Chroith sé pobal Iorras Aintheach go bun, nuair a tháinig an scéala ar an 6 Márta go raibh Josie Ó Guairim théis bháis: bás tobann nach raibh aon súil ag aon duine leis. 61 bliain d’aois a bhí sé. Bhí Josie ag seachadadh an phoist i gceantar Charna, b’in a ghairm bheatha. Ach bhí meascán gairmeacha eile ag Josie Ó Guairim nach bhfuil ag mórán. File, seanchaí, amhránaí, staraí, fealsúnaí, ealaíontóir: ní raibh aon teorainn lena chuid tallann, a thug sé leis ó dhúchas. Bhí sé lárnach i gcónaí in imeachtaí an phobail. File mór le rá a bhí ann, agus a shaothar léite aige in áiteacha éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear. Bhí a stíl uathúil féin aige nach raibh, agus nach mbeidh, ag aon duine eile. Bhí a chuid filíochta níos ársa ná gnáthfhilíocht. Bhí staidéar déanta aige ar na seanfhilí – Eoghan Rua Ó Súilleabháin, Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, Riocard Bairéad, Micheál Mac Suibhne, Art Mac Cumhaigh – agus ar scríbhneóirí móra an Bhéarla freisin. B’fhear an-mheabhrach é Josie.
B’iomaí uair a bhí mé i láthair ag ócáidí agus é ag cur a shaothair os comhair na cuideachta. Bhíodh an lucht éisteachta ina ghlaic aige. Bhí an stór focal a bhí ag Josie ag go leor de na héisteoirí, ach níorbh fhéidir a thuiscint cén chaoi a raibh Josie in ann na focla céanna sin a chur os a gcomhair ar a bhealach sainiúil fhéin. Bhí sé in ann rudaí a dhéanamh le focla a cheapfá a bhí do-dhéanta. Bhí ar a chumas focla a chur ag pramsáil, ag damhsa, ag léimneach thar a chéile, focla a iompú droim ar ais agus bunoscionn. Bhí ceol ina chuid filíochta. Bhí ar chumas Josie an t-atmaisféar a athrú san ionad ina raibh sé ag reacaireacht, agus scairteanna gáire ann go minic, agus ní raibh aon scairt níb airde ná scairt Josie féin. Ba bhreá leis ardú croí a thabhairt don slua. Ba é croí na féile é!
Dúirt bean liom uair amháin théis a bheith ag sú chaint Josie: ‘Níor cheap mé riamh gurbh fhéidir rud mar sin a dhéanamh leis an teanga ársa seo atá againn. Ní féidir é sin a dhéanamh in aon teanga eile. Airím bród anois nár airigh mé cheana riamh.’
D’fhoilsigh Josie dhá leabhar filíochta: Trá Thaoille na nÉan i 1986, agus Croí na Cloiche sa mbliain 1995. Sa ngiota a scríobh Gabriel Rosenstock don leabhar Croí na Cloiche, dúirt sé ‘d’fhéadfadh gurb é Seosamh Ó Guairim an file is ilghlóraí i gConamara’. B’in i 1995. Anois san mbliain ina bhfuil muid, d’fhéadfá a rá gurb é Josie an file ba ilghlóraí in Éirinn, nó in aon áit eile, dá dtéadh sé chuige sin. Scríobh Josie go leor eile le blianta anuas nach bhfuil i gcló fós, scríbhneoireacht agus stíl nach mbeidh as alt san 22ú haois. Thaitin an rap agus an hip hop Gaeilge leis, agus rinne sé a chuid fhéin de.
Is mór an feall é go bhfuil Josie imithe uainn. Ba mhaith leat go mairfeadh sé go brách! Ach, an fhad is a mhairfeas sé i gcuimhne na ndaoine, mairfidh sé go brách. Duine caoin, cineálta, tarraingteach agus tógálach. Duine umhal, cairdiúil, suáilceach agus gealgháireach. Bhí chuile dhuine i ngrá leis.
Is mór an chailliúint é dá bhean Naoko, dá chlann mhac, Riocard agus Seosamh. Is mór an chailliúint do mhuintir Ghuairim é. Is mór an chailliúint é don phobal ónár eascair sé, pobal atá bearnach anois.
Tá Josie i gcré na cille i reilig Mhaírois.
Beannacht Dé lena anam ealaíonta.
Diarmuid Johnson
Céad slán le Josie Guairim
Diarmuid J.
Slán ‘s céad, a ógánaigh an ghrinn.
Scéal do bháis, is deorach mé dá bharr
Tá tocht ar na céadta i do dhiaidh
Dár míle buíochas is ea a fágadh thú ar lár.
Slán ‘s céad, a bhádóir na mbriathar ‘s na rann
Treabhadh na farraige sin, is leis a chaith tú do ré
Scéal cráite dhom an seoladh seo gan chúis
Múchadh an spéir orm, ‘s tá urú ar an ngréin.
Do leithéid eile níor casadh dhom ariamh!
Bhíodh ciseán mór scéalta ar luascadh agat
‘S ba flaithiúil thú á roinnt:
Is balbh, fuar inniu an áit seo i do dhiaidh.
Slán ‘s céad, a oidhre mhaith na mbard,
Ba bhráthair thú le hEoghan Binn, le Raiftearaí ‘s le Kirkegaard féin
Airneán na bhflaitheas go dtuga Dia dhuit
Agus solas na síoraíochta do t’anam glé.
Mise Áine
Is mór an chaill é..:-(