JOHN ALLEN: Ní íoctar imreoirí CLG ach is imreoirí proifisiúnta iad imreoirí na linne seo ar gach slí eile

Tá difríochtaí ollmhóra idir an saghas traenála agus an méid traenála a dhéantar inniu seachas mar a bhí tamall de bhlianta ó shin

JOHN ALLEN: Ní íoctar imreoirí CLG ach is imreoirí proifisiúnta iad imreoirí na linne seo ar gach slí eile

Lee Keegan. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá Bealtaine tagtha agus réamhbhabhtaí chraobh iomána Laighean tosnaithe cheana féin. Tá na contaetha go léir ag ullmhú don chuid is tábhachtaí den séasúr a gcuirfear tús leis go luath. Dar ndóigh. tá camchuairt na gcluichí dúshláin mar chuid thábhachtach den ullmhúchán sin.

Is mór an difríocht idir an phrapáil phroifisiúnta a bhíonn ar siúl na laethanta seo agus an traenáil bhunúsach a bhíodh ar bun le mo linnse. An t-am sin bhíodh turasanna amaideacha timpeall na páirce ina gcuid lárnach den phlean traenála gach oíche.

Ansin tugadh isteach an eolaíocht sa traenáil agus is iad na saineolaithe spóirt a bhfuil céim san eolaíocht spóirt acu atá anois ar an stiúir. Is beag contae anois nach bhfuil, ar a laghad, duine amháin acu le cáilíochtaí in eolaíocht an spóirt chun na pleananna traenála a leagan amach. Cinntíonn sé sin go bhfuil an traenáil cheart á déanamh le linn gach tréimhse den séasúr. Anuas ar an traenáil foirne sin, bíonn ar na himreoirí cloí leis an bplean aonair traenála a leagtar amach do gach duine acu.

Tá an lá go mbíonn fear amháin ann agus é i gceannas ar an uile rud imithe. Cuimhneoidh daoine a bheadh ar an aois chéanna liomsa ar an traenálaí a bhíodh freagrach as an gcóitseáil, as an dtraenáil fhisiciúil, as roghnú na foirne,  as gríosú na foirne agus as aon rud eile a raibh gá leis.

Na laethanta seo tá foireann saineolaithe ag formhór na bhfoirne contae.

Tá difríochtaí ollmhóra idir an saghas traenála agus an méid traenála a dhéantar inniu seachas mar a bhí tamall de bhlianta ó shin.

Ní íoctar imreoirí CLG ach is imreoirí proifisiúnta iad imreoirí na linne seo ar gach slí eile. Foilsíodh sna meáin le tamall anuas ‘dialanna imreoirí’ a thug éachtaint dúinn ar an obair ullmhúcháin a dhéanann an t-imreoir idirchontae. Déanann chuid maith imreoirí club an t-uafás ullmhúcháin freisin.

Blianta ó shin bhíodh dhá sheisiún traenála le linn na seachtaine an agus cluiche ag an deireadh seachtaine. Na laethanta seo is beag lá sa bhliain nach mbíonn prapáil de shórt éigin ar siúl – traenáil ar an bpáirc, san ionad gleacaíochta, sa linn snámha agus sa bhaile, gan trácht ar an aiste bia dhian a bhíonn á leanúint ag na himreoirí.

Tá úsáid á baint freisin as síceolaithe spóirt agus béim níos mó ná riamh á cur ar an ‘traenáil’ aigne seo. Deich mbliana ó shin fiú, bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an tsíceolaíocht spóirt, ach is fearr a thuigtear anois an chuid theibí seo den traenáil.

Mar sin, níl aon dabht ach go bhfuil chuid maith de  na boird chontae ag caitheamh an airgid a theastaíonn chun na daoine is dea-cháilithe agus na háiseanna is nua-aimseartha a sholáthar, agus tá formhór na n-imreoirí dírithe go hiomlán ar gach gné den traenáil chun go mbeidh siad ullamh do na cluichí móra.

Is minic a chloisim daoine (iar-imreoirí agus iománaithe ar an gclaí) ag caitheamh anuas ar an méid traenála agus íobairtí atá á ndéanamh ag imreoirí na linne. 

Ach tá a fhios againn go léir go mbíonn rudaí ag síorathrú agus gurb iad na foirne atá ag an mbarr a leagann síos an caighdeán. 

Ag deireadh gach séasúir déantar scrúdú agus scagadh ar chur chuige na bhfoirne ar éirigh leo agus leagtar amach na pleananna dá réir chun na seaimpíní a chloí.

Mar sin, faoi cheann cúpla seachtain, gheobhaimid an chéad léargas ar conas mar atá ag an leagan den iománaíocht chraoibhe atá á himirt in 2017. 

Táim ag súil gur ag déanamh iontais a bheimid arís faoi scil, luas, neart, ealaín agus aclaíocht na n-iománaithe is fearr sa tír.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Ní íoctar imreoirí CLG ach is imreoirí proifisiúnta iad imreoirí na linne seo ar gach slí eile'