Joseph Quinn – ón mBlascaod Mór go ‘Howards End’

Tá níos mó ná ceangal amháin ag Howards End, dráma mór teilifíse an gheimhridh ar an BBC, leis an mBlascaod Mór

Joseph Quinn – ón mBlascaod Mór go ‘Howards End’

An t-aisteoir Joseph Quinn ar an mBlascaod Mór le linn a óige agus i bpáirt Leonard Bast sa dráma ‘Howards End’

Is é Howards End ar an mBBC dráma mór teilifíse an gheimhridh. Thart ar sheacht milliún duine a bhí ag breathnú air nuair a thosaigh sé cúpla seachtain ó shin. An scríbhneoir clúiteach EM Forster a scríobh an t-úrscéal ar a bhfuil an dráma bunaithe. Deirtear gurb é an leabhar is fearr a scríobh sé ariamh. Agus seo an t-údar a scríobh Passage to India, A Room with a View, agus go leor eile.

Bhí cónaí ar Forster i gColáiste Chríost Rí in Cambridge Shasana agus cead a chinn aige a bheith ag scríobh gan mórán ag cur isteach air. Chasadh sé le maithe agus móruaisle an tsaoil i Sasana, mar a raibh aithne aige ar Somerset Maugham agus scríbhneoirí móra thús an fhichiú haois.

Ach i 1933 rinne sé rud nach raibh aon súil ag lucht sin na litríochta leis. Chuir sé peann le páipéar chun nóta brollaigh a chur le leabhar ón mBlascaod Mór- leagan Béarla de Fiche Bliain ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin.

‘This book is unique,’ a dúirt sé sa nóta sin, ‘for here is the egg of a sea-bird – lovely, perfect and laid this very morning.’

Foilsíodh an leabhar i nGaeilge thart ar an am céanna ach níorbh iad an Gúm, brainse foilseacháin an Rialtais, a d’fhoilsigh é. Bhí siadsan tar éis cur i gcoinne píosa sa leabhar ag cur síos ar leaideanna óga ag ól le linn Rásaí Cheann Trá. Dhearbhaigh An Gúm nach bhféadfaí an sliocht náireach sin a fhoilsiú – agus anuas air sin – nach bhféadfaí an leabhar a fhoilsiú riamh i mBéarla.

Seo an áit a dtagann fear ‘Howards End’ isteach sa scéal.

Cara mór ab ea EM Forster le George Thomson. Scoláire eile ó Cambridge ab ea George a bhí tar éis seal a chaitheamh ar an mBlascaod agus a bhí mór le Muiris Ó Súilleabháin. In éineacht le Muiris agus a dhaideo, Eoghan, a chónaigh George nuair a bhí sé ar an mBlascaod ag cur barr feabhais ar a chuid Gaeilge agus ag staidéar.

Ba é George Thomson a mheall Muiris chun scéal a óige ar an oileán a scríobh. Nuair a dhiúltaigh An Gúm an leabhar a fhoilsiú mura ngearrfaí amach an cur síos ar Rásaí Cheann Trá, chuaigh George go dtí a sheanmhéit EM Forster. Is cosúil gur thug Forster an leabhar go Chatto and Windus, a fhoilsitheoir féin i Londain. Ní hamháin go ndearna sé é sin, ach chinn sé ar nóta uaidh féin a scríobh ag tús an leabhair.

D’fhoilsigh Talbot Press leagan Gaeilge thart ar an am céanna. Deirtear gur chuidigh George Thomson le costais foilsithe an leabhair.

Thugadh Forster cuairt ar Éirinn sna blianta sin. Nuair a bhí Muiris Ó Súilleabháin ag cur faoi i gConamara – bhí sé ina Gharda ansin – casadh Forster air agus tá pictiúr ann den bheirt i mBarr an Chalaidh i nGaillimh. Faoin am sin, bhí post ag George mar léachtóir agus é ag plé leis na seanchlasaicí in UCG – an chéad duine riamh sa phost sin (ní fhéadfadh aon duine a bheith ag súil gur Sasanach ó Cambridge a gheobhadh an post). Fuair Muiris Ó Súilleabháin bás go tragóideach i 1950 agus gan é ach 46, nuair a bádh é agus é ag snámh i mBóthar na Trá.

Tá iníon le Muiris, Máire Kavanagh ag cur fúithi i nGaillimh. Fuair a mhac, an t-aisteoir Eoin Ó Súilleabháin, bás i 1989. Ba í Máire a chuir an tsraith ‘Cuimhní Ón mBlascaod’ i láthair ar TG4. Ghnóthaigh an tsraith ‘Spiorad na Féile’ ag Féile na Meán Ceilteach 2016.

Deirtear gurb é Fiche Bliain ag Fás an leabhar is mó ráchairt riamh i measc shaothair na Nua-Ghaeilge, nuair a chuirtear na haistriúcháin ar fad san áireamh. Tá sé i gcló ó shin agus aistríodh é go dtí an t-iliomad teangacha ar fud an domhain.

An t-aisteoir Joseph Quinn ar an mBlascaod Mór le linn a óige

Tá níos mó ná ceangal amháin ag an mBlascaod le Howards End.

Roinnt blianta ó shin, agus an tsraith teilifíse don BBC, The Ambassador (le Pauline Collins) á scannánú i mBaile Átha Cliath, bhí an stiúrthóir  Anthony Quinn san óstán oíche amháin agus chonaic sé an clár faisnéise ‘Ochtó Bliain ag Fás’ le Gerry Gregg, ar RTÉ. Scéal beatha Mhuiris Uí Shúilleabháin agus an leabhar cáiliúil a scríobh sé ábhar an chláir sin. Labhair Anthony le Seamus Deasy, an fear ceamara a bhí ag obair leis agus fuair sé amach gurb é Seamus an fear ceamara ar Ochtó Bliain ag Fás freisin.

Thit Anthony Quinn i ngrá leis an mBlascaod an oíche sin. Tamall ina dhiaidh sin thug sé a mhac óg Joe amach ar cuairt ann agus thug siad beirt cúig chuairt ar fad ar an oileán. Go deimhin chaith siad an oíche ag campáil ann. Nuair a mheabhraigh mé é sin d’Anthony le gairid ar Twitter, ’sé an freagra a chuir sé chugamsa agus chuig a mhac ná:

Is é Joseph Quinn, mac le Anthony Quinn, atá i bpáirt Mister Bast sa dráma Howards End.

Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach.

Fág freagra ar 'Joseph Quinn – ón mBlascaod Mór go ‘Howards End’'