Kathleen Snavely, cainteoir dúchais Gaeilge agus an tÉireannach ba shine ar domhan ar shlí na fírinne

Tá Kathleen Hayes Rollins Snavely, an tÉireannach ba shine ar domhan, imithe ar shlí na fírinne. Bhí 113 bliain agus 140 lá slán ag an gcainteoir dúchais Gaeilge ó chontae an Chláir. Tuairiscíodh ar an suíomh IrishCentral inniu go bhfuair sí bás inné in Geddes, Nua-Eabhrac. Ba as an bhFiacail i gContae an Chláir di […]

Kathleen

Tá Kathleen Hayes Rollins Snavely, an tÉireannach ba shine ar domhan, imithe ar shlí na fírinne. Bhí 113 bliain agus 140 lá slán ag an gcainteoir dúchais Gaeilge ó chontae an Chláir. Tuairiscíodh ar an suíomh IrishCentral inniu go bhfuair sí bás inné in Geddes, Nua-Eabhrac.

Ba as an bhFiacail i gContae an Chláir di ó dhúchas ach d’imigh sí ar an mbád bán go Meiriceá nuair a bhí sí 19 bliain d’aois.

Ba chainteoir dúchais Gaeilge í Kathleen. Duine de thriúr clainne ar Patrick agus Ellen Hayes ab ea í agus de réir an daonáirimh 1911 bhí Gaeilge aici féin, ag a hathair agus ag a deirfiúr Anna May. Ní raibh ach Béarla ag a máthair agus ní raibh Béarla ná Gaeilge ag an deirfiúr eile Lena nach raibh ach aon bhliain amháin d’aois nuair a áiríodh an daonra.

I mí Mhárta na bliana seo sháraigh Kathleen curiarracht Annie Scott, as Dún Geanainn i gContae Thír Eoghain, a fuair bás in aois 113 bliain agus 37 lá, agus bronnadh an teideal ‘an tÉireannach is faide a mhair riamh’ uirthi.

D’fhiafraigh Tuairisc.ie d’altraí Kathleen an raibh an Ghaeilge fós ar a toil aici i mí Mhárta na bliana seo ach ní bhfuarthas freagra ar an gceist riamh.

Ba í an séú duine ba shine sna Stáit Aontaithe agus an séú duine déag ba shine ar domhan nuair a cailleadh inné í.

Rugadh Kathleen Hayes ar an 16 Feabhra 1902 ach naoi mbliana déag ina dhiaidh sin, sa bhliain 1921, d’fhág sí an Fhiacail le aghaidh a thabhairt ar Syracuse, Nua Eabhrac. Phós sí Roxie Rollins agus bhunaigh an bheirt comhlacht rathúil bánbhia. Fuair a fear bás sa bhliain 1968 agus é 66 bliana d’aois ach phós Kathleen arís i 1970. Cailleadh an dara fear, Jess Clark Snavely as Pennsylvania roinnt blianta ó shin. Ní raibh aon chlann uirthi.

Tuairiscíodh ar IrishCentral go raibh gaol ag Kathleen leis an bhfidléir mór le rá Martin Hayes, ar as an bhFiacail é féin. Theip ar iarrachtaí Tuairisc.ie an gaol sin a dheimhniú. Luadh deartháir léi a bhí fós ina bheatha in Éirinn sa bhliain 2000 agus é 88 mbliana d’aois. 

Scríobh daltaí na scoile náisiúnta san Fhiacail chuig Kathleen anuraidh agus chuir sí litir agus grianghraf di féin aniar chucu.

“Scríobh sí ar chugainn le beannachtaí na Féile Pádraig a ghuí orainn agus le rá linn go raibh súil aici go rachaimis ar an gcoláiste. Sheolamar cárta breithlae chuici i mbliana freisin,” a dúirt duine de na daltaí Róisín Cuilligan.

Beidh seirbhís chuimneacháin do Kathleen ag 9.30rn i Séipéal Pádraig i Syracuse Dé Máirt seo chugainn an 14 Iúil.

Fág freagra ar 'Kathleen Snavely, cainteoir dúchais Gaeilge agus an tÉireannach ba shine ar domhan ar shlí na fírinne'