síos go ciúin cneasta múinte lena chois agus thosaigh sé á líochán.

Ar aon nós theith Padraic leis go tobann agus ghlac an tseanbhean an chomhairle a thug sé di. Gach lá ó d’fhág an naomh an teach bhí an madadh ag imeacht as agus ag imeacht as gan trua ná taise agus an bhean i gcruachás má b’fhíor di le gach féachaint a thugadh an madadh uirthi go bhfuair sé bás agus caitheadh amach ar an gcarn aoiligh é. Ní raibh an madadh fuar nuair a sheol Padraic isteach chuici arís. Bheannaigh sí isteach é agus thug sí bloc adhmaid dó lena scíth a ligean.

Shuigh Páidín síos. ‘Bhuel,’ ar seisean ‘ar ghlac tú mo chomhairle?’

‘Ghlac mé,’ ar sise ‘ach mo pheata bocht madaidh níor chorraigh sé cos ón lá a d’fhág tú mé. An t-aon chosantóir amháin a bhí sa saol agam.’ D’amharc Padraic suas. ‘Míle moladh leat, a Thiarna Dé,’ ar seisean.

‘Céard sin ort?’ a deir an bhean. ‘Mo bhean chóir,’ a deir Padraic, ‘ba é an diabhal a bhí ag coinneáil comhluadair leat sa teach seo ariamh ach creid mise ann go ndéanfaidh tú seacht n-uaire níos fearr agus go ndíolfaidh tú seacht n-uaire níos mó min choirce ón lá seo amach.’

Agus tharla gur éag sí an bhean ba shaibhre san áit agus níor lig sí bliain thairsti nach ndearna sí turas Chruach Phadraic.

Tom Tuohy, 92 bliain d’aois, Buiríos Ceara, An Baile Glas, ontae Mhaigh Eo , 1936

Fág freagra ar '‘Thug Naomh Pádraig faoi deara nach raibh sé ag fáil an mheáchain cheart…’'