Joe Canning, mórlaoch na Gaillimhe, ag éirí as an imirt idirchontae

Lá brónach do mhuintir na Gaillimhe é agus é fógartha ag duine de na hiománaithe is fearr riamh go bhfuil sé ag éirí as a bheith ag imirt leis an gcontae

Joe Canning, mórlaoch na Gaillimhe, ag éirí as an imirt idirchontae

Tá Joe Canning na Gaillimhe, atá áirithe ar dhuine de na hiománaithe is fearr riamh, éirithe as an imirt idirchontae.

D’fhógair Canning, atá 32 bliain d’aois, an scéal tráthnóna, ceithre lá ó tháinig deireadh le feachtas na Gaillimhe i gCraobh na hÉireann 2021.

D’fhág na naoi bpointe a scóráil fear Phort Omna nuair a chaill Gaillimh in aghaidh Phort Láirge Dé Sathairn seo caite gurb é is mó a fuair scóranna riamh sa Chraobh. 27- 485 ar fad a d’aimsigh Canning, pointe amháin níos mó ná mar a scóráil Henry Shefflin, ach ní chuirfidh Canning leis an ngaisce scórála sin agus cinneadh déanta aige nach gcuirfidh sé air geansaí na Gaillimhe arís.

Agus é ag labhairt leis na meáin inniu, rinne Canning tagairt do na gortuithe a bhí ag cur as dó le roinnt blianta anuas.

Joe Canning, 2018. Pictiúr: INPHO/James Crombie

“Bhí rudaí beaga ag cur as dom ar feadh na bliana,” a dúirt Canning. “Bhí sé sa cheann agam ar feadh na bliana gurb í seo an bhliain dheireanach a bheadh agam.

“Níor cheap mé go dtiocfadh deireadh le rudaí Dé Sathairn seo caite ach sin mar a thit rudaí amach,” a dúirt Canning.

Bhí cáil mhór ar Canning agus é ina imreoir óg agus thosaigh sé ag imirt le foireann shinsir na Gaillimhe in 2008. Bhuaigh Canning gradam All-Star agus roghnaíodh é mar Iománaí Óg na Bliana an bhliain chéanna agus ba é mórlaoch na Gaillimhe ó shin é.

Bhí Canning ina chuid d’fhoirne na Gaillimhe a chaill cluichí ceannais na hÉireann in 2012 agus in 2015 in aghaidh Chill Chainnigh. Bhí sé ina imní go mbeadh sé áirithe ar an iománaí is fearr nár bhuaigh craobh na hÉireann, ach d’éirigh leis Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan faoi dheireadh in 2017 nuair a fuair Gaillimh an ceann is fearr ar Phort Láirge sa chluiche ceannais.

Áirítear an pointe a scóráil Canning sa nóiméad deireanach chun an chluiche leathcheannais in aghaidh Thiobraid Árann a bhuachan an bhliain sin i measc na scóranna is fearr atá faighte aige riamh.

Ba é Canning a roghnaíodh mar Iománaí na Bliana in 2017 agus cúig ghradam All-Star ar fad a bhuaigh sé – 2008, 2009, 2012, 2017 agus 2018.

Dúirt Canning go bhfuil sé i gceist aige leanúint ar aghaidh ag imirt le Port Omna. Bhuaigh sé ceithre cinn de Chraobhacha Uile-Éireann lena chumann idir 2006-2014.

Joe Canning ag imirt in aghaidh Chorcaí sa tsraith in 2008, a chéad chluiche d’fhoireann shinsir na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Fág freagra ar 'Joe Canning, mórlaoch na Gaillimhe, ag éirí as an imirt idirchontae'

  • Seán Mag Leannáin

    Níl dabht ar bith go raibh Joe Canning ar dhuine de na hiománaithe is fearr riamh. Bhí sé ar chomhchéim le Christy Ring agus Henry Shefflin – fathaigh agus ealaíontóirí na hiománaíochta an triúr acu. Aireoidh muid uainn é i ngeansaí na Gaillimhe.