James ‘Whitey’ Bulger, an coirpeach aitheanta Gael-Mheiriceánach as Boston, dúnmharaithe

De réir tuairiscí bhásaigh Bulger i ndiaidh a aistriú ó phríosún in Florida go dtí príosún feidearálach Hazelton in West Virginia

James ‘Whitey’ Bulger, an coirpeach aitheanta Gael-Mheiriceánach as Boston, dúnmharaithe

Tuairiscítear gur maraíodh James ‘Whitey’ Bulger, an coirpeach aitheanta agus sceithire de chuid an FBI, i bpríosún in West Virginia i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

De réir tuairiscí bhásaigh Bulger, ar de bhunadh na hÉireann é, i ndiaidh a aistriú ó phríosún in Florida go dtí príosún feidearálach Hazelton in West Virginia.

Níl aon deimhniú fós ar cén trúig bháis a bhí i gceist, ach tuairiscítear gur dúnmharú a bhí ann. Bhí sé 89 bliain agus tréimhse príosúin saoil á cur isteach aige.

Ciontaíodh Bulger in 2013 as 11 dúnmharú. Gabhadh é in California in 2011 tar éis dó 11 bliain a chaitheamh ar  a theitheadh agus é ar dhuine de liosta na ndaoine ba mhó a raibh tóir ag an FBI orthu. 

Bhí ráflaí ann gur chaith Bulger tréimhse i gConamara le linn dó a bheith ar a theitheadh ach níor cruthaíodh an méid sin riamh.

Rinneadh roinnt scannán faoin iarcheannaire ar an ngrúpa coirpeach i ndeisceart Bhostúin, ina measc an scannán The Departed a bhuaigh Oscar an scannán is fearr in 2006.

Dúirt Henry Brennan, abhcóide Bulger, le NBC nárbh fhéidir leis bás Bulger a dheimhniú.

Bhíodh eolas maith ag muintir Chonamara i mBostún ar theaghlach Bhulger agus bhí baint ag a dheartháir leis an taobh sin tíre, mar gurbh as Carna muintir a mná, Mary Foley.

Le saol eile ar fad a chuaigh William Bulger, a bhí ina Uachtarán ar an Seanad i Massachusetts agus ina Uachtarán ar an University of Massachusetts.

 

Céimí onórach d’Ollscoil na hÉireann i nGaillimh é William Bulger freisin agus bíonn sé féin agus a chlann i gConamara go rialta.

Tá aithne mhaith ar William Bulger go háirithe in iarthar Chonamara. Is í Mary Foley (Folan) a bhean agus ba as Carna a hathair agus a máthair.

In 2015, i litir a scríobh sé chuig daltaí scoile a rinne teagmháil leis, mhaígh ‘Whitey’ Bulger gur chuir sé a shaol amú agus gur tharraing sé náire agus fulaingt ar a thuismitheoirí agus ar a theaghlach. “Is gearr anois go dtiocfaidh deireadh le mo shaol – saol a chaith mé ar bhealach amaideach,’” a scríobh Whitey.

“Ná cuirigí bhur gcuid ama amú ar mo leithéidse – is muide an dream is suaraí sa saol agus b’fhearr muid a ligean i ndearmad. Ní fiú a bheith ag iarraidh tuairimí uainn,” a scríobh Bulger.

Dúirt ‘Whitey’ leis na cailíní gur thréig sé a chuid scolaíochta agus go ndeachaigh sé ar an gcosán mícheart ina óige. Ba mhór idir é, a deir sé, agus a dheartháir William a d’oibrigh go crua agus a tháinig i gceannas ar an Seanad i Massachusetts. Bhí naonúr clainne ag William, a deir ‘Whitey’ agus bhaineadar uilig céimeanna Ollscoile amach agus tá ceathrar acu ina ndlíodóirí, a deir sé.

Dúirt ‘Whitey’ go raibh finscéal déanta ag na meáin chumarsáide de féin ar mhaithe le hairgead a shaothrú.

Níor ghlac daoine a bhí thíos le coireanna ‘Whitey’ Bulger gur aiféala a bhí air. “Níl sé ach ag caint ar a shaol féin agus ar a theaghlach. Níl sé ag tagairt dóibh siúd a mharaigh sé agus a ghortaigh sé ar bhealaí go leor,” a dúirt Patricia Donahue, ar ciontaíodh ‘Whitey’ Bulger as dúnmharú a fir, Michael, i 1982.

Fág freagra ar 'James ‘Whitey’ Bulger, an coirpeach aitheanta Gael-Mheiriceánach as Boston, dúnmharaithe'