JOHN ALLEN: Gaiscígh na méarchlár – beidh rud éigin le rá i gcónaí acu

Cén fáth go mbíonn ar dhaoine áirithe rud éigin a rá faoi gach a mbíonn ag tarlú timpeall orthu féin agus sa saol mór?

JOHN ALLEN: Gaiscígh na méarchlár – beidh rud éigin le rá i gcónaí acu

Colm O’Rourke: Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ag tús 2016, idir thuilte is dhoineann de gach sórt, bhí an t-ádh orainn gur imríodh aon chluiche in aon chor. Bhí tamall freisin, agus lag trá ann sular thosaigh an tSraith Allianz, a mbíodh chuid maith sna meáin faoi chúrsaí peile agus pleananna nua á moladh ag Cumann Lúthchleas Gael.

Bhain Colm O’Rourke leas as na meáin chéanna chun tabhairt faoi Chumann na nImreoirí agus tháinig Shane Curran amach ag tacú leis.

Ansin thosaigh na cluichí ar an bpáirc agus éiríodh as na cluichí taobh amuigh den pháirc. 

Cúpla seachtain ó shin, thug Ger Loughnane ábhar cainte dúinn agus é ag moladh gur cheart do Brian Cody éirí as a phost mar bhainisteoir ar iománaithe Chill Chainnigh. Ach taobh amuigh de sin is beag údar conspóide a bhí sna meáin le déanaí faoi chúrsaí iomána seachas an scéala an tseachtain seo caite go gcoinneodh Sky Sports orthu ag craoladh cluichí ó chraobhacha iomána agus peile na hÉireann as seo go ceann cúig bliana tar éis do Chumann Lúthchleas Gael na cearta craolta teilifíse agus raidió a fhógairt.

De ghnáth bíonn nuacht faoi CLG gann an t-am seo bliana. Bhí tráth ann nuair a bhíos i mbun bainistíochta idirchontae go mbíodh m’fhón gnóthach go leor an t-am seo bliana agus tuairisceoirí ag lorg scéal éigin. An rud is mó a chuireadh isteach orm go dtógadh an t-eagarthóir píosa as pé rud a bhíodh á rá agam agus dhéanadh sé ceannteideal breá as nach mbíodh ag luí le comhthéacs mo chuid cainte in aon chor.

Má bhíonn eolas uait na laethanta seo, bíodh sin fíor nó bréagach, níl aon easpa de ar an idirlíon, agus na meáin shóisialta, leithéidí Twitter agus Facebook. Ní thuigim féin, in aon chor, cén fáth go bhfuil ar dhaoine insint don chibeardhomhan cad a bhí acu don bhricfeasta nó cad tá ag cur isteach ar an madra.

Tá a fhios agam gur maith le daoine fáil amach conas mar a mhaireann na réalta scannán agus ceoil agus tuigim é sin. Ach téann díom a thuiscint cén fáth go mbíonn ar dhaoine áirithe rud éigin a rá faoi gach a mbíonn ag tarlú timpeall orthu féin agus sa saol mór.

Tá sórt comhthuiscint idir daoine a bhíonn ag imirt spóirt go bhfanann aon rud a tharlaíonn sa seomra feistis istigh sa seomra feistis. Ach uaireanta, cuirtear sceitear eolas na seomraí sin ar Twitter. I mo thuairimse, cuireann sé sin isteach go mór ar an gcaidreamh idir lucht bainistíochta agus na himreoirí. Is measa fós na láithreacha idirlín ar a n-úsáidtear ainmneacha cleite. Tá láthair ghréasáin ag beagnach gach club CLG anois agus cuid acu ar fheabhas ar fad.

Ar ndóigh is acmhainn iontach é an t-idirlíon a fhágann go bhfuil eolas ar fáil dúinn go héasca.

Is iontach an rud é chomh maith go bhfuil muid ábalta na páipéir náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúla a léamh ar líne agus an chuid is mó díobh saor in aisce. Níl aon dabht ach go bhfuil buntáistí ollmhóra ag baint leis an teicneolaíocht seo a bhíonn ag athrú go síoraí seasta agus ní fios cá stopfaidh sé.

Ach is uirlis é an t-idirlíon nach mór é a rialú go docht ar mhaithe leis an gceart.

Coicís chiúin go leor atá romhainn amach anois agus ansin beidh na cluichí ag tosú arís agus gaiscígh na méarchlár i mbun oibre go gasta agus na scéalta, olc is maith, fíor is bréagach, áibhéalach nó a mhalairt, á scaipeadh go tiubh tréan arís.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Gaiscígh na méarchlár – beidh rud éigin le rá i gcónaí acu'